Pleanáil agus Tógáil Services

An Timpeallacht Nádúrtha

Tá Bóthar na Trá suite ar imeall Chuan na Gaillimhe agus an Aigéin Atlantaigh ar lárphointe Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is suíomh uathúil é cladach Bhóthar na Trá ó thaobh tírdhreacha de a bhfuil promanáid iontach, spásanna áineasa agus bithéagsúlachta agus tránna a bhfuil brat gorm acu ar fáil ann. Bíonn an-tóir ag cónaitheoirí áitiúla agus ag cuairteoirí orthu seo.

Athrú Úsáide - Tráchtála go Cónaithe

Soláthraíonn na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Uimh. 2) 2018 díolúine ar feadh tréimhse ama d’athrú úsáide agus d’oibreacha gaolmhara áitribh tráchtála folamh chun críocha cónaithe.

Cáin ar Thalamh Criosaithe Chónaithe

TTugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl agus beidh an cháin dlite ó mhí Feabhra 2025 agus iníoctha ón 23 Bealtaine 2025.
Tá sé mar aidhm ag an gcáin talamh atá seirbhísithe agus criosaithe a ghníomhachtú le haghaidh úsáid chónaithe nó úsáid mheasctha. Déantar é sin chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus chun talamh uirbeach atá folamh, díomhaoin a athbheochan. Sainaithníodh na suíomhanna sin laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuíomhanna cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le tithíocht a sheachadadh.

Carachtar áitiúil agus dearadh

Suite idir an tAigéan Atlantach fiáin agus Cathair na Gaillimhe, tá meascán de gach rud le fáil i mBóthar na Trá; idir shiopaí beaga neamhspleácha agus ghníomhaíochtaí turasóireachta, mar aon le radhairc iontacha amach ar Chuan na Gaillimhe, ar Chnoic an Chláir agus ar Oileáin Árann ag bun na spéire trasna na farraige fiáine.

Cathair Bheo

Díríonn tionscnamh na Cathrach Beo ar athnuachan na gceantar miondíola agus tráchtála agus ar dhaoine a spreagadh le cónaí i gcroílár stairiúil Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Luimnigh agus Phort Láirge.

Comhairliúchán Réamhphleanála

Féadfaidh údaráis áitiúla cruinnithe nó comhairliúcháin réamhphleanála a reáchtáil más mian leat faisnéis agus comhairle a fháil faoin bpróiseas pleanála sula ndéanann tú iarratas.

Creat Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá

Is ceantar bríomhar cois farraige é Bóthar na Trá a bhfuil cáil air mar gheall ar an bpromanáid fhada, na háiseanna áineasa éagsúla sa cheantar agus spiorad láidir an phobail áitiúil. De bharr go bhfuil Cathair na Gaillimhe ag fás agus ag méadú i gcónaí, deis thráthúil a bheidh sa tionscadal seo chun fís shainiúil, fhadtéarmach a mhúnlú do Bhóthar na Trá.

Treoireoidh Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá forbairt an cheantair amach anseo. Trí phróiseas comhairliúcháin agus rannpháirtíochta poiblí a mhairfidh ar feadh tréimhse bliana, tá sé mar aidhm againn aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear feabhas a chur ar spásanna agus áiseanna poiblí, inrochtaineacht níos fearr a sholáthar agus a bheith ag tacú le hinbhuanaitheacht agus le gníomhú ar son na haeráide.

Féachtar leis an bplean le féiniúlacht agus carachtar uathúil Bhóthar na Trá a fheabhsú. Tá sé mar aidhm ag an bPlean fís a bhunú a thacóidh le hathléimneacht agus le rathúnas, ina n-aithneofar deiseanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide agus le híogaireacht comhshaoil. Cuirfimid cónaitheoirí agus gnólachtaí áitiúla ag croílár an phróisis, sa chaoi is go gcruthófar todhchaí inbhuanaithe agus ionchuimsitheach do Bhóthar na Trá faoin gcreat.

Cuimsítear sa limistéar staidéir an Sráidbhaile, Ionad Leisureland, na páirceanna in aice láimhe agus an Cladach ó Thrá Grattan go Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe

Cúrsaí inbhuanaitheachta

Tá an ceantar ina chuid de thimpeallacht thábhachtach, leochaileach cois cósta. Tá athléimneacht aeráide ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí agus is amhlaidh a bheidh an scéal amach anseo.

Eolas faoin tionscadal

Is tionscadal é Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú agus chun smaointe a aithint agus a chur le chéile maidir le sráidbhaile agus cladach Bhóthar na Trá a fheabhsú.

Forbairt Chónaitheach ar Mhórscála (FCM)

‘Large-scale Residential Development’ or LRD applications are applications made to local authority for the development of 100 or more houses, the development of student accommodation that includes 200 or more bed spaces, both the development of 100 or more houses and of student accommodation, or both the development of student accommodation that includes 200 or more bed spaces and of houses.

Forbairt Neamhúdaraithe

Aon fhorbairt a dteastaíonn cead pleanála ina leith agus nach bhfuil an cead sin aici, nó atá ag dul ar aghaidh ach ag sárú na gcoinníollacha sonracha a leagtar amach ina cead pleanála, rangaítear í sin mar ‘fhorbairt neamhúdaraithe’.

Galway City Development Plan 2023-2029

The Galway City Development Plan 2023-2029 sets out the policies and objectives for the development of the City over the plan period. The plan has been prepared in accordance with the steps set out in the Planning and Development Acts.

Glac Páirt

In éineacht leis na dearthóirí agus ailtirí uirbeacha, Allies and Morrison, beimid ag reáchtáil sraith imeachtaí i rith 2025 chun deiseanna a chur ar fáil do mhuintir na háite páirt a ghlacadh, agus cabhrú linn fís a mhúnlú agus tosaíochtaí a aithint do Shráidbhaile agus do Chladach Bhóthar na Trá.

Eagróimid an chéad bhabhta d’imeachtaí rannpháirtíochta agus de cheardlanna comhoibríocha i mí Feabhra 2025. Seo blaiseadh den mhéid a bheidh ag tarlú:

Gnólachtaí áitiúla

Tá breis is 60 gnólacht i mBóthar na Trá, idir ghnólachtaí neamhspleácha agus ghnólachtaí atá ag fás, ina measc gnólachtaí san earnáil bia agus dí, óstáin, TF agus fóillíocht. Tá borradh fúthu seo le blianta fada anuas.

Ligin Ghearrthéarmaigh

Mar chuid de bhearta a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar bhrúnna sa mhargadh cíosa tithíochta príobháidí, tá athchóirithe reachtacha nua pleanála atá ceaptha chun an earnáil ligin ghearrthéarmaigh a rialáil le teacht in éifeacht an 1 Iúil 2019. Foráiltear do na hathchóirithe sin san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019, agus i rialacháin fhorlíontacha dar teideal 'Na Rialacháin fán Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 2), 2019' ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Liostaí Phleanála

Iarratais phleanála faighte, diúltaithe, iarratais ar fhaisnéis bhreise agus eile.

Muintir na háite

D'fhonn fís agus creatphlean rathúil a chruthú don todhchaí, tá sé riachtanach tuiscint a fháil ar riachtanais, ar spriocanna agus ar mhianta mhuintir na háite. Is gníomh fiúntach é a bheith ag breathnú chun cinn – má smaoineoimid ar an gcéad ghlúin eile, agus ar na glúnta a thiocfaidh ina ndiaidh siúd, cuideoidh sé linn léargas fadtéarmach a fháil ar an gcaoi a dtiocfaidh Bóthar na Trá chun cinn.

Is deis thráthúil é creatphlean a ullmhú do Shráidbhaile agus do Chladach Bhóthar na Trá ar mhaithe le fís fhadtéarmach a mhúnlú lena gcuimseofar tosaíochtaí níos leithne, agus lena ndéanfar deiseanna do Bhóthar na Trá a uasmhéadú mar chuid de chomhthéacs dinimiciúil na Gaillimhe.

Pleananna Ceantair Áitiúil

Is cáipéis dhlíthiúil é Plean Ceantair Áitiúil agus ráiteas poiblí ina dtugtar beartais pleanála níos mionsonraithe, seachas an Plean Forbartha Cathrach, le haghaidh ceantar sa chathair a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh forbairt agus athrú mór orthu amach anseo.

Próiseas an Iarratais Pleanála

Chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ní mór duit foirm iarratais ar chead pleanála a chomhlánú agus í a chur isteach, in éineacht leis na cáipéisí riachtanacha agus leis an táille iomchuí, chuig an rannóg pleanála den údarás pleanála lena mbaineann d’iarratas.

Rialú Foirgníochta

Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe Údarás Rialaithe Foirgníochta Chathair na Gaillimhe. Níor cheart Rialú Foirgníochta a mheascadh le Rialú Pleanála ina bhforfheidhmítear Coinníollacha Pleanála le haghaidh Forbartha.

Sláinte agus Folláine

Agus é suite feadh Chuan na Gaillimhe, tá Bóthar na Trá tagtha chun cinn mar mhol don tsláinte agus don fholláine.

Straitéis Spásanna Poiblí

Ba iad Allies and Morrison Urban Practitioners, Dermot Foley Landscape Architects agus TOBIN Engineering a chuir Straitéis Ríochta Poiblí na Gaillimhe i dtoll a chéile i gcomhar le foireann na Comhairle ar an straitéis stiúrtha, straitéis a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Úsáidí an tsráidbhaile, Turasóireacht agus Spásanna poiblí

Rinneadh ceann scríbe de Shráidbhaile agus de Chladach Bhóthar na Trá do chónaitheoirí cathrach, do thurasóirí lae agus do lucht saoire i lár an 19ú haois nuair a tógadh an phromanáid; tráth ar thosaigh muintir na háite agus cuairteoirí araon ag dul ann chun taitneamh a bhaint as an gcladach agus as an aer úr. Sna blianta ina dhiaidh sin, rinneadh limistéar snámha tábhachtach den áit nuair a tógadh an túr tumadóireachta, na linnte taoide (nach bhfuil in úsáid a thuilleadh) agus scáthláin trá. Ó na 1950idí ar aghaidh, tháinig forbairt ar an gceantar le tógáil tithíochta, óstán agus saoráidí do thurasóirí.

Bainistiú Forbartha

Eastáit Tithíochta a Thógáil i Gcúram

Próiseas dlíthiúil foirmiúil is ea glacadh ar láimh trína ndéantar an fhreagracht as limistéir phoiblí, struchtúir agus seirbhísí áirithe i bhforbairt cónaithe nó eastát príobháideach a aistriú chuig údarás áitiúil nó a chur faoina gcúram.