Bíonn baol tuilte cósta i mBóthar na Trá mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide agus tá ardú tuartha do leibhéal na farraige, do mhinicíocht bhorrthaí stoirme agus do scaileogú. Tá roinnt bealaí ann ina bhféadfadh le Bóthar na Trá a bheith níos athléimní i gcoinne an athraithe aeráide. Áirítear leis seo bealaí chun cabhrú le draenáil, le go bhféadfaí bóithre agus spásanna poiblí a ullmhú ar bhealach ní b'fhearr chun déileáil le báisteach níos troime, le hadhaimsir agus le scaileogú. D'fhéadfadh plandaí agus crainn áirithe agus réitigh dhúlrabhunaithe eile buntáistí breise a sholáthar chomh maith; scáth ón ngrian agus báisteach a ionsú, mar shampla..