Leagtar amach sa ráiteas na modhanna ina láimhseálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe sonraí pearsanta agus a bhfuil de cheart agat faoin dlí maidir le cosaint sonraí, chomh maith le béim a leagan ar an tábhacht atá le do chuid faisnéise a choinneáil cruinn agus cothrom le haimsir.
Ar an leathanach seo:
- 1. Réamhrá
- 2. Eolas tábhachtach faoi Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Ráiteas Príobháideachta seo
- 3. Naisc Tríú Páirtí
- 4. Rialaitheoirí/Próiseálaithe Sonraí
- 5. Na Sonraí Pearsanta a Bhailítear Uait
- 6. Modhanna ina mbailíonn CCG do chuid sonraí pearsanta
- 7. An úsáid a bhaineann CCG as do chuid sonraí pearsanta
- 8. Athrú Cuspóra
- 9. An seolfar do chuid sonraí pearsanta chuig aon dream eile?
- 10. Do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán
- 11. Sonraí pearsanta a sheoladh thar lear
- 12. An tréimhse ama a choinnítear do chuid sonraí pearsanta
- 13. A bhfuil de cheart agat maidir le cosaint sonraí
- 14. Iarratas maidir le ceart de do chuid a fheidhmiú
Féach freisin
- An Polasaí maidir le Fianáin
1. Réamhrá
Tuigfear ón ráiteas príobháideachta seo an aire a thugann an Chomhairle do do chuid sonraí pearsanta. Tugtar eolas freisin faoina bhfuil de dhualgas ort agus de cheart agat faoin dlí maidir le cosaint sonraí.
Tugtar chun aire, le do thoil, gur ráiteas ginearálta de cuid na comhairle an ráiteas príobháideachta (arna leasú 03/10/2024) faoi chur chuige na heagraíochta i ndáil le sonraí a chosaint. Tagann sé faoi réir a athraithe ó thráth go chéile agus foilseofar gach athrú ar láithreán gréasáin na comhairle. Tá naisc le polasaithe príobháideachta faoi leith agus le reachtaíocht de chuid na hÉireann agus na hEorpa ar fáil i gcuid 15 den cháipéis seo.
Is tábhachtach an rud na sonraí pearsanta i ndáil leat atá ar coimeád ag an gComhairle a bheith cruinn agus cothrom le haimsir. Bheifí buíoch díot ach sinn a choinneáil ar an eolas faoi aon athrú ar do chuid sonraí pearsanta ar feadh théarma an chomhchaidrimh eadrainn.
Déan, le do thoil, an ráiteas príobháideachta a scrúdú go staidéarach sula dtoilíonn tú le próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta ag an gComhairle.
2. Eolas tábhachtach faoi Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Ráiteas Príobháideachta seo
Tá oifigeach cosanta sonraí (OCS) ag an gcomhairle. Seo a leanas na sonraí comhfhreagrais ina leith:
Guthán: (091) 536400
Ríomhphost: dpo@galwaycity.ie
Sa Phost:
An tOifigeach Cosanta Sonraí,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
H91 X4K8
Polasaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Sonraí.
3. Naisc Tríú Páirtí
D’fhéadfadh nasc a bheith ó láithreán gréasáin na Comhairle le láithreán gréasáin, breiseáin nó feidhmchláir tríú páirtí. D’fhéadfadh cliceáil ar nasc den sórt sin nó ligean do cheangal den sórt sin go mbeadh tríú páirtí in ann sonraí i ndáil leat a bhailiú nó a scaipeadh. Níl na láithreáin gréasáin tríú páirtí sin faoi smacht na Comhairle agus ní hí an Chomhairle atá freagrach as ráiteas príobháideachta ina leith. Sa chás go mbaineann tú úsáid as nasc tríú páirtí acu sin, moltar duit an ráiteas príobháideachta ar an láithreán gréasáin a léamh go cúramach.
Rialaitheoirí/Próiseálaithe Sonraí
Chun críche Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 679/2016 an AE) (an "RGCS"), is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe feidhmiú i gcáil phróiseálaí sonraí agus/nó i gcáil rialálaí sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta a luaitear sa ráiteas príobháideachta seo.
“Rialaitheoirí Sonraí” a shocraíonn na cuspóirí le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta agus na modhanna ina ndéantar an phróiseáil, na daoine/dreamanna a dhéanann cinneadh go neamhspleách i ndáil le sonraí pearsanta agus/nó na daoine/dreamanna a rialaíonn sonraí pearsanta ar bhealach ar bith eile.
4. Rialaitheoirí/Próiseálaithe Sonraí
Chun críche Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 679/2016 an AE) (an "RGCS"), is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe feidhmiú i gcáil phróiseálaí sonraí agus/nó i gcáil rialálaí sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta a luaitear sa ráiteas príobháideachta seo nó i ráiteas príobháideachta thíos maidir le rannóg faoi leith.
“Rialaitheoirí Sonraí” a shocraíonn na cuspóirí le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta agus na modhanna ina ndéantar an phróiseáil, na daoine/dreamanna a dhéanann cinneadh go neamhspleách i ndáil le sonraí pearsanta agus/nó na daoine/dreamanna a rialaíonn sonraí pearsanta ar bhealach ar bith eile.
“Próiseálaithe Sonraí” a dhéanann próiseáil ar shonraí pearsanta thar ceann rialaitheoir na sonraí.
5. Na Sonraí Pearsanta a Bhailítear Uait
- “Sonraí pearsanta” Ciallaíonn sonraí pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta. D’fhéadfadh gur fíric (mar shampla, ainm, seoladh nó dáta breithe) a bheadh i gceist le sonraí pearsanta, nó d’fhéadfadh gur tuairim maidir le duine, le gníomhartha agus/nó iompar an duine. Ní thugtar sonraí atá i ndíth ainm san áireamh le sonraí pearsanta.
- “Catagóirí Speisialta Sonraí” D’fhéadfadh go mbaileofaí sonraí pearsanta de chatagóirí speisialta i do leith (lena n-áireofaí mioneolas maidir le cine nó eitneacht, creideamh reiligiúin nó fealsúnachta, saol gnéis, gnéaschlaonadh, tuairimí polaitíochta, ballraíocht ceardchumainn, faisnéis sláinte agus sonraí géiniteacha agus bithmhéadracha) agus in aon chás ina dtarlaíonn sin, cuirfear in iúl duit é, agus cuirfear bearta cosanta ar chaighdeán níos airde i bhfeidhm.
Seo samplaí de shonraí pearsanta a d’fhéadfaí a bhailiú, a úsáid, a stóráil agus a aistriú agus iad grúpáilte le chéile mar seo a leanas:
- Sonraí Aitheantais lena n-áirítear, mar shampla, ainm, sloinne réamhphósta, sloinne, ainm úsáideora nó lipéad aitheantais den sórt sin, stádas pósta, teideal, dáta breithe agus inscne.
- Sonraí Comhfhreagrais lena n-áirítear, mar shampla, seoladh billeála, seoladh seachadta, seoladh ríomhphoist agus uimhreacha teileafóin.
- Sonraí Airgeadais lena n-áirítear, mar shampla, sonraí faoi chuntas bainc agus faoi chárta íocaíochta.
- Sonraí Idirbheartaíochta lena n-áirítear, mar shampla, sonraí faoi íocaíochtaí leat agus uait agus sonraí eile faoi tháirgí agus seirbhísí a cheannaigh tú uainn.
- Sonraí Teicniúla lena n-áirítear, mar shampla, seoladh prótacal idirlín (IP), sonraí logála isteach, cineál agus leagan an bhrabhsálaí, socruithe maidir le crios ama agus suíomh, cineálacha agus leaganacha na mbreiseán brabhsálaithe, córas oibriúcháin agus ardán agus gnéithe eile teicneolaíochta ar an ngaireas a úsáidtear le ceangal leis an láithreán gréasáin seo.
- Sonraí Próifíle lena n-áirítear, mar shampla, ainm úsáideora agus pasfhocal, bearta ceannacháin agus ordaithe de do chuid, réimsí spéise, réamhshocruithe, aiseolas agus freagraí ar shuirbhéanna.
- Sonraí Úsáide lena n-áirítear, mar shampla, faisnéis faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, as táirgí agus seirbhísí dár gcuid.
- Sonraí Margaíochta agus Cumarsáide lena n-áirítear, mar shampla, do chuid réamhshocruithe maidir le glacadh le hábhar margaíochta uainne agus ó thríú páirtí agus do chuid réamhshocruithe comhfhreagrais.
- Sonraí Staidrimh nó Déimeagrafaíochta; D’fhéadfadh sonraí comhthiomsaithe, mar shampla sonraí staidrimh nó déimeagrafaíochta, á mbailiú, á n-úsáid agus á scaipeadh ar chúiseanna éagsúla. D’fhéadfadh gur ó shonraí pearsanta a chruthófaí sonraí comhthiomsaithe ach ní mheastar faoin dlí gur sonraí pearsanta sonraí den chineál sin ó tharla nach gcuirtear in iúl, go díreach ná go hindíreach, d’aitheantas leis na sonraí sin. Mar shampla, d’fhéadfadh go ndéanfaí comhthiomsú ar shonraí úsáide d’fhonn céatadán na n-úsáideoirí a thapaíonn gné faoi leith den láithreán gréasáin a ríomh. Os a choinne sin, sa chás go ndéantar sonraí comhthiomsaithe a chumasc nó a cheangal le do chuid sonraí pearsanta sa chaoi is gur féidir tusa a aithint leo, go díreach nó go hindíreach, pléitear mar shonraí pearsanta sa chás sin leis na sonraí cumasctha agus is de réir an pholasaí príobháideachta seo a bhainfear úsáid astu.
Seo a leanas samplaí de chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a dtarlódh iad á mbailiú agus á bpróiseáil againn
- Sonraí Sláinte
- Cine nó bunadh eitneach
- Saol gnéis nó le gnéaschlaonadh
- Ballraíocht i gceardchumann.
6. Modhanna ina mbailíonn CCG do chuid sonraí pearsanta
Tugtar liosta thíos de shamplaí de na bealaí ina mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann leat:
- Idirghabháil go díreach. D’fhéadfadh go dtabharfá sonraí aitheantais, sonraí comhfhreagrais agus sonraí airgeadais, sonraí leighis agus sonraí pearsanta eile do CCG trí fhoirmeacha a líonadh isteach nó trí chomhfhreagras linn ar an bpost, ar an fón, ar an ríomhphost, ar an idirlíon, le linn idirbheartaíochta le baill foirne nó eile.
- Láithreáin gréasáin: Baineann láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (www.GalwayCity.ie) úsáid as fianáin áirithe. Eolas faoin láithreán gréasáin agus an polasaí maidir le fianáin.
- CCTV: Tá CCTV agus córais eile faireachais feistithe in oifigí, áitribh, iostaí, trealamh agus in ionaid eile atá faoi úinéireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe nó in áiteanna poiblí, mar shampla sráideanna, chomh maithe le córais CCTV pobail. Eolas faoi pholasaithe CCTV na Comhairle.
- Foinsí tríú páirtí nó foinsí poiblí. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a theacht chugainn ón tríú páirtí nó ó fhoinsí poiblí.
- Sonraí Comhfhreagrais, Airgeadais agus Idirbheartaíochta ó sholáthraithe seirbhísí teicniúla, íocaíochta agus seachadta atá lonnaithe [taobh istigh NÓ taobh amuigh] den AE.
- Sonraí aitheantais agus comhfhreagrais ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, mar shampla an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, atá lonnaithe san AE.
7. An úsáid a bhaineann CCG as do chuid sonraí pearsantaa
Braitheann an bunús dlí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta ar an gcreat reachtaíochta atá i bhfeidhm agus ar an gcuspóir atá leis an bpróiseáil a dhéanamh. Ní dhéanfar próiseáil ar shonraí pearsanta de do chuid ach amháin nuair atá bunús dlisteanach dlí leis sin a dhéanamh faoin RGCS nó faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, mar seo a leanas:
- tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí nó chun bearta a dhéanamh arna n-iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé conradh.
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh.
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint.
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
Braitheann an bunús dlí le próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta ar an gcuspóir atá leis an bpróiseáil a dhéanamh agus beidh sin bunaithe ar fhoras acu sin idir (a) agus (e) a leagtar amach thuas (airteagal 6(1)) agus foras acu sin a leagtar amach faoi airteagal 9(2) an RGCS. Leagtar amach forais faoi Airteagal 9(2) thíos.
- thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil
- déanann fondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile an phróiseáil agus é nó í i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha le coimircí iomchuí, ar fondúireacht, comhlachas nó comhlacht é nó í lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí
- baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí
- is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a mbíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach
- is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1).
Maidir le sonraí pearsanta de chatagóirí speisialta, lorgófar toiliú uait le breis próiseála ar na sonraí nó lena n-aistriú chuig tríú páirtí.
An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (’TFD’)
Baineann an TFD le próiseáil ar shonraí pearsanta chun críche fhorfheidhmiú an dlí ag rialaitheoirí sonraí a thagann faoi scáth an mhíniú atá ar ‘údarás inniúil’ chun críche an TFD, arna thrasuí i ndlí na hÉireann le Cuid 5 an Achta um Chosaint Sonraí 2018, arna leasú. Is ‘údarás inniúil’ Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun críche Chuid 5 d’Acht na bliana 2018 maidir le bearta áirithe próiseála a dhéanann an Chomhairle. Is féidir ina leith sin sonraí a phróiseáil “chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin, nó (ii) nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú.”
8. Athrú Cuspóra
Ní bhainfear úsáid as do chuid sonraí pearsanta d’aon chuspóir eile seachas an chuspóir a bhí lena mbailiú. Ceadaítear dúinn iad a úsáid do chuspóir seachas sin sa chás go measann an Chomhairle le réasún go bhfuil an dara cuspóir sin ag teacht leis an gcéad chuspóir. Má bhíonn rún sonraí pearsanta de do chuid a úsáid maidir le cuspóir nach mbaineann leis an gcéad chuspóir, cuirfear ar an eolas ar dtús thú agus iarrfar toiliú uait le próiseáil breise den sórt sin nó cuirfear in iúl duit an bunús dlisteanach faoin dlí atá againn le próiseáil ar do chuid sonraí don dara cuspóir. Tharlódh i gcásanna áirithe go mbeadh orainn próiseáil breise a dhéanamh ar do chuid sonraí pearsanta gan sin a chur in iúl duit, ag teacht le dlí an AE nó le dlí na hÉireann.
9. An seolfar do chuid sonraí pearsanta chuig aon dream eile?
D’fhéadfadh go gcuirfí do chuid sonraí pearsanta chuig an tríú páirtí i ndáil lenár gcuid próiseála ar do chuid sonraí pearsanta. Éilítear ar phróiseálaithe tríú páirtí comhaontú maidir le comhroinnt agus/nó próiseáil sonraí a cheangal linn atá i gcomhréir lena bhfuil de dhualgas orainn faoin RGCS. Ceanglaítear ar an tríú páirtí faoi chomhaontú den sórt sin córais slándála oiriúnacha a bheith i bhfeidhm acu agus do chuid sonraí pearsanta a úsáid de réir mar a threoraíonn an Chomhairle dóibh amháin agus i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí.
Sa chás go scaiptear do chuid sonraí pearsanta ar chomhlachtaí eile earnála poiblí, ceanglaítear orainn cloí leis an Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019. Sa chás go mbeadh sonraí le comhroinnt le comhlachtaí eile earnála poiblí, ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe comhaontú maidir le comhroinnt sonraí a bheith aontaithe agus a bhfuil sa chomhaontú sin ag teacht le forálacha Acht na bliana 2019.
10. Do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán
Déantar bearta cuí slándála i gcoinne phróiseáil mídhleathach nó neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus d’fhonn caillteanas de thimpiste nó damáiste de thimpiste maidir le sonraí pearsanta a sheachaint. Cúngaítear líon na ndaoine a mbíonn teacht acu ar shonraí pearsanta ionas gurb iad na fostaithe, gníomhairí nó páirtithe eile sin amháin ar gá teacht a bheith acu ar na sonraí a mbíonn an teacht sin acu orthu agus aontaithe acu ar fad go bhfuil dualgas rúndachta orthu.
Tá gnáis oibre agus córais teicneolaíochta curtha ar bun d’fhonn slándáil na sonraí pearsanta ar fad a chinntiú ó tharlaíonn a mbailiú go dtí go dtarlaíonn a scrios. Tá gnáis oibre curtha ar bun chun déileáil le cásanna sáraithe atá tarlaithe nó a mheastar a bheith tarlaithe, lena dtugtar san áireamh an dualgas ar an gComhairle an t-údarás maoirseachta agus/nó an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair atá ceangailte faoin dlí sin a dhéanamh.
11. Sonraí pearsanta a sheoladh thar lear
Ní aistríonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe sonraí taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Dá ainneoin sin, sa chás go ndéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, tráth is faide anonn, do chuid sonraí pearsanta a aistriú taobh amuigh den LEE chun críche na seirbhísí a chuirtear ar fáil duit, cinnteofar i ngach cás go mbíonn na bearta slándála cuí ar bun d’fhonn do chuid sonraí pearsanta a chosaint, mar shampla:
- Comhaontuithe maidir le próiseáil/comhroinnt sonraí a cheangal le clásail chaighdeánacha conartha (CCC) iontu. An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS) a thug na clásail CCC chun cinn agus ní mór aon chlásal a úsáidtear maidir le sonraí pearsanta a aistriú a bheith i gcomhréir leis na clásail arna ndréachtadh ag an BECS.
- Ní féidir sonraí pearsanta de do chuid a aistriú mura ndeimhníonn an tríú páirtí go ndéantar i gcomhréir leis an RGCS.
- Tá cinneadh eisithe ag an gCoimisiún Eorpach arna dheimhniú go gcinntítear leibhéal dóthaineach cosanta maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí sa tír chuig a n-aistrítear sonraí pearsanta.
- Tá bearta slándála cuí ar bun, mar shampla rialacha ceangailteacha corparáideacha (RCC), clásail chaighdeánacha conartha arna n-aontú ag an gCoimisiún Eorpach, cód iompair aontaithe nó modh deimhniúcháin, a bhfuil cóip de ar fáil ón OCS.
- Fógraíonn an Coimisiún Eorpach agus na Stáit Aontaithe go bhfuil Creat Trasatlantach nua maidir le Príobháideacht Sonraí aontaithe i bprionsabal eatarthu trína ndírítear ar an ábhar buartha a luaitear i gcinneadh Schrems II Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Iúil 2020). Beidh an t-aontú i bprionsabal á aistriú anois go mbíonn cáipéisí dlí ar fáil. Luafar gealltanais na Stát Aontaithe in ordú feidhmiúcháin a bheidh ina bhunús le dréacht de chinneadh leordhóthaineachta de chuid an Choimisiúin le gcuirfear an Creat Trasatlantach nua maidir le Príobháideacht Sonraí ar bun.
12. An tréimhse ama a choinnítear do chuid sonraí pearsanta
Ní choinneofar do chuid sonraí pearsanta níos faide ná is gá chun an chuspóir a bhí lena mbailiú a chur i gcrích agus atá dlite orainn faoi dhlí an AE nó faoi dhlí na hÉireann (Forlaghdú Sonraí).
Cloítear le polasaí náisiúnta na n-údarás áitiúil maidir le taifid a choinneáil agus le haon sceidil náisiúnta leasaithe maidir le taifid údaráis áitiúil a choinneáil. Is i gcomhréir le coinníollacha faoin RGCS a tharlóidh aon chuid de do chuid sonraí pearsanta a choinneáil agus ní choinneofar na sonraí níos faide ná mar is gá. D’fhéadfadh polasaí a bheith ag an gComhairle freisin maidir le sonraí a choinneáil a chuireann leis an bPolasaí Náisiúnta ina leith sin. Sa chás go n-iarrann tú do bhaint de liosta maidir le comhfhreagras margaíochta, coinneofar tuairisc ar do sheoladh ríomhphoist agus ar d’iarratas ionas nach dtarlaíonn níos mó teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chugat.
13. A bhfuil de cheart agat maidir le cosaint sonraí
Tá mar seo a leanas de cheart agat faoin RGCS:
- An ceart faisnéis a iarraidh faoina bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta i do leith á gcoinneáil againn, agus, má tá, cé na sonraí iad agus cén fáth a bhfuil siad á gcoinneáil/á n-úsáid againn.
- An ceart rochtain ar fhaisnéis phearsanta de do chuid a iarraidh (ar a dtugtar go coitianta “iarratas ar rochtain ó ábhar sonraí”). Is féidir leat ar an gcaoi sin cóip a fháil de na sonraí pearsanta i do leith atá á gcoinneáil againn agus a sheiceáil an bhfuil próiseáil á dhéanamh go dleathach againn orthu.
- An ceart a iarraidh go ndéantar ceartú ar na sonraí pearsanta i do leith atá á gcoinneáil againn. Is féidir leat ar an gcaoi sin a thabhairt go gceartaítear aon sonraí i do leith atá á gcoinneáil againn agus atá neamhiomlán nó míchruinn.
- An ceart a iarraidh go ndéantar do chuid sonraí pearsanta a léirscriosadh. Is féidir leat ar an gcaoi sin a iarraidh orainn faisnéis phearsanta a scrios nó a bhaint amach sa chás nach bhfuil aon chúis mhaith ag CCG leanúint den phróiseáil. Tá de cheart agat freisin a iarraidh orainn faisnéis phearsanta a scrios nó a bhaint amach sa chás go ndearna tú an ceart atá agat agóid a dhéanamh in aghaidh próiseála (féach thíos) a fheidhmiú.
- An ceart agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil ar do chuid sonraí pearsanta nuair atá ag brath ar leas dlisteanach CCG (nó leas dlisteanach an tríú páirtí) agus ní ag baint le do chás féin go sonrach a fhágann gur mian leat cur in aghaidh na próiseála ar an gcúis sin. Tá de cheart agat agóid a dhéanamh freisin sa chás go mbíonn faisnéis phearsanta de do chuid á phróiseáil maidir le margaíocht go díreach.
- An ceart agóid a dhéanamh in aghaidh chinnteoireacht a dhéantar go huathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú, ionas nach dtarlódh aon chinnteoireacht dár gcuid go huathoibríoch i do leith ná aon phróifíliú i do leith.
- An ceart a iarraidh go gcuirtear srianadh leis an bpróiseáil ar fhaisnéis phearsanta de do chuid. Ligeann sin duit a iarraidh orainn próiseáil ar fhaisnéis phearsanta i do leith a chur ar atráth, mar shampla sa chás gur mian leat go gcinneofaí cruinneas na faisnéise nó an chúis leis an bpróiseáil.
- An ceart a iarraidh go ndéantar faisnéis phearsanta de do chuid a aistriú chugatsa nó chuig páirtí eile i bhfoirm struchtúrtha leictreonach (ar a dtugtar go coitianta an ceart maidir le “iniomparthacht sonraí”). Ligean sin duit do chuid sonraí a thógáil uainn i bhformáid atá inúsáide go leictreonach agus a bheith i riocht do chuid sonraí a aistriú chuig páirtí eile i bhformáid leictreonach úsáideach.
-
An ceart toiliú a tharraingt siar: Sa chás gur toiliú an bunús dlí le próiseáil, tá de cheart agat an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith trí sin a chur in iúl dúinn.
Ní dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cinnteoireacht uathoibríoch ná próifíliú.
- Sonraí a fháil ar aon aistriú sonraí chuig tríú tír (taobh amuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) agus na cosaintí atá i bhfeidhm.
- An ceart gearán a dhéanamh leis an údarás maoirseachta maidir le cosaint sonraí, an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS).
An Coimisiún um Chosaint Sonraí:
Láithreán Gréasáin: https://www.dataprotection.ie/
Teileafón: +353 57 8684800/+353 761 104 800
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Post:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éire
14. Iarratas maidir le ceart de do chuid a fheidhmiú
Nuair a bhíonn cearta faoin RGCS á bhfeidhmiú (na cearta a leagtar amach faoi 13 thuas), ní gá gur i scríbhinn a bheadh iarratas. Tá dlite orainn déileáil le gach iarratas maidir le cearta faoin RGCS taobh istigh de thréimhse 30 lá ach is féidir, sa chás go bhfuil obair chasta agus/nó thoirtiúil i gceist leis an iarratas tréimhse 60 lá a chur i bhfeidhm. Má dhéantar iarratas, ní mór faisnéis áirithe a chur ar fáil an tráth a ndéantar an t-iarratas. Cuideoidh sin freagra a thabhairt ar an iarratas. Ba cheart na nithe seo a leanas a lua:
- Ainm agus sloinne.
- Seoladh, uimhir an liosta tithíochta nó uimhir thagartha na Comhairle (má bhaineann le hábhar).
- An brainse nó na brainsí a raibh caidreamh agat leis/leo.
Sa chás nach gcuirtear an fhaisnéis thuas ar fáil an tráth a gcuirtear an t-iarratas faoi bhráid, iarrfaidh an Chomhairle an fhaisnéis sin ort. Ó tharla go bhféadfadh go raibh caidreamh agat le brainsí éagsúla sa Chomhairle, d’fhéadfadh go mbeadh ar an gComhairle a iarraidh ort mioneolas a chur ar fáil faoi na brainsí ag a bhfuil sonraí de do chuid. D’fhéadfadh go mbeadh ar an gComhairle aitheantas deimhnithe a fháil uait mar gheall ar iarratas maidir le cearta faoin RGCS a chur faoi bhráid.
Sa chás go gcuirtear iarratas faoi bhráid ar an ríomhphost, moltar, cé nach coinníoll é, seoladh ríomhphoist an OCS a úsáid.
Ní gnáth go mbeadh ort táille a íoc chun teacht ar do chuid sonraí pearsanta (nó aon cheart eile de do chuid a fheidhmiú). Tá an Chomhairle i dteideal táille réasúnta a ghearradh ina dhiaidh sin féin sa chás gur léir nach bhfuil bunús le d’iarratas, go bhfuil sé á dhéanamh arís agus arís eile nó go bhfuil sé iomarcach. Is féidir, de rogha air sin, diúltú déanamh de réir an iarratais i gcás den sórt sin. Féachfar le freagra a chur ar d’iarratas gan aon mhoill nach gá agus taobh istigh d’aon mhí amháin. Má tá obair chasta nó thoirtiúil faoi leith i gceist le d’iarratas, b’fhéidir go mbeadh tréimhse níos faide de dhíth. Is féidir síneadh 60 lá breise a chur le hiarratas. Má mheastar go mbeidh níos mó ná mí de dhíth chun freagra a thabhairt ar d’iarratas, cuirfear in iúl duit go mbeidh moill i gceist agus an chúis atá leis an moill sin taobh istigh de mhí amháin ó thagann d’iarratas nó a luaithe a thuigtear go mbeidh níos mó ná aon mhí amháin de dhíth don phróiseáil maidir le d’iarratas.
Sa chás nach mbíonn tú sásta leis an toradh ar iarratas/ar cheist maidir le cosaint sonraí agus an freagra a fhaigheann tú ón gComhairle ina leith, tá de cheart agat gearán a dhéanamh leis an OCS a d’fhéadfadh an cás a fhiosrú duit.
An tráth deiridh a ndearnadh athbhreithniú ar an leathanach: 03/10/24
Ábhar faoi stiúir: OCS - An Roinn Seirbhísí Corparáide