Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
 

slider_BathingWaters.jpg

Seoladh Oifigiúil Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.

Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta.

people holding signage at launch of festival in park
Cllrs play in arcade

Mí na Brataí Corcra á Ceiliúradh i nGaillimh i mí Deireadh Fómhair

29 September 2026

Tá ceiliúradh á dhéanamh i mí Deireadh Fómhair ag Cathair na Gaillimhe ar ‘Mhí na Brataí Corcra’, le haitheantas do na daoine, na bearta páirtnéireachta agus na háiteanna a chuireann brí agus beocht ar bhealach soicheallach sábháilte in eacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche sa chathair. Is creidiúnú gradamúil idirnáisiúnta seo a bhronnann Cumann na mBainisteoirí Bailte Móra agus Cathrach ar líon áiteanna ar fud an domhain nach dtéann thar 100 áit agus atá gnóthaithe ag Lár na Cathrach i nGaillimh agus ag Bóthar na Trá i ngeall ar fheabhas na bainistíochta maidir le heacnamaíocht an tráthnóna agus na hoíche (6 i.n. go dtí 5 r.n.).

talk in community centre

Oícheanta Eolais ar Thíosacht Fuinnimh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

28 September 2026

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.

Pictures of older people

Ómós do Laochra an Aoisithe Dhearfaigh i nGaillimh

28 September 2026

Is ceiliúradh bliantúil í Seachtain an Aoisithe Dhearfaigh (25 Meán Fómhair - 2 Deireadh Fómhair) ar an ionchur ríthábhachtach agus éagsúil a dhéanann daoine scothaosta dá bpobail, agus is deis í chun dúshlán a thabhairt don idirdhealú bunaithe ar aois. Tugann téama na bliana seo, 'Ceangal idir na Glúnta', cuireadh dúinn naisc a chothú, dúshlán a thabhairt do steiréitíopaí agus luach, agus taithí agus ionchur daoine atá scothaosta a aithint.