
Cad a bhainfear amach faoin gCreatphlean?
Tá carachtar agus beocht ar leith ag baint le sráidbhaile Bhóthar na Trá. Is ionad tráchtála é, is ceann scríbe do chuairteoirí é agus tá roinnte saoráidí fóillíochta agus áineasa éagsúla sa gceantar. Tá an-chuid tréithe agus úsáidí traidisiúnta a shamhlaítear le ceantair shaoire cois farraige le fáil i mBóthar na Trá fós, amhail saoráidí siamsaíochta, caiféanna, bialanna agus réimse lóistín agus nithe is díol spéise do thurasóirí.
Mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le sráidbhaile agus le cladach Bhóthar na Trá do shaol na cathrach, agus ar thábhacht na timpeallachta cósta, sonraítear polasaí i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 -2029 chun straitéis a ullmhú d’fhorbairt fhadtéarmach agus d’fheabhsú charachtar shráidbhaile agus phromanáid Bhóthar na Trá.
Plean fadtéarmach a bheidh i gCreatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá lena dtabharfar faoi na nithe seo a leanas:
-
Fís chomhroinnte a bhunú do Shráidbhaile agus do Chladach Bhóthar na Trá
-
Feabhsú, bainistiú, úsáid agus forbairt Bhóthar na Trá agus an chladaigh a threorú
-
Cur chuige comhtháite a chumasú maidir le Bóthar na Trá agus an cladach a fhorbairt agus a bhainistiú amach anseo
Beidh an tionscadal ar siúl i rith 2025 agus beidh an pobal áitiúil páirteach ann chun cabhrú linn réimsí tosaíochta do Bhóthar na Trá a aithint. Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis na hailtirí agus dearthóirí uirbeacha Allies and Morrison, breithniú ar réimse ábhar lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
- Muintir na háite
- Gnólachtaí na háite
- An timpeallacht nádúrtha
- An cladach, agus saoráidí trá agus fóillíochta
- Sláinte agus folláine
- Carachtar, féiniúlacht agus dearadh na háite
- Úsáidí an tsráidbhaile, spásanna poiblí, sráideanna agus an phromanáid
- Cúrsaí turasóireachta
- Cúrsaí inbhuanaitheachta
- An t-athrú aeráide
- Gluaiseacht agus taisteal
Cén uair is féidir liom a bheith páirteach?
Cuirfear tús leis na chéad imeachtaí rannpháirtíochta i mí Feabhra, agus beidh tuilleadh deiseanna rannpháirtíochta ann i rith 2025. Is é an toradh deiridh a bheidh ar an obair seo ná creatphlean a chruthú a chuideoidh linn todhchaí Bhóthar na Trá a mhúnlú.