Galway City Development Plan 2023-2029

The Galway City Development Plan 2023-2029 sets out the policies and objectives for the development of the City over the plan period. The plan has been prepared in accordance with the steps set out in the Planning and Development Acts.

Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029

Leagtar amach sa Phlean Forbartha na beartais agus na cuspóirí a mholann an Chomhairle i dtaca le forbairt na Cathrach thar thréimhse an Phlean. Ullmhaíodh an plean i gcomhréir leis na céimeanna a leagtar amach sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.

Céim a Ceathair - an Plean ar Glacadh leis (an Chéim Reatha)

Ghlac Baill Thofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 ag Cruinniú na Comhairle Iomláine a cuireadh ar bun Déardaoin, an 24 Samhain 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm ó Dé Céadaoin, an 4 Eanáir 2023.

Tá an Plean Forbartha Cathrach sa mhullach ar an gcáipéisíocht go léir a táirgeadh i rith phróiseas déanta an phlean, ar fáil le hamharc orthu. Tá iad seo ar fáil chomh maith le hamharc orthu agus lena n-íoslódáil ar an tairseach chomhairliúcháin ar líne consult.galwaycity.ie. Tá na cáipéisí go léir ar fáil chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh orthu ag An Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, i rith uaireanta oscailte.

Plean forbartha sé bliana é seo don Chathair agus tá súil leis go leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm (faoi réir aon athruithe eatramhacha a d’fhéadfadh an Chomhairle a dhéanamh) go dtí 2029.