Straitéis Spásanna Poiblí

Ba iad Allies and Morrison Urban Practitioners, Dermot Foley Landscape Architects agus TOBIN Engineering a chuir Straitéis Ríochta Poiblí na Gaillimhe i dtoll a chéile i gcomhar le foireann na Comhairle ar an straitéis stiúrtha, straitéis a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Public Realm Strategy
Buaiteoir ar an gCatagóir Dearaidh ag Gradaim Phleanála Institiúid Pleanála na hÉireann 2019/2020

Straitéis Spásanna Poiblí na Gaillimhe

Mar aitheantas ar an tábhacht mhéadaitheach a tugadh do cháilíocht na timpeallachta uirbí, bhí beartas i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 chun Straitéis Spásanna Poiblí na Gaillimhe

Ba iad Allies and Morrison Urban Practitioners, Dermot Foley Landscape Architects agus TOBIN Engineering a chuir Straitéis Ríochta Poiblí na Gaillimhe i dtoll a chéile i gcomhar le foireann na Comhairle ar an straitéis stiúrtha, straitéis a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Gheofar sa straitéis fís den áit agus treoir maidir le dearadh. Leagtar amach ann tograí tionscadail de scálaí éagsúla a chuirfidh feabhas ar shráideanna agus ar spásanna poiblí na Gaillimhe in imeacht aimsire a bheidh ar aon dul le haidhmeanna an Chreata Náisiúnta Pleanála chun Cathair Réigiúnach a dhéanamh de chathair na Gaillimhe. Tá sé beartaithe leis an Straitéis go gcuirfear tuilleadh leis na céimeanna nuálacha atá tógtha cheana féin, ar nós infheistíocht i gcrios do choisithe amháin, Margadh Éisc, An Fhaiche Mhór agus siúlóid cois na habhann a oscailt.

An próiseas

Nollaig 2018

Caidreamh gníomhach: Tobchomhairliúchán ag margadh na Nollag

Cruinniú Coiste Beartais Straitéisigh

Eanáir 2019 Anailís bhonnlíne
Feabhra 2019 Caidreamh gníomhach: Iniúchadh siúil agus ceardlann
Earrach 2019

Forbairt físe agus dearaidh

Rannpháirtíocht na Comhairle

Cruinnithe for-rochtana

Samhradh 2019 Tástáil theicniúil agus chomhshaoil
Lúnasa 2019 An dréacht deiridh
Meán Fómhair 2019

Caidreamh gníomhach: Cén chaoi leis an straitéis a úsáid chun feabhas a chur ar ár sráideanna agus ar ár spásanna

Cruinnithe for-rochtana

Tástáil theicniúil agus chomhshaoil

Geimhreadh 2019

Straitéis agus lámhleabhair a thabhairt chun críche

Cruinniú Coiste Beartais Straitéisigh

Na chéad chéimeanna eile Tabhair tionscadail chun cinn

Féach ar Straitéis Spásanna Poiblí na Gaillimhe

 

An comhrá faoi shráideanna agus spásanna poiblí na Gaillimhe

Bhí clár fairsing comhairliúcháin i gceist le hullmhú na straitéise. Áiríodh leis seo imeacht tobchomhairliúcháin ag margadh na Nollag in 2018 agus imeacht iniúchta siúil agus ceardlainne i mí Feabhra 2019 ag tús an tionscadail. Rinneadh comhairliúchán ar an dréachtstraitéis i Meán Fómhair 2019 agus áiríodh ann ócáid chomhairliúcháin ‘tobstalla margadh sráide’ ar Shráid na Siopaí.

Bhí tionchar ag an aiseolas ar an straitéis agus cuirfidh sé bonn eolais faoin bpróiseas feidhmithe, i gcomhar le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023.

Beidh an scéala is déanaí le fáil thíos agus, má bhíonn aon cheist agat, téigh i dteagmháil leis an Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag 091 536599 nó publicrealm@galwaycity.ie

Íoslódáil
Tuarascáil ar Chomhairliúchán ar Dhréacht Straitéis Spásanna Poiblí na Gaillimhe
Preasráiteas - Buann Straitéis Ríochta Poiblí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an Chatagóir Dearaidh ag Gradaim cháiliúla Institiúid Phleanála na hÉireann.