
Daoine óga
Is ionann daoine faoi 19 mbliana d'aois agus 22% de dhaonra na Gaillimhe. Cé go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí ar fáil do dhaoine óga i mBóthar na Trá, lena n-áirítear clubanna spóirt agus áiteanna áineasa ina mbuaileann daoine óga le chéile amhail túr tumadóireachta na Carraige Duibhe, d'fhéadfadh sé go mbeadh réimsí ann a d’fhéadfaí iad a fheabhsú.
Daoine scothaosta
Tá líon na ndaoine i nGaillimh atá 65 bliain d'aois agus níos sine ag méadú. Idir 2016 agus 2022, tháinig méadú 23% ar líon na ndaoine atá 65 bliain d'aois agus níos sine. In 2023, b'ionann daoine os cionn 65 agus 13% de dhaonra na Gaillimhe (níos lú ná 18% in Éirinn). Tá meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil daoine scothaosta thar a bheith tábhachtach agus tá sé ríthábhachtach d'fholláine na ndaoine sin a chinntiú gur féidir leo dul timpeall Bhóthar na Trá gan stró.