Cáin ar Thalamh Criosaithe Chónaithe

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar bun anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2025 ar aghaidh. Is é cuspóir na cánach talamh a chur i ngníomh atá seirbhísithe agus criosaithe d’úsáid chónaitheach nó d’úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaitheach, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folamh agus díomhaoine i suíomhanna uirbeacha a chinntiú. Aithníodh na suíomhanna seo laistigh de phleananna úsáide talún mar láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta.

Mhol an Rialtas Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta Nua d’Éirinn cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú chun críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar bun anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2025 ar aghaidh.

Is é cuspóir na cánach talamh a chur i ngníomh atá seirbhísithe agus criosaithe d’úsáid chónaitheach nó d’úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaitheach, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folamh agus díomhaoine i suíomhanna uirbeacha a chinntiú. Aithníodh na suíomhanna seo laistigh de phleananna úsáide talún mar láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta. 

Tá dhá chuid ag an bpróiseas CTCC

1) Sainaithint agus mapáil na talún faoi raon feidhme na cánach. Déanann údaráis áitiúla é seo trí dhréacht bliantúil agus léarscáileanna bliantúla deiridh a fhoilsiú – féach thíos.

2) Riaradh na cánach, atá le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim ó 2025 ar aghaidh. 

Sainaithint talún atá faoi dhliteanas CTCC


Tá dréacht-léarscáil bhliantúil ullmhaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe den talamh a mheastar a bheith faoi raon feidhme CTCC amhail ón 1 Eanáir 2024.

Tá an dréacht-léarscáil bhliantúil ar fáil an anseo agus ag An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.
 

Féadfaidh aon phearsana nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil. Pléitear leis seo ar bhealach níos mionsonraithe thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Is féidir leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil ón 1 Feabhra 2024 go dtí an 1 Aibreán 2024. Is féidir leis na haighneachtaí seo

· ceartúchán a mholadh ar an dréacht-léarscáil bliantúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe má cheapann siad nach gcomhlíonann an talamh atá ar an léarscáil na critéir;

· ceartú a mholadh ar an dáta a chomhlíon talamh na critéir den chéad uair;

· tacú le heisiamh a gcuid talún i gcás ina sainaithnítear ar an léarscáil go bhfuil sé beartaithe ag an údarás áitiúil talamh den sórt sin a eisiamh ón léarscáil bhliantúil deiridh le haghaidh 2025, a fhoilseofar an 31 Eanáir 2025 nó roimhe sin; agus/nó

· a mholadh go gcuirfí talamh san áireamh, nach bhfuil sainaitheanta ar an léarscáil, má mheastar go gcomhlíonann talamh den sórt sin na critéir.

Féadfaidh úinéirí talún a iarraidh go n-athrófar criosú a gcuid talún faoin 31 Bealtaine 2024, i gcás ina sainaithnítear an talamh sin ar dhréacht-léarscáil bhliantúil.

Talamh atá le feiceáil ar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, arna leasú chun toradh na n-aighneachtaí agus na n-iarratas athchriosaithe a rinneadh i leith na talún ar na léarscáileanna sin a chur san áireamh, áireofar é ar an léarscáil bhliantúil deiridh talún atá faoi raon feidhme na cánach i limistéar an údaráis áitiúil a fhoilseofar an 31 Eanáir 2025. Beidh an talamh sin faoi réir na cánach i 2025 ach amháin má tá sé díolmhaithe mar mhaoin chónaithe, mar a leagtar amach thuas, nó mura gcáilíonn sé d’aon díolúine eile, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Áirítear ar léarscáil CTCC mar atá ullmhaithe agus foilsithe ag na húdaráis áitiúla tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim atá sé an CTCC a riar. 

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil anseo.

Is féidir Treoir maidir leis an gCáin Talún Chreasa Chónaithe, arna hullmhú agus arna foilsiú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú, a fheiceáil anseo.

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus conas aighneacht a dhéanamh

Aighneacht a dhéanamh
 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh faoin 1 Aibreán chun:

· Talamh breise a shainaithint a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme, ach nach n-áirítear sa dréacht-léarscáil bhliantúil;

· Agóid a dhéanamh i gcoinne talamh atá ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir lena gcinntear an talamh atá faoina raon feidhme;

· Agóid a dhéanamh i gcoinne an dáta óna meastar an talamh a bheith faoi raon feidhme; agus/nó tacú leis an eisiamh atá beartaithe maidir le talamh.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh faoin 31 Bealtaine chun athrú a iarraidh ar chriosú talún a shainaithnítear ar an dréacht-léarscáil bhliantúil le haghaidh 2025.

Tabhair faoi deara nach mór d’aighneacht an suíomh a shainaithint go soiléir agus an t-athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil údaráis áitiúil, nó an dáta ar chomhlíon an suíomh na critéir le bheith ar an léarscáil den chéad uair) ar mhapáil Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe atá á lorg agat, chomh maith le bonn cirt a thabhairt don athrú atá á lorg. Ní mór na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ar a mbraitheann tú i d’aighneacht maidir leis an talamh a bheith laistigh nó lasmuigh den raon feidhme a lua san aighneacht. Féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh freisin tar éis d’aighneacht a fháil (e.g. cruthúnas úinéireachta nó tuilleadh faisnéise). 

Aighneachtaí ó úinéirí talún
Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá faoi úinéireacht agat nó thar ceann úinéir na talún, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:

· D'ainm agus do sheoladh

· Ní mór léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena thalamh féin, ar a dtaispeántar an mhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (limistéir thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.

· Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar ábhair a léiríonn nach bhfuil an talamh faoi raon feidhme na cánach, nó nach bhfuil an dáta a measadh an talamh a bheith faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 

· Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.

· Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh,

maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

· Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le criosú, tabhair faoi deara nach féidir aighneacht ina n-iarrtar athrú ar chriosú a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil cheana féin.

· I gcás ina n-iarrtar athrú criosaithe úsáide talún, ní mór an aighneacht a fháil an 31 Bealtaine nó roimhe agus ba cheart don úinéir talún a leagan amach cén fáth a bhfuil an t-athrú criosaithe ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir, chomh maith le haon imthosca eile ar mian leo aird an údaráis áitiúil a tharraingt orthu.

Aighneachtaí ó Thríú Páirtí
Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach bhfuil tú i d’úinéir, is aighnitheoir tríú páirtí thú. Ní féidir le tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le criosú.

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh i d’aighneacht:

· D'ainm agus do sheoladh

· Eolas chun an talamh a aithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil leis an limistéar atá leagtha amach. Sa chás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a aithint b’fhéidir nach mbeidh siad in ann an aighneacht a chur san áireamh.

· Maidir le talamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar nithe a léiríonn nach bhfuil an talamh ag teacht leis an gcáin, nó nach bhfuil an dáta a measadh go raibh an talamh faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 

· An bhfuil an talamh ar an dréacht-léarscáil faoi láthair agus an bhfuil d’aighneacht ag moladh gur cheart é a mheas i raon feidhme na cánach?

· Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.

· Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh,

maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

Cén fhormáid inar cheart an aighneacht a dhéanamh?

[Tá an t-údarás áitiúil le téacs ábhartha a chur isteach maidir le formáid inghlactha le haghaidh aighneachtaí agus/nó nasc chuig leathanach gréasáin Nasc chuig an gcomhairliúchán] 

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh sé ag an úinéir talún nó ag tríú páirtí, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:   

Faightear na eolas pearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin d’fhonn aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
Is féidir na sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le haighneachtaí a éilíonn gurb é úinéir talún ar láithreán ar leith é. Beidh sé seo chun fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, nó chun tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún.
Féadfaidh údarás áitiúil, i gcás ina measann sé gur gá sin chun an cinneadh a dhéanamh, tuilleadh faisnéise a iarraidh ar Uisce Éireann, ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta nó ar dhuine dá dtagraítear in airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas a phróiseálann [údarás áitiúil] Sonraí Pearsanta, féach ar ár Ráiteas Príobháideachais [nasc]
Sainaithin aon chuid de d’aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus nach mian leat a fhoilsiú. 
 

Cad a Tharlaíonn Ansin
Déanfar gach aighneacht scríofa a mheas. Déanfaidh an t-údarás áitiúil cinneadh i scríbhinn maidir le haighneachtaí ó úinéirí talún. I measc na bpríomhchéimeanna a ghlacfaidh an t-údarás áitiúil sula bhfoilseofar an léarscáil bhliantúil deiridh, tá na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh.

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil

· Foilseofar aighneachtaí a gheofar maidir leis an dréacht-léarscáil bhliantúil ar shuíomh gréasáin na n-údarás áitiúil faoin 11 Aibreán 2024 (nóta: déantar sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh an aighnitheora agus sonraí teagmhála an aighnitheora, a fholú, ach foilsítear suíomh na dtailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).

· I gcás ina n-iarrann úinéir talún go n-eisiafaí a láithreán ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith faoi raon feidhme, nó i gcás ina ndéanann sé agóid i gcoinne an dáta óna gcomhlíonann talamh ar an léarscáil na critéir sin, ní mór don údarás áitiúil fógra a thabhairt don úinéir maidir lena chinneadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2024.

· Ní mór don úinéir talún achomharc ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a thaisceadh leis an mBord Pleanála faoin 1 Lúnasa 2024.

· Déanann an t-údarás áitiúil breithniú ar aighneachtaí maidir le hathchriosú. Tá cinneadh maidir le dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathrú atá beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún le cur in iúl i scríbhinn don úinéir talún ábhartha faoin 31 Iúil 2024. Níl aon achomharc maidir le hiarratais athchriosaithe chuig an mBord Pleanála.

Sa chás gur iarr duine go gcuirfí suíomh leis an dréacht-léarscáil agus go measann an t-údarás áitiúil gurb ionann láithreáin a ndearnadh aighneachtaí ina leith nó atá bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don údarás áitiúil, agus tailte a shásaíonn na critéir ábhartha ansin sainaithneofar na láithreáin sin ar an gcéad dréacht-léarscáil bhliantúil eile a fhoilseoidh an t-údarás áitiúil an 1 Feabhra 2025.

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh ón údarás áitiúil?
Tá go dtí an 1 Lúnasa 2024 ag úinéir talún achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí a rinneadh i ndáil lena láithreán a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir chun bheith faoi raon feidhme, nó agóid a dhéanamh i gcoinne an dáta ónar chomhlíon talamh ar an léarscáil dáta na gcritéar seo chuig an mBord Pleanála. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais an achomhairc. Níl aon fhoráil ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh ar chinneadh údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht-léarscáil bhliantúil.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?
Má tá tuilleadh eolais ag teastáil ar an bpróiseas dréacht-léarscáil bhliantúil nó ar aighneacht a dhéanamh, seiceáil le do thoil ‘Do Cheisteanna a fhreagairt’ atá le fáil anseo [nasc]. Má bhaineann do cheist le limistéar talún ar leith nó mura bhfuil an freagra le fáil i gCeisteanna Coitianta déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála.

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Gov.ie/RZLT.

Mar a leagtar amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil a aithníonn an talamh atá faoi réir na cánach, lena n-áirítear léarscáil bhliantúil deiridh a fhoilseofar den chéad uair an 31 Eanáir 2025, agus a ndéanfar athbhreithniú bliantúil air. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi riaradh na cánach.

Ós rud é nach riarann an t-údarás áitiúil an cháin ní féidir linn aon cheisteanna maidir le riar na cánach a fhreagairt. Ba chóir gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag féachaint do róil na n-údarás áitiúil agus na gCoimisinéirí Ioncaim faoi seach i bpróiseas CTCC, ba cheart fiosruithe maidir leis an mapáil a dhéanamh chuig [cuir isteach an tÚdarás Áitiúil]. Áirítear leis sin fiosruithe maidir le;

Critéir chun a chur san áireamh ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
Aighneachtaí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
Cinntí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
Aighneachtaí criosaithe
Achomhairc (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
Léarscáil dheiridh bhliantúil
Cuireann láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim sonraí ar fáil maidir le riarachán ginearálta na cánach agus naisc chuig treoir chuimsitheach maidir leis an gcáin. Cuireann suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim sonraí ar fáil freisin maidir le

Daoine atá faoi dhliteanas
Méid na cánach talún criosaithe cónaithe
Oibleagáid clárú
Oibleagáid ar an duine atá faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
Iarchur Cánach Talún Criosaithe Cónaithe nó díolúintí ón gCáin sin
Conas teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le fiosruithe maidir le riar CTCC
 

Cad a dhéanfaidh mé má tá mé i m’Úinéir Tí
Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad é an toradh?

Aithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh na cánach, atá bunaithe ar chriosuithe faoi stiúir cónaithe agus seirbhísiú ag bonneagar atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar. Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, fad is atá an teach faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

An gá dom aighneacht a dhéanamh?

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áit chónaithe faoi dhliteanas na cánach sa chás go bhfuil siad faoi réir CMÁ. 

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047 ha (1 acra) –

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid sin, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach ná do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú le haghaidh CTCC ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo. Féach ar revenue.ie chun sonraí a fháil maidir leis an bpróiseas clárúcháin níos gaire don am.


 

Bosca téacs an leathanaigh gréasáin – moladh é a úsáid ar leathanaigh ghréasáin.

Critéir maidir le háireamh ar an léarscáil

Deir alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997:-

Sa Chuid seo, aon tagairt do thalamh a chomhlíonann na critéir iomchuí, is tagairt í do thalamh—

(a) go bhfuil sí ar áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2) (a) d’Acht 2000, nó i bplean limistéir áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, arna chriosú—

(i) go haonarach nó go príomha le haghaidh úsáide cónaithe, nó

(ii) ar mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaitheach,

(b) go bhfuil sé réasúnach a bhreithniú go bhféadfadh rochtain a bheith aige, nó a bheith curtha i gceangal, ar bhonneagar poiblí agus ar shaoráidí poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil séarachais salach, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun teaghaisí a fhorbairt agus a bhfuil cumas seirbhíse leordhóthanach acu le haghaidh na forbartha sin, agus

(c) go bhfuil sé réasúnach breithniú a dhéanamh, i dtéarmaí a staide coirp, ar nithe atá sách mór chun cosc a chur le soláthar teaghaisí, lena n-áirítear éilliú nó taisí aitheanta seandálaíochta nó stairiúla a bheith ann, ach nach talamh é—

(i) dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt (de réir Acht 2000) agus don fhorbairt sin amháin, nach forbairt neamhúdaraithe (de réir bhrí Acht 2000) í, atá á húsáid mar áitreabh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, ar forbairt í atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc, ar forbairt í ar réasúnach breithniú a dhéanamh uirthi chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí limistéar cónaithe tadhlach,

(ii) dá dtagraítear i mír (a)(ii), mura rud é go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh folamh nó díomhaoin,

(iia) nach mbeadh a bhforbairt de réir na nithe seo a leanas—

(I) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean forbartha, an bonn céimnithe ar dá réir a bheidh forbairt talún le tarlú faoin bplean, mar a shonraítear sa chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó

(II) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean limistéir áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus croístraitéis an phlean forbartha don limistéar i leith ar plean é a ullmhófar an plean limistéir áitiúil, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá ar áireamh sa phlean limistéir áitiúil de réir alt 19(2) d’Acht 2000,

ar an dáta a mbeidh comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

(iii) go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitiú, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d’áitiú—

(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun críocha oideachais nó cúraim sláinte a sholáthar,

(II) saoráidí agus bonneagar iompair,

(III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

(IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,

(V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

(VI) bonneagar bainistithe agus diúscartha dramhaíola, nó

(VII) bonneagar áineasa, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil lena bhféadfar forbairt a chosc, nó

(v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.

 

Mhol Tithíocht do Chách – Plean Nua Tithíochta d’Éirinn de chuid an Rialtais cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú chun críocha cónaithe mar chuid den Conair chun an Soláthar Nua Tithíochta a Mhéadú.

Tugadh an Cháin ar Thalamh Criosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar bun anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2024 ar aghaidh.

Is é cuspóir na cánach talamh atá seirbhísithe agus criosaithe d’úsáid chónaithe nó d’úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaithe, a ghníomhachtú chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athnuachan ar thailte folmha agus díomhaoin i suíomhanna uirbeacha a chinntiú. Tá na láithreacha seo aitheanta laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún mar shuímh oiriúnacha do thithíocht agus bhain siad leas as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta.. 

Tá dhá chuid sa phróiseas RZLT

1) Aithint agus mapáil na talún i raon feidhme na cánach. Déanann údaráis áitiúla é seo trí dhréachtaí agus léarscáileanna forlíontacha a fhoilsiú – féach thíos.

2) Riar na cánach, a bheidh le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim ó 2024 ar aghaidh. 

Is cáin í an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) atá dírithe ar thalamh seirbhísithe agus criosaithe cónaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta. Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir CTCC a aithint.

Réamhrá
Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Is é cuspóir na cánach talamh a chur i ngníomh a ndéantar seirbhísiú agus criosú air le haghaidh úsáid chónaitheach nó úsáid mheasctha, lena n-áirítear úsáid chónaitheach, chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun athghiniúint tailte folamh agus díomhaoine i gceantair uirbeacha a áirithiú. Aithníodh na limistéir seo laistigh de phleananna úsáide talún mar láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta. 

· Tá údaráis áitiúla freagrach as an talamh atá faoi réir Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a aithint. 

· Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a riarann Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Talamh atá faoi réir CTCC
Tugann na húdaráis áitiúla faoin bpróiseas chun talamh atá faoi réir CTCC a aithint agus a mhapáil gach bliain.

Mar chuid den phróiseas mapála tosaigh, d’fhoilsigh údaráis áitiúla dréacht-léarscáileanna agus léarscáileanna forlíontacha agus thug siad deis d’úinéirí talún, agus do dhaoine eile, aighneachtaí a dhéanamh ar na léarscáileanna seo. D’fhéadfadh aighneachtaí ó úinéirí talún agóid a dhéanamh maidir lena gcuid talún a chur san áireamh ar léarscáil, an dáta a chomhlíon an talamh na critéir ábhartha den chéad uair, nó d’fhéadfaidís iarracht a dhéanamh an talamh a athchriosú.

Tá léarscáil dheiridh CTCC an [údaráis áitiúil] le haghaidh 2024 ar fáil anois anseo https://experience.arcgis.com/experience/e76557d46b904c68bc630bfa090f7524/

Áirítear ar an léarscáil tailte a chomhlíonann na critéir chuí le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht reatha.

Líon Iomlán na Heicteár: 1,1133.9ha

Ní léirítear ar an léarscáil deiridh cinntí achomhairc ná cinntí maidir le hathbhreithniú breithiúnach a rinneadh tar éis an 1 Samhain 2023 maidir le talamh a sainaithníodh ar na dréacht-léarscáileanna nó ar na léarscáileanna forlíontacha a foilsíodh i mí na Samhna 2022 agus i mí na Bealtaine 2023, faoi seach. I gcás ina ndéanfar na cinntí sin faoin 1 Eanáir 2024, léireofar iad ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 – féach thíos. Foilseofar an léarscáil deiridh athbhreithnithe faoin 31 Eanáir ó 2025 ar aghaidh.

Gearrfar Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe go bliantúil ón 1 Feabhra 2025 ar aghaidh (faoi réir an Bhille Airgeadais (Uimh.2) 2023 a rith). Beidh an cháin á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh ar úinéirí talún clárú don cháin – tá tuilleadh eolais maidir le riarachán na cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil anseo [nasc]

Aighneachtaí a dhéanamh ar an léarscáil CTCC
Níl aon deis aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh a foilsíodh an 1 Nollaig 2023. 
Beidh deis ann aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe le haghaidh 2025 le linn 2024.

Foilseofar dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 faoin 1 Feabhra 2024.

Áireofar ar an dréacht-léarscáil CTCC deiridh athbhreithnithe le haghaidh 2025 talamh a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith faoi raon feidhme na cánach, a bhféadfadh talamh atá sainaitheanta cheana féin ar léarscáil deiridh 2024, arna fhoilsiú faoin 1 Nollaig 2023, a bheith san áireamh ann. Léireofar leis an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe aon athrú reachtach, criosaithe nó seirbhísithe agus aon toradh achomhairc nó athbhreithnithe, amhail ón 1 Eanáir 2024.

Is féidir le haighneachtaí agóid a dhéanamh i gcoinne talamh a áireamh nó a eisiamh ar an dréacht-léarscáil chríochnaitheach athbhreithnithe do 2025 bunaithe ar na critéir ábhartha. Ina theannta sin, is féidir le húinéirí talún iarratais athchriosaithe a dhéanamh ar an léarscáil.

Maoin chónaithe
Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Tuilleadh faisnéise
Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil anseo https://revenue.ie/en/property/residential-zoned-land/index.aspx

CTCC Amlíne

Talamh faoi dhliteanas CTCC a shainaithint

Déantar talamh atá faoi dhliteanas CTCC a shainaithint trí phróiseas céimnithe mar atá leagtha amach thíos.

Céim na ndréacht-léarscáileanna — dúnadh na haighneachtaí

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe Dréacht-léarscáil den talamh a mheastar a bheith faoi raon feidhme CTCC ar an 1 Samhain 2022 a ullmhú agus a fhoilsiú. D’fhéadfaí aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil suas go dtí an 1 Eanáir 2023. D ’fhéadfadh aighneachtaí agóid a dhéanamh maidir le talamh a chur san áireamh ar an dréacht-léarscáil, an dáta a measadh go raibh talamh laistigh de raon feidhme na cánach, nó athrú ar chriosú a iarraidh. D’fhéadfadh aighneachtaí talamh breise a mheastar a bheith faoi raon feidhme na cánach a shainaithint freisin.

Má rinne tú aighneacht ar an dréacht-léarscáil a bhaineann le talamh atá i d’úinéireacht, bhí Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteagmháil leat maidir le toradh a mbreithnithe ar d’aighneacht. 

Céim na léarscáile forlíontaí — dúnadh na haighneachtaí

Mar thoradh ar aighneachtaí a rinneadh ar na dréacht-léarscáileanna nó mar gheall ar leasuithe ar chriosuithe nó ar stádas seirbhísithe nó toisc faisnéis eile a bheith ar fáil lena sainaithnítear talamh, d’ullmhaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe léarscáil fhorlíontach den talamh a mheastar a bheith faoi raon feidhme CTCC amhail ón 1 Aibreán 2023.

Tá an léarscáil fhorlíontach ar fáil thíos agus sna hOifigí Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8 ó 9:00am go 4.00pm, Luan go hAoine.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil réadmhaoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cánach Maoine Áitiúla, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil.

Dúnadh aighneachtaí maidir le talamh a sainaithníodh ar an léarscáil fhorlíontach ar 1 Meitheamh 2023. Fuarthas 5 aighneacht agus is féidir iad a fheiceáil anseo: https://consult.galwaycity.ie/ga/node/1586/submissions 
Foilseofar aighneachtaí a fhaightear maidir leis an léarscáil fhorlíontach ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil roimh 11ú Meitheamh 2023 (nóta: sonraípearsanta, i.e. déanfar ainm, seoladh tíolactha agus sonraí teagmhála an tíolactha a bhaint amach, ach foilseofar suíomh tailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
Sa chás go n-iarrann úinéir talún a láithreán a eisiamh ón dréachtléarscáil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith i scóip, nó tugann sé dúshlán an dáta as ar chomhlíon talamh ar an léarscáil na critéir seo, ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl don úinéir tráth nach déanaí ná 1 ú Aibreán 2023.
Sa chás gur mian le húinéir talún achomharc a dhéanamh ar chinneadh ón údarás áitiúil gan talamh a eisiamh ar an léarscáil fhorlíontach leis an mBord Pleanála, ní mór dóibh é sin a dhéanamh faoin 1 Meán Fómhair 2023.

Ní mór don údarás áitiúil — a léiríonn toradh aon achomhairc chuig an mBord, aon eisiamh ar léarscáileanna de bhun cinntí a rinne na húdaráis áitiúla mar fhreagra ar aighneachtaí a rinneadh nó athruithe ar chriosú — léarscáil dheiridh a ullmhú agus a fhoilsiú faoin 1 Nollaig 2023.

I gcás inar iarr úinéir talaimh athrú ar chriosú a gcuid talún, déanfaidh an tÚdarás Áitiúil meastóireacht ar an aighneacht agus breithneoidh sé cibé acu ar cheart nó nár cheart athrú a dhéanamh. (Ní dhéanfar tionscnamh ar an bpróiseas athraithe ach amháin tar éis meastóireacht a dhéanamh ar aon iarratais ar athrú criosaithe a dhéantar maidir leis na dréachtléarscáileanna agus na léarscáileanna forlíontacha chun ligean do gach iarratas ar athruithe ar chriosú a mheas le chéile)
Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil in ‘Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe— Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’ mar atá foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta anseo

Céim na ndréacht-léarscáileanna — dúnadh na haighneachtaí

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe Dréacht-léarscáil den talamh a mheastar a bheith faoi raon feidhme CTCC ar an 1 Samhain 2022 a ullmhú agus a fhoilsiú. 

Má rinne tú aighneacht ar an dréacht-léarscáil a bhaineann le talamh atá i d’úinéireacht, bhí Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteagmháil leat maidir le toradh a mbreithnithe ar d’aighneacht. 

Déanfar gach aighneacht scríofa a mheas. Déanfaidh an t-údarás Áitiúil cinneadh scríofa maidir le haighneachtaí ó úinéirí talún. I measc na bpríomhchéimeanna a thógfaidh an t-údarás áitiúil sula bhfoilseofar léarscáil dheiridh tá, ach níl siad teoranta do na nithe seo a leanas.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil?

Tá go dtí an 1 Meán Fómhair 2023 chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí maidir leis an léarscáil fhorlíontach. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ag leagan amach na forais achomhairc. Níl aon fhorálacha ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht nó de léarscáil fhorlíontach.

Léarscáil deiridh – 1 Nollaig 2023

Déanfar talamh a bheidh ar na dréacht-léarscáileanna agus ar na léarscáileanna forlíontacha araon, faoi réir thorthaí aighneachtaí a dhéanfar maidir leis an dá léarscáil, a chur san áireamh ar an léarscáil deiridh talún a bheidh i raon feidhme na cánach i limistéar an údaráis áitiúil a fhoilseofar an 1 Nollaig 2023. Beidh an talamh seo faoi réir na cánach mura bhfuil sé díolmhaithe mar mhaoin chónaithe, mar a leagtar amach thuas, nó mura dtagann sé faoi aon díolúine eile dá bhforáiltear sa reachtaíocht.

Déanfar an léarscáil deiridh a athbhreithniú go bliantúil ó 2025 ar aghaidh.

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil ar an bpróiseas dréacht-léarscáileanna nó ar aighneacht a dhéanamh seiceáil le do thoil ‘Do Cheisteanna Freagraí’ atá le fáil anseo [nasc]. Má bhaineann do cheist le limistéar talún ar leith nó mura bhfuil an freagra le fáil sna CCanna déan teagmháil leis an Roinn Pleanála.

Tá tuilleadh faisnéise ar an bpróiseas ar fáil freisin trí ‘Cáin Thalaimh Chriosaithe Chónaithe - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’. anseo

Mar atá leagtha amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas RZLT. Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin léarscáiliú a shainaithníonn an talamh atá faoi réir na cánach, lena n-áirítear nuashonrú bliantúil ar an léarscáil deiridh a fhoilseofar an 1 Nollaig 2023. Ina dhiaidh sin, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfaidh riaradh na cánach. .

Toisc nach riarann an t-údarás áitiúil an cháin ní féidir linn aon cheist a fhreagairt maidir le riar na cánach. Ba cheart gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim

Ag féachaint do róil na n-údarás áitiúil agus na gCoimisinéirí Ioncaim faoi seach sa phróiseas RZLT, ba cheart fiosrúcháin maidir leis an léarscáiliú a chur chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Áirítear leis seo fiosruithe ar;

  • Critéir le cur ar an Dréachtléarscáil
  • Aighneachtaí ar an Dréachtléarscáil
  • Cinntí ar an Dréachtléarscáil
  • Léarscáil bhreise
  • Aighneachtaí ar léarscáil bhreise
  • Cinntí ar an mapa Forlíontach
  • Aighneachtaí criosaithe
  • Achomhairc (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil deiridh
  • Léarscáil Deiridh athbhreithnithe bhliantúil

Ba chóir ceisteanna faoi riaradh na cánach a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim – Áirítear leis seo fiosruithe ar;

  • Cad is láithreán ábhartha ann chun críche RZLT
  • Daoine faoi dhliteanas
  • Méid na cánach talún criosaithe cónaithe
  • Oibleagáid clárú
  • Oibleagáid ar an duine faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
  • Laghduithe
  • Cáin talún criosaithe cónaithe a chur siar.

Cad a dhéanfaidh mé más Úinéir Tí mé?

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad é an iarmhairt?

Aithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann sé na critéir don cháin, atá bunaithe ar chriosú cónaithe faoi stiúir agus seirbhísiú de réir infrastruchtúir atá oiriúnach do sholáthar tithíochta. Níl an cháin dlite ar an teach agus ar an ngairdín, fad is atá an teach faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ).

An gá dom aighneacht a dhéanamh?

Ní gá. Fiú má shainaithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áitribh chónaithe faoi dhliteanas cáin a íoc sa chás go bhfuil siad faoi réir CMÁ.

Cad a tharlóidh má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047ha (1 acra) -

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid seo, ansin caithfidh tú clárú don RZLT leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach ná do ghairdín faoi dhliteanas cánach. Beidh tú in ann clárú le haghaidh RZLT ó dheireadh 2023 ar aghaidh. Ní gá aon bheart a dhéanamh chun clárú faoi láthair. Féach ioncam.ie le haghaidh sonraí níos gaire don am.

Bosca téacs leathanaigh Ghréasáin – molta le húsáid ar leathanaigh ghréasáin.

Critéir le cur san áireamh sa léarscáil

Sonraíonn Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997:-

Sa Chuid seo, aon tagairt do thalamh a shásaíonn na critéir iomchuí is tagairt í do thalamh atá —

(a) san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht 2000, nó plean limistéir áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, arna chriosú —

(i) le haghaidh úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó

(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,

(b) go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith aige, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun teaghaisí a fhorbairt agus a bhfuil toilleadh seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus,

(c) go bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéanann nithe difear, ó thaobh a riocht fisiciúil, go leor leor chun cosc a chur ar sholáthar teaghaisí, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht iarsmaí seandálaíochta nó stairiúla atá ar eolas, ach nach talamh é.—

(i) dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht 2000) nach forbairt neamhúdaraithe (de réir bhrí Acht 2000), atá in úsáid mar áitreabh , ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á húsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí limistéir chónaithe chóngaracha,

(ii) dá dtagraítear i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh folamh nó díomhaoin,

(iii) go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé riachtanach le haghaidh áitíochta, nó go bhfuil sé lárnach d’áitiú ag —

(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,

(II) áiseanna agus bonneagar iompair,

(III) bonneagar agus áiseanna fuinnimh,

(IV) bonneagar agus áiseanna teileachumarsáide,

(V) bonneagar agus áiseanna uisce agus fuíolluisce,

(VI) bonneagar bainistíochta agus diúscartha dramhaíola, nó,

(VII) bonneagar áineasa, lena n-áirítear áiseanna spóirt agus clóis súgartha,

(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d'fhéadfadh cosc a chur ar fhorbairt, nó

(v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.