Tá roinnt imeachtaí agus eagraíochtaí cruthaithe ag pobal láidir, bríomhar na háite, a bhaineann leas as an tírdhreach ilghnéitheach na Gaillimhe. Chuir an phaindéim dlús leis an tóir atá ar an snámh farraige fud fad na bliana. D'fhoghlaim daoine faoin iliomad buntáistí sláinte a bhaineann le snámh faoin aer, agus anois bíonn na tránna gnóthach i rith na bliana. Is iomaí deis a thugtar do dhaoine stíl mhaireachtála dhinimiciúil, shláintiúil a chleachtadh i mBóthar na Trá. D'fhéadfaí dul ag spaisteoireacht ar an bpromanáid, madra a shiúl, nó ióga a dhéanamh ag breathnú amach ar an gCuan, mar shampla. Féachfaidh an tionscadal seo ar bhealaí ina bhféadfadh Bóthar na Trá barr leasa a bhaint as an ngné seo dá charachtar agus cinnteoidh sé gur féidir leis an oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí, trí inrochtaineacht a fheabhsú do chách, mar shampla.