Fiosruithe roimh Phleanáil

Cén fheidhm atá ag an Rannóg Pleanála? Cén uair a bheidh Cead Pleanála ag teastáil uaim?

Cén fheidhm atá ag an Rannóg Pleanála?

Is é aidhm na Rannóige Pleanála córas pleanála fisiciúla a bheith i bhfeidhm a bheadh in ann freastal ar fhorbairt gheilleagrach, shóisialta agus inbhuanaithe na cathrach.

Tá ról lárnach ag an gcóras pleanála fisiciúla ó thaobh seachadadh na gclár bonneagair a éascú agus ó thaobh dul i ngleic le riachtanais sa soláthar tithíochta. Feidhmíonn údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála an córas go díreach faoi na hAchtanna um Pleanáil 2000-2013. Dá réir sin, ba cheart fiosruithe maidir le haon iarratas pleanála faoi leith a chur díreach chuig údarás áitiúil an cheantair ar mian leat fiosrú a dhéanamh faoi.

Is iad seo na príomhréimsí a mbíonn an Rannóg Pleanála ag plé leo:

  • Rialú Pleanála (iarratais pleanála)
  • Pleanáil Chun Cinn (plean agus beartas forbartha)
  • Forfheidhmiú Pleanála
  • Rialú Foirgníochta

 

Cén uair a bheidh Cead Pleanála ag teastáil uaim?

Go ginearálta, teastóidh cead pleanála uait le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine mura bhfuil díolúine shonrach ag an bhforbairt ón riachtanas sin. I measc na forbartha tá oibreacha (tógáil, scartáil, athrú) a dhéanamh ar thalamh nó ar fhoirgnimh agus athrú ábhartha (i.e. suntasach) a dhéanamh ar úsáid talún nó foirgneamh.

Má tá amhras ort faoi cibé an dteastaíonn cead pleanála uait nó nach dteastaíonn, téigh i dteagmháil le do thoil leis an Rannóg Pleanála i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536599

Cén cineál oibreacha a bhfuil díolúine acu ó Chead Pleanála?

Is ionann forbairt dhíolmhaithe agus forbairt nach dteastaíonn cead pleanála ina leith. Leagtar na catagóirí d’fhorbairt dhíolmhaithe amach sa dlí pleanála. Is iondúil go mbíonn tairseacha áirithe i gceist a bhaineann, mar shampla, le méid nó le hairde.

Má sháraítear na tairseacha sin, ní bheidh feidhm a thuilleadh leis na díolúintí. Is é feidhm na díolúine rialuithe ar fhorbairtí beaga a sheachaint.

D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála.

Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc.

Breathnaigh ar na bileoga eolais, ina bhfuil sonraí maidir leis na príomhdhíolúintí

Céard is Deimhniú Díolúine ann?

Má thagann ceist aníos maidir le cibé an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cead pleanála d’fhorbairt is féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála chun deimhniú a fháil maidir le cibé an dteastaíonn cead pleanála nó nach dteastaíonn. Nuair a fhaigheann an t-údarás pleanála an t-iarratas eiseoidh sé cinneadh ar cibé an dteastaíonn cead pleanála faoi cheann cheithre seachtaine ó dáta a bhfaightear an t-iarratas agus táille €80.

Cá bhfaighidh mé Deimhniú Díolúine?

Is féidir deimhniú díolúine a fháil ach foirm iarratais ‘Dearbhú maidir le Forbairt Dhíolmhaithe (Alt 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000)’ a fháil agus í a sheoladh isteach chuig an Rannóg Pleanála leis an táille riachtanach €80.00. Eiseofar cinneadh ar an iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine.

Download Certificate of Exemption Application Form [English]

Íoslódáil Foirm Iarratais ar an Deimhniú Díolúine [Gaeilge]

Íoslódáil Deimhniú Díolúine - Treoirlínte Alt 5

Cén chaoi a ndéanfaidh mé cuardach ar na sonraí in Iarratas Pleanála?

Tugann an Córas Fiosraithe Pleanála ar Líne deis duit breathnú ar Léarscáileanna agus ar Iarratais Pleanála ar líne.

Cén chaoi a mbreathnóidh mé ar sheaniarratais pleanála?

Tá comhaid Phleanála Stairiúla ó 1991 ar aghaidh ar fáil le breathnú orthu ar an gCóras Fiosraithe Pleanála ar Líne. Is féidir breathnú ar Chomhaid Dhigiteacha níos sine ná sin i rannóg pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Más mian leat breathnú ar an mbunchomhad pleanála tabhair ar aird go gcuirtear comhaid phleanála i gcartlann agus nach mór iarratas ar chomhad a fháil ar ais a dhéanamh roimh ré trí ghlaoch ar Rannóg Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536599 nó ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie. Gearrtar táille €6.00 in aghaidh an chomhaid chun comhaid phleanála atá sa chartlann a fháil ar ais.

An féidir liom bualadh le pleanálaí an cheantair chun mo thogra pleanála a phlé?

Is féidir coinne a dhéanamh leis an bpleanálaí iomchuí le haghaidh Comhairliúchán Réamhphleanála trí ghlaoch ar an rannóg pleanála ar 091 536599 nó ríomhphost a chur chuig an Rannóg Pleanála ag planning@galwaycity.ie