Seisiúin agus imeachtaí fócais do Ghrúpaí Pobal
Oibreoimid le grúpaí pobail agus sóisialta chun tosaíochtaí agus mianta do thodhchaí Bhóthar na Trá a phlé. Má tá tú i do chuid de ghrúpa pobail agus más mian leat smaointe agus tuairimí a sheoladh isteach, seol ríomhphost chuig: SalthillFramework@GalwayCity.ie nó glaogh ar an uimhir 091 354101
Cén uair: Go luath i mí Feabhra
Gnó:
Tá ról lárnach ag pobal gnó Bhóthar na Trá i bhfás agus i bhforbairt an cheantair. Chuidigh cur chuige comhoibritheach agus rannpháirtíocht phobail mhuintir ghnó Bhóthar na Trá le feabhas a chur ar an tóir atá ar an sráidbhaile agus chuir siad go mór le fás eacnamaíoch agus sóisialta na háite. Is mór againn a léargais agus tugaimid cuireadh do gach úinéir gnó i mBóthar na Trá páirt a ghlacadh i gCreatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá chun todhchaí an cheantair a mhúnlú.
Cén uair: An 6 Feabhra in Óstán Bhóthar na Trá idir 4pm agus 6pm
Pobal Snámha Farraige
Is cuid bhríomhar de phobal Bhóthar na Trá iad pobal snámha farraige Chuan na Gaillimhe agus na Carraige Duibhe agus cuireann siad go mór le carachtar bríomhar agus le folláine an cheantair. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le snámh faoin aer don mheabhairshláinte agus don nascadh pobail. Chun dearcadh uathúil na ndaoine díograiseacha seo a fháil, táimid ag eagrú ócáid don phobal snámha farraige ina mbeidh deis ag daoine a dtaithí, a dtuairimí agus mianta féin do shráidbhaile agus do chladach Bhóthar na Trá a roinnt. Cuideoidh a gcuid léargas linn fís a mhúnlú chun tacú leis an bpobal bríomhar snámha.
Cén uair: An 7 Feabhra ag Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe idir 11am agus 1:30pm
Ócáid buail isteach do Chónaitheoirí
Beidh tuairimí chónaitheoirí áitiúla Bhóthar na Trá ríthábhachtach dúinn agus muid ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gceantar, ar stair na háite agus ar an gcaoi a bhféadfaí an ceantar a fheabhsú. Cuideoidh tuairimí na gcónaitheoirí linn tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla agus ar na nithe sainiúla a bhaineann go sonrach le Bóthar na Trá. Cabhróidh an tuiscint sin linn chun fís agus plean a chruthú lena bhfreastalófar ar an bpobal áitiúil agus lena dtacófar leis, de réir mar a athraíonn agus mar a fhorbraíonn stíleanna maireachtála na ndaoine.
Cén uair: An 21 Feabhra 2024 in Óstán Bhóthar na Trá idir 4 agus 8pm..
Tob-ócáid ar an bPromanáid
Beimid ar an bPromanáid Dé Sathairn an 22 Feabhra chun labhairt le cónaitheoirí áitiúla agus le cuairteoirí faoi na rudaí a thaitníonn go mór leo faoi Bhóthar na Trá, agus faoi na rudaí a mholfaidís a fheabhsú sa gceantar.
Má tá smaointe agat faoin gcaoi a d'fhéadfaimis feabhas a chur ar shráideanna, ar spásanna poiblí, ar an bPromanáid nó ar an gcladach, más mian leat scéal a roinnt linn faoi Bhóthar na Trá mar a bhí, má fuair tú inspioráid ó áit eile ar thug tú cuairt uirthi, nó má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal, cuirfear fáilte is fiche romhat!
Inis dúinn faoi na háiteanna agus na himeachtaí is fearr leat, agus faoi do chuid smaointe don todhchaí. Beidh idir chainteoirí Gaeilge agus Béarla againn ag an tob-ócáid, agus beidh gníomhaíochtaí do pháistí ar siúl chomh maith.
Beidh an ócáid seo leagtha amach ar bhealach a bheidh spraíúil agus neamhfhoirmiúil. Féadfaidh tú teacht ann ag am ar bith, agus fanacht a fhada nó a ghiorra agus is mian leat.
Cén uair: Dé Sathairn an 22 Feabhra, ar an bPromanáid ó 10:30am go 4:00pm