![tour](/sites/default/files/styles/large_3_2_768x512/public/2025-01/13%20-%20Salthill%20Framework%20-%20Village%20uses%20and%20tourism%20subpage.jpg?itok=qtaJB00K)
Sa lá atá inniu ann tá pobal beag tarraingteach de shiopaí, de bhialanna agus d'ionaid lóistín ar fáil i Sráidbhaile Bhóthar na Trá, agus is mol é do mhiondíoltóirí neamhspleácha. Fiosrófar faoin gcreat an chaoi a mbeifear ábalta tacú le húinéirí siopaí miondíola neamhspleácha, agus mar is féidir fearann poiblí agus timpeallacht an tsráidbhaile a fheabhsú ar mhaithe le miondíoltóirí áitiúla agus ar mhaithe leis an bpobal.
Ceann de na rudaí is tarraingtí a bhaineann le Bóthar na Trá ná suíomh álainn na háite ar Chuan na Gaillimhe ag lárphointe Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus cóngaracht an cheantair do Lár Chathair na Gaillimhe. Tá sé thar a bheith tábhachtach cothromaíocht a fháil idir riachtanais an phobail áitiúil a chomhlíonadh agus tarraingteacht Bhóthar na Trá a choinneáil agus a fheabhsú mar eispéireas taitneamhach do chuairteoirí. Ba cheart don dá ghné seo a bheith ar chomhchéim. Is áit an-luachmhar é Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe, mar shampla, don tumadóireacht agus don snámh agus meallann sé an pobal áitiúil agus cuairteoirí araon, go háirithe i gcaitheamh an tsamhraidh. Déanfar na háiteanna a bhféadfaí áiseanna agus saoráidí breise a chur ar fáil d'úsáideoirí trá, chun cabhrú leis an mbrú méadaithe ar an mbonneagar agus ar na seirbhísí atá ann cheana a mhaolú, mar chuid den Chreat seo. Beidh imeachtaí rannpháirtíochta ina gcúnamh againn agus muid ag iarraidh an chaoi le barr leasa a bhaint as an gcladach le haghaidh gníomhaíochtaí pobail a fháil amach mar chuid den Chreat. Ina theannta sin, fiosróimid deiseanna chun tairbhe bhreise a bhaint as imeachtaí níos leithne i gCathair na Gaillimhe.