
Tá an timpeallacht nádúrtha ina chúlra álainn ag daoine a bhíonn ag siúl, ag siúl le madraí, ag snámh agus ag tumadóireacht ann. Is áit mhealltach é Bóthar na Trá anois ar bhonn réigiúnach agus é ina cheann scríbe dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh ceangal a dhéanamh leis an dúlra. Tá tábhacht ollmhór ag baint le Cuan na Gaillimhe toisc é a bheith ainmnithe ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Tá suntas ag baint leis freisin ina Limistéar faoi Chosaint Speisialta d'éin fhiáine. Tá cáilíocht an uisce snámha a chosaint tábhachtach freisin toisc trá Bhóthar na Trá a bheith ainmnithe mar thrá a bhfuil brat gorm aici
Bíonn Bóthar na Trá faoi réir baol tuile mar thoradh ar bháisteach throm, stoirmeacha agus leibhéil ardaithe farraige. Tá na cúinsí adhaimsire seo ag éirí níos measa le blianta beaga anuas mar gheall ar athrú aeráide. Déanfar breithniú sa Chreatphlean ar thionchar an athraithe aeráide agus ar bhealaí chun seasmhacht Bhóthar na Trá i gcoinne an tionchair sin a neartú.
