Chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ní mór duit foirm iarratais ar chead pleanála a chomhlánú agus í a chur isteach, in éineacht leis na cáipéisí riachtanacha agus leis an táille iomchuí, chuig an rannóg pleanála den údarás pleanála lena mbaineann d’iarratas.
Download Planning Application Form [English]
Íoslódáil Foirm Iarratais ar Chead Pleanála [Gaeilge]
Féadfar iarratas a dhéanamh ar aon cheann díobh seo a leanas:
- Cead Imlíneach (Le feiceáil an n-aontaíonn an t-údarás pleanála le do thogra i bprionsabal)
- Cead tar éis Cead Imlíneach a dheonú (Má fhaigheann tú cead imlíneach, ní mór duit cead iomlán a fháil sula gcuireann tú tús leis an obair).
- Cead forbartha
- Cead chun forbairt a choimeád
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach féidir Cead Imlíneach a thabhairt maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
- Forbairt a choimeád.
- Oibreacha a dhéanamh ar Struchtúr faoi Chosaint nó Struchtúr atá beartaithe a Chosaint.
- Forbairt óna dteastaíonn Ceadúnas um Rialú ar Thruailliú, Ceadúnas Dramhaíola nó EIS.
- Ní féidir síneadh a chur le cead pleanála nuair nach bhfuil agat ach cead imlíneach.
1. Próiseas Iarratas Pleanála
Córas ríomhphleanála ar líne
Tá tairseach ríomhphleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe beo anois agus ag glacadh le hiarratais phleanála ar líne. Tá roinnt míonna caite ag an gComhairle ag ullmhú do sheoladh an chórais nua a chuaigh beo níos luaithe an mhí seo.
Ligeann an tairseach nua www.planning.localgov.ie do ghníomhairí, d’fhorbróirí agus do dhaoine den phobal a n-iarratas a thaisceadh agus aighneachtaí a dhéanamh go leictreonach agus rithfidh sí mar rogha eile seachas an córas páipéarbhunaithe atá ann faoi láthair.
Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de 19 n-údarás pleanála atá beo ar an tairseach náisiúnta ríomhphleanála agus an chuid eile de na hÚdaráis Phleanála ag teacht ar bord faoi dheireadh Ráithe 3, 2023. Rinneadh tástáil phíolótach ar an tairseach i gComhairlí Contae Thiobraid Árann agus na Gaillimhe.
Cuireann an córas ríomhphleanála éifeachtúlacht fheabhsaithe ar fáil sa phróiseas pleanála reachtúil agus seachadann sé straitéis an Rialtais chun níos mó seirbhísí poiblí a aistriú ar líne. I measc na mbuntáistí a bhaineann leis an gcóras nua tá: Infhaighteacht níos mó ar fhaisnéis don phobal agus uaslódáil níos tapúla ar ríomhchomhaid le breathnú orthu agus coigilteas costais agus comhshaoil d’iarratasóirí, mar gheall ar úsáid laghdaithe a bhaint as páipéar agus dúch.
Spreagtar gníomhairí chun clárú ar an tairseach ríomhphleanála áit a bhfuil físeán faisnéise, agus treoir úsáideora ar fáil ag an nasc seo a leanas planning.localgov.ie/what-online-planning.
Chun foirm iarratais i gcóip chrua a chur isteach:
Ní mór an Fhoirm Iarratais ar Chead Pleanála a chomhlánú ina hiomláine toisc go bhféadfadh an fhoirm a bheith neamhbhailí má chuirtear sonraí neamhiomlána isteach.
Download Planning Application Form [English]
Íoslódáil Foirm Iarratais ar Chead Pleanála [Gaeilge]
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara nach mór Iarratas Pleanála a dhéanamh taobh istigh de choicís ó fhoilsiú an fhógra nuachtáin maidir leis an iarratas. Is é an t-aon eisceacht atá leis sin ná nuair is Satharn, Domhnach, lá saoire poiblí nó aon lá eile ar a bhfuil oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dúnta an lá deiridh den choicís – sa chás sin measfar go bhfuil an t-iarratas bailí, má fhaightear é ar an gcéad lá oibre eile.
Má tá fiosruithe agat maidir le d’iarratas a chomhlánú ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Rannóg Pleanála ar 091 536599 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie
2. Ceanglais maidir leis an bhFógra Nuachtáin
Ní mór fógra go bhfuil sé ar intinn agat iarratas a dhéanamh a fhoilsiú i gceann de na nuachtáin atá ceadaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe taobh istigh de thréimhse coicíse sula ndéantar an t-iarratas.
Liosta de na Nuachtáin Cheadaithe:
- Galway Advertiser
- Galway City Tribune
- Irish Independent
- Irish Times
- Sunday Independent
- Connacht Tribune
3. Ceanglais maidir leis an bhFógra Láithreáin
Ba cheart fógra láithreáin a chur in airde ar an talamh nó a ghreamú de struchtúr laistigh den tréimhse coicíse roimh an t-iarratas pleanála a chur isteach.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara má mheasann Comhairle Cathrach na Gaillimhe nach leor fógra láithreáin amháin a chur in airde nó a ghreamú agus/nó nach gcuirtear an pobal sách maith ar an eolas leis, féadfaidh an t-údarás iarraidh ar an iarratasóir fógra(í) breise a chur in airde agus fianaise go ndearnadh sin a chur isteach d’fhonn cloí leis na ceanglais
Download Application Form for Site Notice [English]
Íoslódáil Foirm Iarratais le haghaidh Fógra Láithreáin [Gaeilge]
4. Ceanglais maidir le Pleananna, Líníochtaí agus Léarscáileanna
Ba cheart go mbeadh pleananna, líníochtaí agus léarscáileanna ag gabháil le hiarratas bailí ar phleanáil.
LÍNÍOCHTAÍ RIACHTANACHA
Nuair a bhíonn forbairt nó forbairt a choimeád i gceist den chuid is mó le hiarratas, sé chóip de phleananna láithreáin/leagan amach, pleananna urláir, ingearchló agus gearrthacha ina ndéantar cur síos ar an bhforbairt. Deich gcóip má tá struchtúr faoi chosaint i gceist leis na hoibreacha.
Nuair a bhaineann iarratas den chuid is mó le hathrú úsáide (nó athrú úsáide a choimeád), ráiteas maidir leis an úsáid reatha agus an úsáid bheartaithe mar aon le sonraí maidir le cineál agus le méid na húsáide beartaithe. Ní mór sé chóip de líníochtaí a bheith ag gabháil le haon fhorbairt a áirítear in iarratas ar athrú ar úsáid, mar a luaitear thuas.
Ní mór go mbeadh na pleananna ar fad etc. ar scála méadrach
(suíomh an fhógra láithreáin ar taispeáint ar gach 6 chóip/10 gcóip den Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin, 1:1000)
Scála léarscáil suímh 1:1000. Tabharfar imlíne den láithreán i ndath dearg agus de thailte faoi úinéireacht i ndath gorm, agus tabharfar imlíne de cheada slí i ndath buí
Suíomh an fhógra láithreáin ar taispeáint ar gach 6 chóip/10 gcóip den Léarscáil de Shuíomh an Láithreáin, 1:1000
Ba cheart gur Léarscáil bhunaidh O.S. í an léarscáil de shuíomh an láithreáin. Más cóip í, taispeáin Uimh. an Cheadúnais ar gach léarscáil.
Ní mór pleananna láithreáin agus leagain amach a tharraingt ar scála nach lú ná 1:500 (ní mór an scála a lua ar an líníocht) agus ní mór teorainn an láithreáin a thaispeáint i ndath dearg chomh maith le gach bóthar, foirgneamh agus gnéithe eile ar an láithreán nó in aice leis.
Pleananna, ingearchlónna agus gearrthacha eile ar scála nach lú ná 1:200 (ní mór an scála a lua ar an líníocht) mura bhfuil scála difriúil aontaithe le Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Beidh leibhéil nó comh-airde le taispeáint ar phlean leagan amach láithreáin.
Beidh príomhghnéithe na bhfoirgneamh in aice láimhe chun tosaigh agus ar gcúl le taispeáint ar líníochtaí ingearchló de réir mar is infheidhme
Beidh pleananna ar a dtaispeánfar atógáil, athrú nó síneadh ar struchtúr daite ar bhealach a dhéanfaidh idirdhealú idir cinn reatha agus cinn bheartaithe nó féadfar iad a thaispeáint astu féin go leithleach. Taispeánfar gach toise seomra i dtógáil nua nó toisí gnáth-árasáin má bhíonn líon mór árasán ann.
Pleananna urláir, ingearchlónna agus gearrthacha le taispeáint i bhfigiúirí na dtoisí (lena n-áirítear airde fhoriomlán) d’aon struchtúr beartaithe. Fad na struchtúr chuig teorainneacha láithreáin le taispeáint ar phleananna láithreáin / leagain amach.
Beidh uimhir bileoige O.S. le lua ar aon léarscáil a bheidh bunaithe ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis
An Aird ó Thuaidh le léiriú ar gach léarscáil & (cé is moite d’ingearchlónna agus gearrthacha)
Ainm agus seoladh an duine a d’ullmhaigh iad le lua ar na pleananna.
I gcás iarratais ar aon obair ar struchtúr faoi chosaint nó aon mhaoin i Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta ní mór grianghraif, pleananna nó sonraí eile de réir mar is gá a bheith ag gabháil leis chun a thaispeáint cén tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar shainghné an struchtúir.
Is féidir an mhapáil a theastaíonn chun iarratas pleanála a chur isteach a fháil ar líne ó shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) nó ó ghníomhaire mapála Osi. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig suíomh gréasáin Osi www.osi.ie