Comhshaol

Comhshaol Services

Bainistiú Dramhaíola

Bailiúcháin Earraí Toirtiúla

Féadfaidh údaráis áitiúla earraí toirtiúla amhail earraí leictreacha móra nó troscán a bhailiú ó theaghlaigh lena ndiúscairt.

Baint Feithiclí Tréigthe

Níl cead ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ach feithiclí a bhaint ó mhaoin phoiblí go hiondúil. Ní rachaidh an Chomhairle Cathrach isteach ar mhaoin phríobháideach chun feithicil a thógáil, mura bhfuil cás eisceachtúil i gceist.

Cead Bailithe Dramhaíola

Eisíonn an Oifig Náisiúnta Bailithe Dramhaíola i gComhairle Contae Uíbh Fhailí ceadanna bailithe dramhaíola do bhailitheoirí ceadaithe nó d'iompróirí dramhaíola.

Dhramhaíl Ghuaiseach

Féadfaidh údaráis áitiúla bailiú dramhaíola guaisí tí a shocrú ag láithreáin ainmnithe.

Diúscairt Dramhaíola Tí

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur do shealbhóirí tí Chathair na Gaillimhe amháin atá an t-eolas seo a leanas. Má tá tú i do chónaí lasmuigh de theorainn Chathair na Gaillimhe, déan teagmháil leis an údarás áitiúil ábhartha le do thoil.

Fodhlíthe Dramhaíola

Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin. Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.

Pacáistíocht

Rialaíonn údaráis áitiúla diúscairt dramhaíola pacáistithe ag gnóthais.

Údaruithe maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite

Is ionann Feithicil a bhfuil a Ré Caite agus seancharr nó seanveain nach bhfuil níos troime ná 3,500kg nó mótarfheithicil trírothach a bhraitear nach bhfuil sábháilte le tiomáint níos mó agus ar mian leat a chur de láimh. D'fhéadfadh sé freisin gur carr nó veain a bheadh i gceist atá díscríofa ag comhlacht árachais mar gheall ar thimpiste.

Rialú Bruscair

Bailte Slachtmhara

Is comórtas náisiúnta é Comórtas na mBailte Slachtmhara a eagraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal.

Bruscar agus Dumpáil Neamhdhleathach

Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.

Glantacháin Pobail

I rith na bliana, cabhraíonn grúpaí an phobail, grúpaí gnó, cumainn áitritheoirí, coláistí agus scoileanna lenár gCathair álainn a choinneáil slachtmhar trí pháirt a ghlacadh i nglanacháin an phobail.

Margaí agus Trádáil

Ceadúnas Corrthrádála

Ní mór duit iarratas ar cheadúnas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más trádálaí ócáideach tú agus má theastaíonn uait earraí a dhíol in áit phoiblí nó i limistéar trádála ainmnithe.

Cosaint Comhshaoil

Ciste Gníomhaíochta Timpeallachta Pobail

Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail, do scoileanna agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil chun tionscadail bheaga chomhshaoil a dhéanamh d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Crainn & Sceachanna

Déanann Rannán Caitheamh Aimsire agus Conláiste Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cothabháil ar gach páirc phoiblí agus spás oscailte laistigh d’eastáit tithíochta, atá glactha faoina gcúram ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Íoc de réir Meáchain

Ná déan dearmad má tá a fhios agat cén sórt dramhaíola atá agat, tá smacht agat ar an gcostas.

Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol

Céard iad na cearta atá agam maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an gComhshaol?
Tá sé de cheart agat faisnéis chomhshaoil áirithe a fháil ó údarás poiblí, ar nós údarás áitiúil.

Tagann an ceart sin maidir le rochtain ar fhaisnéis Chomhshaoil ó Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2011

Barr...

Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha

Is tobhach é an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha a thug an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach den chéad uair riamh an 4 Márta 2002 mar bhealach chun ídiú málaí siopadóireachta plaisteacha a laghdú agus chun úsáid málaí in-athúsáidte a spreagadh. Ba é 15 cent an mála an costas a bhí ar an tobhach ar dtús. Ardaíodh an tobhach go dtí 22 cent an mála an 1 Iúil 2007.

Athchúrsáil

Faisnéis agus Comhairle Athchúrsála

Soláthraíonn Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe áis do chustaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe earraí tí nó leictreacha nach bhfuil ag teastáil a thabhairt chomh fada leis an ionad agus iad a dhiúscairt saor in aisce.

Is le haghaidh custaiméirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe amháin an t-ionad. Tá dianchosc ar úsáid tráchtála.

Ionaid ‘Fág Anseo’

Féadfaidh údaráis áitiúla ionaid fág anseo a sholáthar inar féidir leat earraí beaga tí a athchúrsáil amhail gloine, plaisteach, cannaí bia agus dí agus teicstílí.

Tacaíocht Gnó agus Fiontair

Féilte Glasa

Is tionscnamh é Bíodh Féile Ghlas Agaibh ina mbíonn údaráis áitiúla páirteach i Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil in Éirinn, lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Leas agus Rialú Ainmhithe

Feasacht Comhshaoil

Lánaí a Ghlasú

Mar chuid de thionscadal nua comhoibríoch, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le háitritheoirí áitiúla agus le daoine óga i roinnt ceantar chun dhá lána sa chathair a ‘ghlasú’ agus spásanna a dhéanamh astu atá beathach, spraíúil, báúil le nádúr, as ar féidir leis an bpobal go léir sult a bhaint astu.

Sláinte agus Sábháilteacht Phoiblí

Leithris Phoiblí

Féadfaidh údaráis áitiúla leithris phoiblí a sholáthar agus a chothabháil i gcathracha, bailte, cuanta agus ceantair chósta.

Forbairt Phobail

Mórtas Ceantair

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le gníomhaireachtaí eile, tacú le grúpaí pobail agus deonacha chun tionscnaimh a thaispeáint a chruthaigh tionchar fada buan ina bpobal, amhail folláine chruthaitheach, tionscadail turasóireachta áite agus pobail.

Rialú Torainn

Núis Torainn

Féadfaidh údaráis áitiúla gearáin faoi torann iomarcach uisce a imscrúdú.

Adhlacthaí agus Créamadh

Reiligí

Tá dhá reilig ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe: An Reilig Nua/Reilig an Bhóthair Mhóir agus Reilig Chnocán Iósaif

Maoiniú Pobail

Scéim Deontais Conláiste

Is tionscnamh atá á reáchtáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe í Scéim na nDeontas Conláiste trínar féidir le heastáit tithíochta iarratas a dhéanamh agus cúnamh deontais a fháil chun cabhrú leo a dtimpeallacht áitiúil a chothabháil.

Caighdeán an Aeir

Tuaslagóirí

Tá na rialacháin seo a leanas déanta le Treoir na dTuaslagóirí le hoibriú gnólachtaí a úsáideann tuaslagóirí nó ábhair ina bhfuil tuaslagóirí a rialú, tirimghlantóirí agus ath-bhailchríochnaitheoirí feithiclí den chuid is mó.