Fodhlíthe Dramhaíola

Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin. Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.

  • Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019
    - CEISTEANNA COITIANTA

     

    Cén fáth ar ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019?

    Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin.  Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.   Ach dramhaíl a dhumpáil, go háirithe dramhbhia, d’fhéadfadh sé míolra a mhealladh agus baineann iarmhairtí sláinte agus sábhailteachta leis sin. Baineann baol gortaithe le hábhar na dramhaíola freisin.  Is costas ollmhór ar an gcáiníocóir iad na costais ghlantacháin a bhaineann le dumpáil mhídhleathach.

     

    Chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus ar an gcaoi sin an tsláinte phoiblí, an timpeallacht agus an fiadhúlra a chosaint, d’achtaigh Comhairle Cathrach na Gaillimh Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019.

  • Cén áit ar féidir liom cóip de na Fodhlíthe a fháil?

    Cliceáil anseo chun teacht ar na Fodhlíthe

    www.galwaycity.ie/fodhlithe-dramhaiola  

  • Cén chaoi a mbaineann Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019 liomsa?

    Ní mór do gach teaghlach agus gnólacht i gCathair na Gaillimhe na Fodhlíthe seo a chomhlíonadh.

     

    Seo a leanas cuspóirí na bhFodhlíthe:

    ·         Cabhrú leat do chuid dramhaíola a bhainistiú ar bhealach atá inghlactha ó thaobh na timpeallachta de.

    ·         Cinnte a dhéanamh de nach dtugtar do chuid dramhaíola ach do bhailitheoir údaraithe dramhaíola tí cois bóthair nó go dtugtar chuig saoráid údaraithe dramhaíola í.

    ·         Cinnte a dhéanamh de go leithscartar do chuid dramhaíola i gceart.

    ·         Dumpáil mhídhleathach agus dumpáil chúlchlóis a laghdú.

    ·         Ach dramhaíl a bhainistiú i gceart:

    (a)          Cabhróidh tú le tabhairt faoi dhúshlán na haeráide.

    (b)          Feabhsóidh tú cáilíocht agus méid an ábhair in-athchúrsáilte a bhailítear.

    (c)          Laghdóidh tú an méid dramhaíola a théann go dtí líonadh talún nó a loisctear.

    (d)         Cabhróidh tú le hacmhainní finideacha an domhain a chaomhnú.

  • Céard atá le déanamh agam chun Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) a chomhlíonadh? 

    Leagtar amach in Alt 2 de na Fodhlíthe na hoibleagáidí maidir le dramhaíl teaghlaigh agus tráchtála.  Mar Shampla: Faoi Alt 2.1 Oibleagáid le Páirt a Ghlacadh i Seirbhís Bailithe Dramhaíola, ní mór duit a bheith in ann na nithe seo a leanas a chruthú:

     

    (a)    Tá conradh agat le bailitheoir údaraithe dramhaíola (ceadaítear boscaí bruscair a chomhroinnt agus teastaíonn foirm dar teideal “Cruthúnas ar Chomhaontú” ina leith.  Tá na foirmeacha ar fáil ar www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt    

                                                nó

    (b)   Is féidir leat a thaispeáint go mbaineann tú úsáid rialta as saoráid údaraithe dramhaíola i.e cruthúnas ar admhálacha a chur ar fáil.

     

    Cibé ceann a roghnaíonn tú, ní mór duit a bheith in ann fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, amhail admhálacha, ráitis nó cruthúnas eile ar íocaíocht.  Teastaíonn iarratas faofa ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh socruithe maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt. 

  • Fuair mé litir ón gComhairle inar iarradh sonraí maidir leis an gcaoi a ndiúscraím mo chuid dramhaíola. Céard a dhéanfaidh mé anois?

    Téigh go dtí an suíomh gréasáin www.galwaycity.ie/mywasteinfo  agus comhlánaigh an nasc féindearbhaithe. Teastaíonn an fhaisnéis seo a leanas:

    ·         Do sheoladh agus do chuid sonraí teagmhála.

    ·         Faisnéis maidir le do bhailitheoir údaraithe dramhaíola, má úsáideann tú seirbhís bailithe dramhaíola cois bóthair.

    ·         Sonraí faoin tsaoráid dramhaíola a úsáideann tú, má thugann tú do chuid dramhaíola díreach chuig saoráid údaraithe dramhaíola.

    ·         Sonraí faoi chomhaontú maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt, má chomhroinneann tú do bhoscaí bruscair le comharsa nó le duine eile den teaghlach.

     

    De rogha air sin, is féidir leat an fhaisnéis a chur i ríomhphost chuig wastecollection@galwaycity.ie nó sa phost chuig an Rannóg Timpeallachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

  • Cén fáth a bhfuil faisnéis maidir leis an tseirbhís bailithe dramhaíola a úsáidim á lorg ag an gComhairle?

    Faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála), ní mór do gach sealbhóir dramhaíola seirbhís údaraithe bailithe dramhaíola a úsáid nó dramhaíl a dhiúscairt ag saoráid údaraithe dramhaíola. Tá faisnéis á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi do sheirbhís bailithe dramhaíola le gur féidir linn a dheimhniú go bhfuil seirbhís bailithe dramhaíola agat agus go bhfuil na fodhlíthe á gcomhlíonadh agat.

  • An gcaithfidh mé an méid a dhéanaim le mo chuid dramhaíola a chur in iúl don Chomhairle?

    Caithfidh. Faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála), a tháinig in éifeacht i mí Feabhra 2019, tá ceangal dlí ar áitritheoirí agus ar ghnólachtaí i gCathair na Gaillimhe na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    1.       Cruthúnas páipéir nó leictreonach a thaispeáint ar sheirbhís rialta bailithe boscaí bruscair de chuid bailitheora údaraithe dramhaíola nó

    2.      Cruthúnas ar admhálacha a thaispeáint má thugtar dramhaíl díreach chuig saoráid údaraithe dramhaíola nó

    3.      Cruthúnas ar chomhaontú maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt a thaispeáint más rud é go gcomhroinntear boscaí bruscair le comharsa nó le duine eile den teaghlach. Chun leas a bhaint as an rogha seo, ní mór foirm dar teideal ‘Cruthúnas ar Chomhaontú’ a chomhlánú. Tá an fhoirm seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt  nó ach teagmhail a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ar 091-536400.

     

    Tabhair do d’aire le do thoil gur cion é faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar de réir Alt 14 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996. 

  • An gcoinneofar mo chuid faisnéise faoi rún?

    Stórálfar agus próiseálfar do chuid sonraí ar aon dul le Treoirlínte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Sonraí faoi RGCS.

  • Cad a tharlóidh mura gcomhlíonaim na Fodhlíthe?

    Mura gcomhlíonann tú aon riachtanas de chuid na bhfodhlíthe, d’fhéadfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe nó ball den Gharda Síochána Fógra um Pionós Socraithe (€75 ar a mhéad) a eisiúint. D’fhéadfaí freisin fíneáil suas le €2,500 a ghearradh ar dhuine nuair a chiontaítear é. 

     

     

    TÁ MONATÓIREACHT Á DÉANAMH AG NA CIGIRÍ I DO CHEANTAR FAOI LÁTHAIR. SEACHAIN FÍNEÁIL ACH A BHEITH COMHLÍONTACH Ó THAOBH NA DRAMHAÍOLA DE

  • Cén chaoi ar féidir liom a sheiceáil an bhfuil bailitheoir dramhaíola údaraithe nó nach bhfuil?

    Tá cead bailithe dramhaíola ag bailitheoirí údaraithe dramhaíola, a d’eisigh an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola.   Chun fáil amach an bhfuil cead bailithe dramhaíola bailí acu, ní mór do theaghlach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola ar 057 9373710 nó ríomhphost a chur chuig contactus@nwcpo.ie 



  • Tá cead ag na bailitheoirí dramhaíola seo a leanas dramhaíl a bhailiú ó do réadmhaoin i gCathair na Gaillimhe:

     

    BARNA RECYCLING www.barnarecycling.com 

    CITY BIN www.citybin.com 

    WERS www.werswaste.ie 

    WALSH WASTE www.walshwaste.com  

     

    Tá an gineadóir dramhaíola freagrach as cinnte a dhéanamh de go bhfuil an bailitheoir dramhaíola comhlíontach. D’fhéadfaí fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ar dhuine as bailitheoir neamhúdaraithe dramhaíola a úsáid.

  • Comhroinnim boscaí bruscair le duine eile den teaghlach. An gceadaítear é sin?

    Ceadaítear boscaí bruscair a chomhroinnt i gcúinsí áirithe. Chun leas a bhaint as an rogha seo, ní mór foirm dar teideal ‘Cruthúnas ar Chomhaontú’ a chomhlánú agus ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an fhoirm a fhaomhadh. Tá an fhoirm seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt  nó ach teagmhail a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ar 091-536400.

  • Céard é clár Alt 34C?

    Faigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe faisnéis ó bhailitheoirí údaraithe dramhaíola a oibríonn i gCathair na Gaillimhe. De réir Alt 34C den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, arna leasú, bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Clár Daoine a Úsáideann Seirbhís Bailithe Dramhaíola Teaghlaigh’.  Uasdátaítear an clár seo go rialta ach an fhaisnéis a fhaightear ó na bailitheoirí údaraithe dramhaíola a oibríonn sa chathair a úsáid.

  • Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi bhainistíocht dramhaíola?

    Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.mywaste.ie  nó ar www.galwaycity.ie/household-waste-disposal .