Cead Comharthaíochta Imeachtaí Sealadacha

Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead chun comharthaíocht shealadach a úsáid chun imeachtaí a fhógairt.

1. Cad is talamh príobháideach ann?

Is talamh é seo nach leis an Údarás Áitiúil é, agus de ghnáth beidh sé taobh thiar de theorainn an bhóthair/na sráide (fál, sconsa, balla, srl.) nó ceangailte le foirgnimh.

2. An féidir liom comhartha sealadach a chur suas ar thalamh príobháideach atá infheicthe ó áit phoiblí?

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag aon chomharthaí a chuirtear suas ar thalamh príobháideach a fhéadtar iad a fheiceáil ó áit phoiblí ar nós bóthair, nó cosán, ar shábháilteacht ar bhóithre. Féadfar a mheas go bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol nó ar thaitneamhacht ceantair. Más úinéir talún thú, nó má fuair tú cead ón úinéir talún, féadfaidh tú comhartha sealadach a chur suas gan aon chead pleanála, ceadúnais nó ceadanna, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais Sceideal 2 de Chuid 2 de na Rialacháin Phleanála agus Forbartha 2001 - Fógraí Forbartha Díolmhaithe. Ach má tá tionchar ag an gcomhartha ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an taitneamhacht áitiúil, féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe beart a ghlacadh. Mar sin moltar duit dul i gcomhairle le Rannóg Phleanála na Comhairle sula gcuireann tú suas aon chomhartha.

3. Cad a tharlóidh má thógaim comhartha sealadach ar thalamh príobháideach a théann i bhfeidhm ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar thaitneamhacht nó ar thimpeallacht ceantair?

(a) Le Cead ón Úinéir Talún:
I gcás go gcuirtear comharthaí sealadacha suas ar thalamh príobháideach ina bhféadtar na comharthaí a fheiceáil ó áit phoiblí agus cead ón úinéir talún faighte, seirbheálfar fógra faoi Alt 20 de na hAchtanna um Thruailliú Bruscair 1997 go 2003 ar an úinéir talún ina n-iarrfar air/uirthi an comhartha a bhaint.

(b) Gan Cead ón Úinéir Talún:
I gcás ina gcuirtear comharthaí sealadacha suas ar thalamh príobháideach ina bhféadtar na comharthaí a fheiceáil ó áit phoiblí, eiseofar fíneáil faoi na hAchtanna um Thruailliú Bruscair 1997 go 2003 ar an duine, ar an gcuideachta nó ar an ngnó atá freagrach as an gcomhartha a chur suas, i gcás nach bhfuil cead ón úinéir tugtha.

4. Cad is Talamh Poiblí ann?

Aon chuid de bhóthar nó sráid phoiblí lena n-áirítear gruaimhíní, cosáin, gualainn chrua, leataobh, oileáin timpealláin, carrchlóis phoiblí, airmheáin nó oileáin, cearta slí poiblí nó aon áit a measann an tÚdarás Áitiúil a bheith ina limistéar poiblí.

5. An féidir liom comhartha sealadach a chur suas ar thalamh poiblí?

B’fhéidir - ach is é beartas na Comhairle nach gcuirfear AON CHOMHARTHA suas ar thalamh poiblí gan toiliú roimh ré ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Níor cheart go sáródh tógáil na gcomharthaí seo Acht na mBóithre 1993 agus níor cheart go mbeadh sé ina bhaol d’úsáideoirí bóithre. Mar sin, is é beartas na Comhairle sula gceadaítear aon chomhartha den sórt sin a chur suas in áit phoiblí, cead comhartha sealadach ón Rannóg Chomhshaoil (imeachtaí carthanais, spóirt agus cultúrtha) nó Ceadúnas Alt 254 ónár rannóg phleanála faoin Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (Alt 254) & Rialacháin Phleanála & Forbartha 2001 maidir le Fógraíocht Tráchtála m.sh. comharthaí Ceantálaithe.

6. Comharthaí sealadacha ar thalamh poiblí nach mór cead comhartha sealadach a bheith acu?

D’fhéadfaí comharthaí sealadacha ina gcuirtear imeachtaí carthanais, spóirt agus cultúrtha chun cinn a cheadú agus sonraítear iad sna Rialacháin Phleanála agus Forbartha 2001-2011 mar seo a leanas.

  • Aicme 16 - Cuimsítear anseo seo aon imeacht áitiúil de charachtar reiligiúnach, cultúrtha, oideachasúil, polaitiúil, sóisialta, áineasa nó spóirt nach ócáid é a chuirtear chun cinn nó a dhéantar chun críocha tráchtála.
  • Aicme 17 - Fógraí a bhaineann le cuairt aon sorcais taistil, aonach spraoi, carnabhail, seó, ceoltóirí, seinnteoirí nó siamsaíochta taistil eile.

7. Conas a gheobhaidh mé cead comhartha sealadach?

Eisíonn an Rannóg Chomhshaoil de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ceadanna um chomharthaí sealadacha. Ba chóir iarratais a dhéanamh 4 seachtaine roimh d’imeacht. Tá an nasc don iarratas le fáil ar líne anseo


8. Cé mhéad a chosnaíonn cead comhartha sealadach?

Ní ghearrtar aon táille ar an tseirbhís seo.

9. Cad a tharlóidh má chuirtear comhartha suas gan cead comhartha sealadach?

Bainfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe comharthaí a thógfar gan chead, a mheastar a bheith ina nguais tráchta bóthair nó a mbíonn tionchar diúltach acu ar thaitneamhacht nó ar thimpeallacht ceantair, agus eiseofar fíneáil ar an láthair de €150 faoin Acht um Thruailliú Bruscair ar an gciontóir líomhnaithe.

10. Cad a tharlóidh má chuirim comhartha sealadach suas de shárú ar choinníollacha an cheada um chomhartha sealadach?

Eiseofar fíneáil ar an láthair de €150.00 ar an duine, an chuideachta nó an gnó atá freagrach as comharthaí a chur suas ar shárú ar choinníollacha an cheada agus iarrfar air an comhartha a bhaint laistigh de 7 lá. Mura gcomhlíontar an iarraidh seo, eiseofar fíneálacha breise. Bainfear gach comhartha ar bhóithre poiblí/áiteanna poiblí, mura bhfuil ceadúnas bailí ann don chomhartha nó má fuarthas cead sealadach comhartha ón údarás áitiúil.