Ionaid ‘Fág Anseo’

Féadfaidh údaráis áitiúla ionaid fág anseo a sholáthar inar féidir leat earraí beaga tí a athchúrsáil amhail gloine, plaisteach, cannaí bia agus dí agus teicstílí.

Céard is Ionad Fág Anseo ann?

Is coimeádáin mhóra iad na hionaid fág anseo atá suite ag pointí éagsúla sa chathair áit ar féidir le háitritheoirí fáil réidh le buidéil ghloine/crúscaí gloine agus éadaí.

Cén sórt rudaí is féidir a thabhairt chuig na hIonaid Fág Anseo?

Braitheann na cineálacha rudaí is féidir a thabhairt chuig ionad fág anseo ar an sórt coimeádáin atá ag gach láthair. 

Cá bhfuil na hIonaid Fág Anseo lonnaithe?

 

Láthair

Ábhar

Siopa Joyce’s i gCnoc na Cathrach Gloine
Páirc Toft, Bóthar na Trá Gloine & Teicstílí
Ionad Siopadóireachta Westside Gloine & Teicstílí
Bóthar Dáileacháin an Iarthair Gloine & Teicstílí
Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste Gloine & Teicstílí
Ionad Siopadóireachta Doughiska Gloine
Carrchlós Bhóthar na Díge Gloine
Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe (Tesco) Gloine & Teicstílí
Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Eastát Tionscail an Leasa Bháin
(Luan - Déardaoin 2pm go dtí 4pm,
Aoine 2pm - 3pm,
Satharn 9am - 1pm amháin)
Gloine, Teicstílí, Cadhnraí, Bolgáin Solais, WEEE, Plaisteach Mór Crua, Dramh-Mhiotail, Adhmad
Tír Oileáin (Dunnes Stores) Gloine & Teicstílí
Ionad Siopadóireachta an Bhaile Bháin Gloine & Teicstílí
An Rinn Mhór, le taobh an Kingfisher Club Gloine & Teicstílí

Chun breathnú ar láithreacha na nIonad Fág Anseo ar fud na tíre, téigh chuig an suíomh gréasáin seo a leanas: https://www.mywaste.ie/waste-service-locator/

Ná bain mí-úsáid as na háiseanna seo trí bhruscar nó dramhaíl a fhágáil in aice leo. Is cion é bruscar a chaitheamh uait faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar agus d’fhéadfaí fíneáil €150 ar an láthair a ghearradh ort. Tabhair do chuid málaí/boscaí abhaile leat agus bain úsáid astu arís.
Tá sé in aghaidh an dlí d’ábhar in-athchúrsáilte a fhágáil le taobh na n-ionad fág anseo, in ionad iad a chur sna coimeádáin a chuirtear ar fáil agus cuireann sé am agus airgead amú má chaitear glanadh suas i ndiaidh daoine a dhéanann é sin. Fiú amháin nuair a bhíonn na hionaid fág anseo lán, tá sé in aghaidh an dlí do chuid rudaí a fhágáil le taobh an choimeádáin – téigh chuig láthair eile nó tar ar ais nuair a fholmhaítear iad. Má tá coimeádán lán, déan teagmháil leFoireann Seirbhísí do ChustaiméiríChomhairle Cathrach na Gaillimhe ionas go mbeimid in ann socrú a dhéanamh chun é a fholmhú.

Cén chaoi ar cheart dom fáil réidh le gloine?

Scar amach an ghloine de réir datha – tá sé sin tábhachtach don phróiseas athchúrsála – agus cuir an crúsca/buidéal gloine sa choimeádán ceart.

Crúscaí gloine agus buidéil ghloine amháin. Níor cheart aon earraí ceirmeacha, tíleanna, scátháin, gloine fuinneoige, piréis ná gloiní óil a chur sna coimeádáin gloine. Déantar an cineál sin gloine a phróiseáil ar bhealach eile agus bíonn tionchar aige ar chaighdeán na gloine athchúrsáilte.

Ná faigh réidh le gloine go deireanach san oíche toisc go bhféadfaí cur isteach ar dhaoine a chónaíonn in aice leis na hionaid fág anseo.

Cén chaoi ar cheart dom fáil réidh le hÉadaí/Teicstílí?

Is féidir fáil réidh le hÉadaí agus le Teicstílí i gcoimeádáin na n-ionad fág anseo atá ann go sonrach le haghaidh éadaí nó teicstílí. Breathnaigh ar na háiteanna a bhfuil coimeádáin le haghaidh teicstílí sna hionaid fág anseo.

Cinntigh le do thoil go bhfuil an t-éadach glan, tirim agus i gcaoi mhaith.

Ní ghlactar le duivéanna ná le piliúir.

Mí-úsáid as Ionaid Fág Anseo:

Is le haghaidh gloine a bhíonn in úsáid ag an teaghlach amháin na hionaid fág anseo.

Ní mór do shiopaí tráchtála a gcuid seirbhísí bainistíochta dramhaíola / athchúrsála féin a láimhseáil agus íoc astu.

Is beag spás a fhágtar d’úsáideoirí tí nuair a úsáideann siopaí tráchtála na hionaid fág anseo go mídhleathach le fáil réidh le lear mór dá gcuid gloine.

Ná fág boscaí folmha i do dhiaidh. Ba cheart duit do bhoscaí cairtchláir folmha a thabhairt abhaile leat, iad a stróiceadh agus iad a chur i do bhosca athchúrsála.

Tá sé in aghaidh an dlí d’ábhar in-athchúrsáilte a fhágáil le taobh na n-ionad fág anseo, in ionad iad a chur sna coimeádáin a chuirtear ar fáil agus cuireann sé am agus airgead amú má chaitear glanadh suas i ndiaidh daoine a dhéanann é sin.

Is féidir aon duine a mbeirtear orthu ag fágáil ábhar in-athchúrsáilte le taobh ionaid fág anseo (bíodh an t-ionad fág anseo lán nó ná bíodh) a ionchúiseamh faoi bhruscar a chaitheamh uathu. Is cion é bruscar a chaitheamh uait faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar agus d’fhéadfaí fíneáil €150 ar an láthair a ghearradh ort.

Céard ba cheart dom a dhéanamh má tá Ionad Fág Anseo lán?

Folmhaítear Ionaid Fág Anseo go minic. Mar sin féin má fheiceann tú Ionad Fág Anseo atá lán, ná fág d’ábhar in-athchúrsáilte lena thaobh de bhrí go bhfuil sé sin neamhdhleathach agus go bhféadfadh fíneáil agus ionchúiseamh a bheith de thoradh air.

Ina ionad sin, tabhair d’ábhar chuig ionad fág anseo ag láthair eile agus déan teagmháil leFoireann Seirbhísí do ChustaiméiríChomhairle Cathrach na Gaillimhe le hinsint dóibh go gcaithfear an t-ionad fág anseo a fholmhú.

Tabhair tuairisc faoi Ionad Fág Anseo atá lán