Núis Torainn

Féadfaidh údaráis áitiúla gearáin faoi torann iomarcach uisce a imscrúdú.

  • Cad is Núis Torainn ann?

    Tagann an chuid is mó de na fadhbanna a bhaineann le torann faoi choincheap an dlí choitinn a bhaineann le “núis” . I gcroílár choincheap na núise, tá duine arb é nó í is cúis leis an núis agus duine dá ndéantar difear de dheasca na núise. Cé nach bhfuil aon teorainneacha torainn uilechoiteanna reachtúla i bhfeidhm in Éirinn, mínítear coincheap na núise torainn faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 mar a leanas:

    I gcás ina bhfuil aon torann chomh mór, chomh leanúnach, chomh minic, chomh fada sin nó á dhéanamh tráthanna gur cúis réasúnach crá é do dhuine in aon áitreabh sa chomharsanacht nó do dhuine a úsáideann aon áit phoiblí go dleathach…

    Barr...

  • Tá Núis Torainn á fulaingt agam, cad ba cheart dom a dhéanamh?

    Is féidir formhór na núiseanna torainn a réiteach go gnaíúil gan aon ghá a bheith ann dul i muinín an dlí. Is minic nach eol don duine nó do na daoine atá freagrach as an bhfoinse torainn go bhfuil núis á cruthú aige nó aici nó acu agus is minic atá siad sásta teacht ar réiteach a bhfuil gach duine sásta leis. Go ginearálta, molann Comhairle Cathrach na Gaillimhe idirchaidreamh a dhéanamh ar bhealach neamhfhoirmiúil múinte leis an duine nó leis na daoine atá freagrach as an bhfoinse torainn chun teacht ar réiteach inghlactha. Is den tábhacht cuimhneamh ar do shábháilteacht phearsanta féin agus idirchaidreamh á dhéanamh agat leis an duine nó leis na daoine atá freagrach as an torann, go háirithe má tá an duine ar meisce nó más eol duit gur duine é nó í ag a bhfuil sé de nós é féin nó í féin a iompar go bagrach nó go maslach. Is féidir go mbeidh sé inmholta taifead a choinneáil ar aon chomhaontú ar thagtar air nó ar aon iarracht atá déanta agat chun teacht ar chomhaontú. Tá treoir ullmhaithe ag an Ionad Saorchúnaimh Dlí le cúnamh a thabhairt chun déileáil le díospóidí comharsan, agus núis torainn san áireamh.  

    Barr...

  • Ní féidir an fhadhb a réiteach go gnaíúil; cé na roghanna eile atá ar fáil?

    Ar an drochuair, ní féidir teacht ar réiteach gnaíúil i gcásanna áirithe. Sna cásanna sin, tá an rogha seo a leanas ar fáil do dhaoine aonair a bhfuil an núis torainn á fulaingt acu; le hAlt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, tugadh isteach nósanna imeachta simplithe lena gcumasaítear do dhaoine aonair gearáin a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcás núis torainn.

    Faoin bhforáil sin, féadfaidh aon duine den phobal iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche lena n-iarrtar go n-éistfí a ghearán nó a gearán i dtaobh torainn. Tá muirear beag (€22 amhail ó mhí na Nollag 2015) ag baint leis an iarratas a dhéanamh, agus déantar dáta agus am a chomhaontú idir cléireach na cúirte agus an gearánaí (an duine ag a bhfuil an núis á fulaingt). Níl sé riachtanach go mbeadh dlíodóir ag feidhmiú ar son duine. Tá sé riachtanach go dtabharfadh an duine ag a bhfuil an t‑iarratas á dhéanamh fógra leordhóthanach don pháirtí eile lena mbaineann maidir leis an éisteach cúirte atá ar na bacáin.

    Trí ghearán a dhéanamh chun na cúirte dúiche, faoi Alt 108 den Acht fán GCC 1992, bheadh ordú á lorg agat chun go ndéanfadh an duine nó an comhlacht atá ag déanamh an torainn, is cúis leis an torann nó atá freagrach as, na bearta riachtanacha chun an torann a laghdú chuig leibhéal sonraithe nó bearta sonraithe chun núis torann a chosc nó a theorannú. Is féidir go mbeidh sé ina chúnamh ag do chás má choimeádann tú taifid i scríbhinn ar an núis torainn de réir mar a tharlaíonn sé. Féadfar clostaifid agus/nó fístaifid a úsáid freisin chun tacú le do chás; ní mór na taifid sin uile a fháil ar mhodh dlíthiúil.

    Tá breis sonraí leagtha amach sa treoirnóta ó ENFO atá le fáil lena íoslódáil [Cliceáil Anseo]

    Tá Bileog Loga Theimpléadach maidir le Núis Torainn le fáil lena hÍoslódáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin [Cliceáil Anseo].

    Ní dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cásanna thar ceann daoine aonair i gcoinne ciontóirí líomhnaithe i ndáil le núis torainn faoi Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

    Barr...

  • Cén cúnamh is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a thabhairt?

    Ní dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cásanna thar ceann daoine aonair i gcoinne ciontóirí líomhnaithe i ndáil le núis torainn faoi Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Is féidir go mbeidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann cúnamh nó faisnéis bhreise a thabhairt ag brath ar na himthosca agus ar fhoinse an torainn. Féach an chuid iomchuí thíos chun breis sonraí a fháil:

    • Torann Aerárthaigh
    • Aláraim
    • Iompar Frithshóisialta
    • Buscáil agus Taibhithe Sráide
    • Oibreacha Foirgníochta
    • Madraí
    • Maoin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
    • Saoráidí Tionscail
    • Ionaid Cheadúnaithe
    • Pleanáil
    • Iompar Poiblí
    • Bailiú Dramhaíola
    • An Láthair Oibre

    Barr...

  • Torann Aerárthaigh

    Is é Údarás Eitlíochta na hÉireann atá freagrach as déileáil le torann ó aerárthaí. Féach www.iaa.ie/ chun breis sonraí a fháil.

    Barr...

  • Aláraim

    Le Caighdeán Eorpach EN51031 éilítear go mbuailfeadh aláraim atá feistithe amhail ó mhí Mheán Fómhair 2003 ar feadh ar a laghad 90 soicind agus ar feadh tréimhse nach faide ná 15 nóiméad. Níl feidhm aige sin go cúlghabhálach maidir le haláraim a fheistítear roimh mhí Mheán Fómhair 2003.

    Is iad na húinéirí agus na háititheoirí faoi seach atá freagrach as deimhin a dhéanamh de go ndéanfar na córais aláraim a chothabháil go rialta agus go mbeidh nósanna imeachta cuí i bhfeidhm i gcás ina gcuirtear an t-aláram ag dul. Ní féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon aláram tríú páirtí a chur as feidhm, ná ní choimeádann Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon taifid ar shonraí teagmhála ná ar chóid díghníomhachtaithe le haghaidh córais aláraim tríú páirtí.

    Má chreideann tú gur i Maoin de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá aláram ag bualadh, seachas Tithíocht Shóisialta, féach an chuid faoi Mhaoin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Le haghaidh aláraim maidir le Tithe Sóisialta féach an chuid faoin Tithíocht Shóisialta.

    Barr...

  • Iompar Frithshóisialta

    Féadfar iompar frithshóisialta, agus ceol ard ó mhaoine intíre san áireamh, a thuairisciú don Gharda Síochána.

    I gcásanna ina bhfuil an torann ag teacht ó lóistín mac léinn, is féidir gur fiú dul i dteagmháil leis an tiarna talún nó leis an gcuideachta bainistithe maoine ós rud é go mbíonn rialacha i bhfeidhm ag cuid mhór díobh i gcoinne cur isteach a dhéanamh ar na comharsana.

    Barr...

  • Buscáil agus Taibhithe Sráide

    Tá fodhlíthe tugtha isteach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena rialaítear buscáil agus taibhithe sráide i lár na cathrach, féach:

     Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Taibhiú Sráide agus Buscáil), 2019

    Féadfar sáruithe líomhnaithe ar na fodhlíthe sin a thuairisciú do na Maoir Phobail nó don Gharda Síochána.

    Más mian leat sárú ar fhodhlíthe buscála a thuairisciú, is féidir ina theannta sin gearán a dhéanamh chun na foirne maidir leis an gComhshaol agus leis an Athrú Aeráide:

    Ar ríomhphost environment@GalwayCity.ie       nó          Ar an nguthán: 091 536 400

    Barr...

  • Oibreacha Foirgníochta

    Oibreacha bóthair

    Ní mór do chonraitheoirí iarratas a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar cheadúnas chun oibreacha a dhéanamh ar an mbóthar poiblí. Beidh uaireanta ceadaithe oibre ag gabháil leis na ceadúnais sin; idir 07:00 agus 21:00 go hiondúil, ón Luan go dtí an Satharn. Má cheadaítear oibreacha lasmuigh de na huaireanta sin, is iondúil go gcuirtear de cheangal ar an gconraitheoir bileoga eolais a dháileadh ar na cónaitheoirí ar dócha go ndéanfar difear dóibh leis na hoibreacha. Má bhíonn núis torainn á fulaingt agat de dheasca conraitheoir a bheith ag obair ar an mbóthar lasmuigh do na huaireanta oibre ceadaithe, is féidir go mbeidh rannóg iompair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in ann cabhrú leat. Téigh i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Iompair, ach glao ar 091 536 400 nó ach ríomhphost a chur chuig roads@galwaycity.ie chun breis sonraí a fháil.

    Ina theannta sin, tá cumhachtaí ag an nGarda Síochána an ruaig a chur ar chonraitheoirí ar bhóthar poiblí i gcás nach bhfuil ceadúnas bailí ina sheilbh acu / ina bhfuil coinníollacha a gceadúnais á sárú acu.

    Gníomhaíochtaí Foirgníochta Eile

    Ar an dóigh chéanna le hoibreacha bóthair, is féidir go bhforchuirfear teorainneacha maidir le huaireanta oibre nó le torann i gcás gníomhaíocht foirgníochta eile ar láithreáin foirgníochta. Go hiondúil tá uaireanta ceadaithe na hoibre foirgníochta i gCathair na Gaillimhe idir 07:00 agus 21:00, ón Luan go dtí an Aoine agus idir 09:00 agus 20:00 ar an Satharn.

    Téigh i dteagmháil leis an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála ach ríomhphost a chur chuig planning@galwaycity.ie nó ach glao a chur ar 091 536 400 chun breis sonraí a fháil.

    Barr...

  • Madraí

    Más ann don torann de dheasca madraí a bheith ag tafann, ansin is í an reachtaíocht iomchuí ná an tAcht um Rialú Madraí, 1986 agus 1992. Tá cóip den Fhoirm a úsáidtear chun gearáin a dhéanamh chun na gCúirteanna maidir le torann madraí le fáil lena híoslódáil anseo.

    Tá an próiseas cosúil le próiseas Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 a thuairiscítear thuas. Is ann don cheanglas seo: “[s]ula ndéanfaidh aon duine gearán chuig an gCúirt Dúiche i ndáil le núis a tharla mar gheall ar thafann iomarcach madra, déanfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil, laistigh de cibé tráth a shonrófar san fhógra, ar áititheoir an áitribh ina gcoimeádtar an madra go bhfuil sé ar intinn aige gearán den sórt sin a dhéanamh.”

    Má chreideann tú go bhfuil fadhbanna, diomaite de thafann madra, ag baint le madra nó madraí ar leith ansin is féidir go mbeidh an Maor Madraí in ann imscrúdú a dhéanamh; féach an chuid faoi mhadraí.

    Barr...

  • Maoin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    Má bhíonn núis torainn á fulaingt agat de dheasca mhaoin de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, cé is moite de thithíocht shóisialta, is féidir leat gearán a dhéanamh chun na foirne Saoráidí:

    Ar ríomhphost: corporate@galwaycity.ie                           nó                        Ar an nguthán: 091 536 400

    Tithíocht Shóisialta

    I gcás Tithíocht Shóisialta, is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe imscrúdú a dhéanamh féachaint an ann do shárú ar an gcomhaontú tionóntachta. Is éard is comhaontú tionóntachta ann bunús dlí an chaidrimh idir an t-údarás áitiúil agus a thionóntaí. Is gnách go mbíonn forálacha inti i ndáil leis an gcineál iompair atá, agus nach bhfuil, inghlactha. Faoi Alt 62 d’Acht na dTithe, 1966, is féidir le húdarás áitiúil tús a chur le himeachtaí chun díshealbhú a áirithiú. Is féidir tús a chur le himeachtaí i gcás ina mbeidh coinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta sáraithe ag tionónta.

    Ina theannta sin, is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe imscrúdú a dhéanamh féachaint an ann do threalamh lochtach arb é is cúis le torann iomarcach ag ceann de na hionaid mhaoine e.g. mífheidhm aláraim.

    Má bhíonn núis torainn á fulaingt agat de dheasca ceann dár dtithe sóisialta, is féidir leat gearán a dhéanamh chun ár bhfoirne Tithíochta:

    Ar an ríomhphost: housing@galwaycity.ie                         nó                        Ar an nguthán: 091 536 400

    Is féidir iompar frithshóisialta, agus ceol ard ó thithe sóisialta san áireamh, a thuairisciú don Gharda Síochána.

    Barr...

  • Saoráidí Tionscail

    Socraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil teorainneacha torainn do dhaoine aonair a bhfágann a ngníomhaíochtaí go bhfuil gá le Ceadúnas um Rialú Tionscail nó Comhtháite ar Thruailliú. Ba cheart gearáin chomhshaoil, agus gearáin maidir le núis torainn san áireamh, i ndáil le saoráid cheadúnaithe, a dhéanamh chun na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

    Barr...

  • Ionaid Cheadúnaithe

    Beidh uaireanta oscailte ceadaithe ag Ionaid Cheadúnaithe (Pubanna, Clubanna Oíche etc.). Féadfar sáruithe amhrasta ar cheadúnais deochanna meisciúla a thuairisciú don Gharda Síochána.

    Ina theannta sin, is féidir agóid a dhéanamh i gcoinne ceadúnas a athnuachan nó díolúine speisialta dhéanach a dheonú. Is féidir le haon duine agóid a dhéanamh faoi Alt 4 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 i gcoinne ceadúnas deochanna meisciúla a athnuachan; is féidir sin a dhéanamh ar fhorais charachtar an cheadúnaí, nó an mhodha shíochánta agus ordúil ar seoladh an t-áitreabh sa bhliain atá caite. Éistear athnuachaintí ar cheadúnas le haghaidh deochanna meisciúla sa Chúirt bhliantúil um Cheadúnú.

    Maidir le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine dhéanach speisialta, foráiltear leis an Acht Deochanna Meisciúla, 2000 nach ndeonóidh cúirt ordú díolúine speisialta maidir le haon áitreabh mura deimhin léi go seolfar an ócáid speisialta ar mhodh nach ndéanfaidh ciotaí mhíchuí do dhaoine a chónaíonn i gcomharsanacht an áitribh sin. Féach suíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt chun breis sonraí a fháil.

    Barr...

  • Pleanáil

    In imthosca áirithe is féidir go mbeidh coinníollacha pleanála á sárú de dheasca na núise torann.

    Teorainneacha Torainn Uasta Sonraithe i gCoinníollacha Pleanála

    Uaireanta is féidir go gcuirfear teorainn leis na leibhéil torainn, leis na huaireanta oibríochta nó leis na hamanna seachadta a cheadaítear de dheasca na gcoinníollacha pleanála a bhaineann le forbairt ar leith. Is gnách go mbíonn baint acu le forbairtí tráchtála nó tionscail, go háirithe iad siúd a bhaineann le gníomhaíochtaí torannacha, mar shampla cairéil. Is féidir leat ár gclár pleanála ar líne a sheiceáil féachaint ar forchuireadh aon choinníollacha den sórt sin. Beidh coinníollacha pleanála le haghaidh iarratas pleanála ar leith le fáil sa chuid a bhaineann le breathnú ar chomhaid scanta agus le breathnú ar an gcomhfhreagras.

    Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh feidhm ag na coinníollacha sin ach amháin i gcás ina mbeidh na hoibreacha forbartha atá beartaithe agus a bhaineann leis an gcead pleanála déanta; e.g. má chuireann lucht ionaid miondíola atá ann cheana, agus nach bhfuil aon srianta forchurtha ina leith, isteach ar chead, agus má dheonaítear an cead sin dó chun athruithe a dhéanamh ar an ionad miondíola ach ar choinníoll uaireanta oscailte srianta, ansin níl feidhm ag na huaireanta oscailte srianta sin ach amháin i gcás ina mbeidh oibreacha a cheadaítear faoin gcead pleanála curtha i gcrích. Má roghnaíonn na húinéirí gan na hathruithe a dhéanamh ar an ionad miondíola atá ann agus a bhfuair siad cead ina leith, ansin ní bheadh feidhm ag aon srianta maidir leis na huaireanta oscailte.

    Torann Foirgníochta

    Féach an chuid faoi Oibreacha Foirgníochta.

     Sáruithe Pleanála eile

    I gcásanna áirithe, cé go mb’fhéidir nach bhfuil an núis torann féin ina sárú pleanála, is féidir go mbeidh an fhoinse torainn ina forbairt neamhúdaraithe nó ina sárú ar choinníollacha pleanála. Is féidir go mbeidh an méid seo a leanas san áireamh ann:

    • Torann ó ghléasra nó trealamh neamhúdaraithe atá feistithe do struchtúr, mar shampla aonaid chuisnithe, aerchóirithe, nó aerála.
    • Sárú ar uaireanta oibríochta ceadaithe; mar shampla ní bheidh cead ag aonaid mhiondíola áirithe seachadtaí a fháil le linn uaireanta ar leith.

     

    Aon torann a thagann ó mhaoin nach bhfuil i gcomhréir lena húsáid cheadaithe, féadfar imscrúdú a dhéanamh air sin freisin i ndáil le sáruithe ar Chead Pleanála, e.g. aonad a bhfuil cead pleanála faighte ina leith lena úsáid mar aonad miondíola agus é in úsáid mar aonad meicnice. Tabhair faoi deara, áfach, gurb amhlaidh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 is forbairt atá díolmhaithe ó phleanáil í forbairt arb éard í “úsáid aon déanmhais nó talún eile laistigh de chúirtealáiste tí chun aon chríche a bhaineann le teachtadh an tí mar theach”. Mar sin, má dhéanann tú obair chothabhála ar do ghluaisteán príobháideach féin ag d’áit chónaithe, ní sárú pleanála é sin.

    Téigh i dteagmháil leis an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála mar ríomhphost planning@GalwayCity.ie nó cuir glao ar 091 536 400 chun breis sonraí a fháil.

    Barr...

  • Iompar Poiblí

    Ba cheart gearáin torann a bhaineann le hiompar poiblí a tharchur chuig an oibreoir iompair phoiblí iomchuí.

    Barr...

  • Bailiú Dramhaíola

    Chun tionchar an Bhailithe Dramhaíola Tí ar chónaitheoirí a theorannú, áirítear uaireanta oscailte ceadaithe sna ceadanna a eisítear chuig Oibreoirí Bailithe Dramhaíola Tí.

    • Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 60 ciliméadar nó níos ísle i bhfeidhm, féadfar bailiúcháin dramhaíola tí a dhéanamh idir 6am agus 10pm
    • Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 80 ciliméadar nó níos airde i bhfeidhm, féadfar an dramhaíl tí a bhailiú aon tráth.

     

    Níl aon am oibríochta sonraithe le haghaidh bailiúcháin dramhaíola tráchtála.

    Is í an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola (ONCBD) a eisíonn na ceadanna. Ba cheart gearáin i ndáil leis an sárú líomhnaithe ar choinníollacha ceada a dhéanamh chuig ONCBD.

    Barr...

  • An Láthair Oibre

    Féadfaidh torann sa láthair oibre a bheith ina fhadhb sláinte agus sábháilteachta. Ba cheart ceisteanna faoi thorann sa láthair oibre a chur faoi bhráid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta. Tá faisnéis mhionsonraithe i ndáil le torann sa láthair oibre le fáil ar shuíomh gréasáin USS freisin.