Bainistíocht Dramhaíl Tógála agus Scartála

Rialaíonn údaráis áitiúla diúscairt agus athchúrsáil dramhaíola tógála agus scartála amhail ithir, brablach, brící, adhmad agus plástar.

Faoin reachtaíocht dramhaíola, sainmhínítear dramhaíl tógála agus scartála mar gach dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí tógála, athchóirithe agus scartála.

Tá ithir agus cloch, táirgí barrachais agus damáiste agus ábhair a eascraíonn ag oibreacha tógála nó a úsáidtear go sealadach le linn gníomhaíochtaí ar an láthair, in éineacht le cartadh dreideála i gceist. Is féidir leis na hábhair seo a bheith guaiseach. 

  •  
    • Más rud go bhfuil tú freagrach as tionscadal tógála agus scartála a dhéanamh, ní mór duit a chinntiú go bhfuil plean bainistíochta dramhaíola agat do gach dramhaíl a ghintear mar gheall ar an ngníomhaíocht seo AGUS a chinntiú go bhfuil sé deighilte ionas gur féidir í a athúsáid, a athchúrsáil nó a dhiúscairt mar is cuí.
    • I gcás nach féidir dramhaíl tógála nó scartála a athúsáid nó a athchúrsáil, ní mór an dramhaíl sin a iompar chuig áiseanna údaraithe dramhaíola agus úsáid á baint as seirbhísí bailitheoirí dramhaíola údaraithe.
    • Pleananna Bainistíochta Dramhaíola do Thionscadail Tógála agus Scartála 2021 ar fáilanseo .
    • seicliostaí geilleagair chiorclaigh don earnáil tógála ar fáil anseo
    • Doiciméad na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Aicmiú Dramhaíola lena n-áirítear an Liosta Dramhaíola (Catalóg Dramhaíola Eorpach EWC roimhe seo) agus liosta eile de dhoiciméid treorach dramhaíola.Cliceáil anseo

Mar achoimre, beidh ort:

  •  
    • Déan meastachán ar an méid dramhaíola a ghinfear.
    • Ní mór dramhaíl a ghintear ar an láithreán a dheighilt de réir an chineáil dramhaíola atá ann, nuair is féidir.
    • Ba chóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh do gach dramhaíl a aistrítear den láithreán, ithir agus cloch san áireamh:
    • Ní mór taifid a choinneáil ar an láthair chun a chruthú gur bainistíodh an dramhaíl mar is ceart. Moltar na taifid seo a choinneáil ar feadh 7 mbliana ar a laghad.
    • Is féidir Pleananna Bainistíochta Dramhaíola a bhfuil críochnaithe a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo:

An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. H91 X4K8. Rphost:  environment@galwaycity.ie 

 

Links

https://www.epa.ie/publications/monitoring--assessment/waste/2019--FULL-template.pdfhttps://www.epa.ie/publications/circular-economy/resources/CDWasteGuidelines.pdf