Íocaíocht Fíneála Bruscair

Ní mór duit fíneáil bhruscair a íoc leis an údarás áitiúil.

Tá caitheamh bruscair agus dumpáil in áit phoiblí, nó in aon áit atá le feiceáil ó áit phoiblí, ina chion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú. Eiseofar fíneáil bhruscair €150 ar an láthair ar aon duine a shainaithnítear ina bhun. Mura n-íoctar an fhíneáil faoi cheann 21 lá, tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi chaingean dlí sa chúirt dúiche, inar féidir fíneáil suas go €4,000 a ghearradh ar dhuine.

Eiseofar fíneálacha ar an láthair ar aon duine a shainaithnítear ag fágáil earraí ag aon cheann d'ionaid fág anseo Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Nuair atá d'earraí in-athchúrsáilte curtha sna coimeádáin chuí, tabhair leat abhaile aon bhosca nó mála a d'úsáid tú chun na hearraí a thabhairt ansin. Má tá na coimeádáin lán, caithfear gach rud, na boscaí agus málaí san áireamh, a thabhairt abhaile leat arís.

Céard a tharlaíonn má fhaighim Fíneáil Bhruscair?

Má fuair tú fíneáil bhruscair, tá 21 lá agat ó dháta na fíneála lena híoc. Mura bhfaightear aon íocaíocht, ordófar dár n-aturnae tús a chur le himeachtaí cúirte. Gheobhaidh tú toghairm ansin teacht os comhair na cúirte, agus molfar duit dul i gcomhairle le haturnae má fhaigheann tú toghairm. Má fhaightear íocaíocht faoi cheann an 21 lá, dúnfar an comhad.

Cén chaoi a n-íocfaidh mé an Fhíneáil Bhruscair?

Is féidir an fhíneáil a íoc cúpla bealach:

  • 1. Ar líne ar www.fines.ie
  • 2. Ar an bhfón le cárta dochair/creidmheasa, trí ghlaoch ar ár bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091-536400
  • 3. Inár n-oifig airgid thirim i Halla na Cathrach.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh na Fíneála Bruscair?

Má chreideann tú gur eisíodh fíneáil duit go héagórach nó trí bhotún, is féidir leat achomharc i scríbhinn a chur faoi bhráid: An tOifigeach Foirne, Comhshaol agus Athrú Aeráide, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Caithfear achomharc a chur faoinár mbráid faoi cheann 21 lá ó dháta na fíneála, agus is féidir é a chur ar ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie.