Lánaí a Ghlasú

Mar chuid de thionscadal nua comhoibríoch, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le háitritheoirí áitiúla agus le daoine óga i roinnt ceantar chun dhá lána sa chathair a ‘ghlasú’ agus spásanna a dhéanamh astu atá beathach, spraíúil, báúil le nádúr, as ar féidir leis an bpobal go léir sult a bhaint astu.

Mar chuid de thionscadal nua comhoibríoch, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le háitritheoirí áitiúla agus le daoine óga i roinnt ceantar chun dhá lána sa chathair a ‘ghlasú’ agus spásanna a dhéanamh astu atá beathach, spraíúil, báúil le nádúr, as ar féidir leis an bpobal go léir sult a bhaint astu.

Is í buntuiscint an tionscadail ná go gcuirfidh cónaitheoirí agus daoine óg áitiúla bláthanna, toir agus ‘tírdhreach is féidir a ithe’ le cabhair ó fhoireann rannóg na bPáirceanna de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ansin is iad na háitritheoirí áitiúla a bheidh freagrach as na plandaí a chothabháil amach anseo. Beidh baint ag áitritheoirí agus daoine óga múrbhallaí a phéinteáil sna lánaí, a bheidh bríomhar agus bunaithe ar an nádúr, le cabhair ó ealaíontóirí gairmiúla.

Dúirt Tiarnan McCusker, Oifigieach um Fheasacht Timpeallachta le Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Chomh fada agus is eol dúinn, is é seo an chéad uair atáthar chun ‘Lánaí a Ghlasú’ in Éirinn. Is cur chuige é seo atá faoi stiúr an phobail tríd is tríd, ina rachaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun caidrimh le cónaitheoirí áitiúla, le scoileanna, le leabharlanna, le hionaid phobail agus le grúpaí óige chun a fháíl amach conas ar mhaith leo feabhas a chur ar na lánaí seo.

Má tá tacaíocht ann ó thús agus má bhraitheann muintir na háite gur leo a bhaineann na lánaí seo – agus go háirithe má bhraitheann na daoine óga mar seo – tá súil againn go mbeidh mar thoradh ná go mbeidh laghdú ar an méid bruscar a fhágtar timpeall, ar an dumpáil agus graifítí agus go mbeidh méadú ar an mbithéagsúlacht.”

Is seans maith iad na laethanta gníomhaithe seo bheith páirteach chun na spásanna leamha agus neamhspreagúla seo a athrú ó bhonn agus rud éigin a dhéanamh astu ar féidir leis an bpobal go léir bheith bródúil astu. Plandaí inite, bláthanna do bheacha  agus múrphictiúir ildaite – cruthóidh siad timpeallacht atá i bhfad níos deise do gach duine. 

Chun tuilleadh a fháil amach agus bheith páirteach sna laethanta gníomhaithe chun na lánaí seo a ghlasú, cuir ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie