Féilte Glasa

Is tionscnamh é Bíodh Féile Ghlas Agaibh ina mbíonn údaráis áitiúla páirteach i Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil in Éirinn, lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

  • Céard é an tionscnamh ‘Bíodh Féile Ghlas Agaibh’?

    Is tionscnamh é Bíodh Féile Ghlas Agaibh ina mbíonn údaráis áitiúla páirteach i Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil in Éirinn, lena n-áirítear Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Is é aidhm an tionscnaimh an tionchar a bhíonn ag féilte agus ag imeachtaí ar an gcomhshaol a laghdú. Tá ábhar tacaíochta agus comhairle ar fáil d’aon fhéile nó imeacht ar an suíomh gréasáin www.greenyourfestival.ie nó trí dhul i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol ag environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • Céard é Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil?

    Is clár comhoibrithe é Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil idir an Clár Náisiúnta um Chosc na Dramhaíola de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla in Éirinn.

    Tá sé mar aidhm ag an Líonra go mbeidh sé de chumas ag údaráis áitiúla cosc na dramhaíola a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil agus pobail ar mhaithe lena réigiúin. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar www.localprevention.ie.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina ball gníomhach de Líonra um Chosc na nÚdarás Áitiúil ó bunaíodh é in 2010 agus faigheann sí treoir ó thacaíocht agus ó shaineolas an líonra nuair a bhíonn sí ag obair le gnóthaí, le heagraíochtaí agus le pobail maidir le cosc na dramhaíola.

    Barr...

  • Táim ag eagrú féile/imeachta i gCathair na Gaillimhe agus ba mhaith liom a chinntiú nach ndéanfaidh sé dochar don chomhshaol. Céard ba cheart a bheith ar eolas agam?

    Tá cáil ar fud an domhain ar Chathair na Gaillimhe as a cuid féilte agus imeachtaí. Níl aon amhras faoi ach go dtugann siad buntáistí móra sóisialta, airgeadais agus cultúrtha do Ghaillimh agus do mhuintir na Gaillimhe, ach bíonn tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol freisin.

    Roimh imeacht nó féile mar sin a eagrú, ba cheart duit smaoineamh ar an dramhaíl a tháirgfear, ar an bhfuinneamh a ídeofar agus ar an uisce a úsáidfear – agus ar an gcaoi a bhféadfá iad sin a bhainistiú go héifeachtach. Má tá sé i gceist agat bia a thabhairt amach, b’fhéidir go smaoineofá freisin ar dhramhaíl bhia.

    Tá sé tábhachtach freisin go mbreathnófá ar phacáiste acmhainní chun tosú amach – tá sé ar fáil ar www.greenyourfestival.ie nó trí dhul i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol ag environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • An bhfuil aon fhéilte glasa i gCathair na Gaillimhe?

    Cloíonn formhór na bhféilte agus na n-imeachtaí i gCathair na Gaillimhe le dea-chleachtas comhshaoil. Bíonn plean bainistíochta bruscair agus plean bainistíochta dramhaíola ag formhór na n-imeachtaí.

    Cuireann Féile Bhia na Gaillimhe cosc ar dhramhaíl bhia chun cinn. Bhí Féile Ealaíon na Gaillimhe rannpháirteach sa tionscnamh Bíodh Féile Ghlas Agaibh le cúpla bliain anuas agus d’oibrigh an lucht eagraithe go crua chun na himeachtaí agus na hionaid a dhéanamh glas agus go deimhin a na soláthraithe agus gnóthaí gaolmhara a spreagadh chun a bheith neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

    Tá tuilleadh eolais maidir le tionscnamh glasaithe Fhéile Ealaíon na Gaillimhe ar www.greenyourfestival.ie. Má tá fonn ortsa d’fhéile nó d’imeacht a dhéanamh glas, téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Oideachais ar an gComhshaol ag environment@galwaycity.ie.

    Barr...