Mórtas Ceantair

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le gníomhaireachtaí eile, tacú le grúpaí pobail agus deonacha chun tionscnaimh a thaispeáint a chruthaigh tionchar fada buan ina bpobal, amhail folláine chruthaitheach, tionscadail turasóireachta áite agus pobail.

  • Céard is Mórtas Ceantair ann?

    Is comórtas uile-oileáin é Mórtas Ceantair atá dírithe ar aitheantas a thabhairt d’fheabhsuithe a dhéanann pobail áitiúla chun mórtas cathartha a chothú ina gceantar. Leagtar béim sa chomórtas ar dhaoine a thagann le chéile le gach dea-ghné dá gceantar a mhúnlú agus a athrú agus le taitneamh a bhaint astu. Anuraidh, d’ainmnigh údaráis áitiúla os cionn 100 iontrálaí a rinne ionadaíocht ar chathracha, ar bhailte agus ar shráidbhailte ar fud Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin www.prideofplace.ie

    Barr...

  • An bhfuil baint ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Mórtas Ceantair?

    Tá. Tá baint ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an gcomórtas Mórtas Ceantair ó seoladh Comórtas na gCathracha in 2007. Gach bliain, roghnaítear suas le cúig phobal agus ghrúpa chun ionadaíocht a dhéanamh ar Chathair na Gaillimhe sa chomórtas náisiúnta.

    Barr...

  • Céard iad na catagóirí sa chomórtas Mórtas Ceantair?

    Athraítear catagóirí an chomórtais gach bliain. De ghnáth bíonn dhá chatagóir pobail ann (daonra faoi bhun 1000 agus daonra os cionn 1000), catagóir amháin le haghaidh eastát tithíochta (an t-eastát tithíochta is fearr) agus roinnt catagóirí a eisítear go haonair (ar nós tionscnamh ealaíon pobail, tionscnamh spóirt, cúraim do dhaoine leochaileacha, etc.).

    Barr...

  • Cén chaoi a bpioctar ainmnithe Chathair na Gaillimhe i gcomhair an chomórtais Mórtas Ceantair?

    Chomh luath is a fhógraítear na catagóirí, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra poiblí sna nuachtáin áitiúla agus ar an suíomh gréasáin ag iarraidh ar pháirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh. Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe dul i dteagmháil freisin go díreach le grúpaí agus le pobail agus iarraidh orthu ionadaíocht a dhéanamh ar an gcathair.

    Barr...

  • Cén chaoi ar féidir le mo phobal a bheith páirteach i Mórtas Ceantair?

    Má mheasann tú go bhféadfadh do phobal ionadaíocht a dhéanamh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sa chomórtas Mórtas Ceantair, téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh um Mórtas Ceantair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ag environment@galwaycity.ie.

    Tá suim ar leith againn i ngrúpaí a chuir tionscnaimh shonracha mórtais i gcrích a raibh tionchar dearfach buan acu ar an tsochaí, cosúil le forbairt ionad pobail, bunú cumann áitritheoirí nó soláthar saoráidí cúram leanaí.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéantar moltóireacht ar an gcomórtas Mórtas Ceantair?

    Tugann beirt mholtóirí de chuid Mórtas Ceantair cuairt ar chathair na Gaillimhe i mí Iúil agus buaileann siad leis na grúpaí ainmnithe go haonair. Tar éis don ghrúpa cur i láthair gairid a dhéanamh agus seisiún ceisteanna agus freagraí, siúlfaidh na moltóirí timpeall ar an gceantar. Tugann sé sin deis don ghrúpa ainmnithe a gceantar áitiúil a chur ar taispeáint agus aird a tharraingt ar aon tionscadal nó tionscnamh a cuireadh i gcrích.

    Déanann na moltóirí measúnú ar an iontráil bunaithe ar roinnt critéir éagsúla, lena n-áirítear rannpháirtíocht an phobail, cuimsiú sóisialta agus naisc le grúpaí agus le gnóthaí eile. Tá cóip de na critéir maidir le gach catagóir ar fáil ach é a iarraidh ó environment@galwaycity.ie.

    Barr...

  • Cén uair a fhógraítear buaiteoirí an chomórtais Mórtas Ceantair?

    Fógraítear na buaiteoirí ag mórshearmanas bronnta na ngradam a bhíonn ar siúl i mí na Samhna gach bliain. Tugtar cuireadh do bheirt ionadaithe as gach grúpa ainmnithe freastal ar an searmanas.

    Barr...

  • Céard iad na duaiseanna a bhaintear amach sa chomórtas Mórtas Ceantair?

    Bronntar an chéad duais agus an dara duais i ngach catagóir. Faigheann na grúpaí buacacha trófaí Mórtas Ceantair agus duais airgid. Ina theannta sin, faigheann gach grúpa ainmnithe Deimhniú Rannpháirtíochta agus deontas €300 chun íoc as na costais a bhaineann le taisteal chuig searmanas na ngradam.

    Barr...

  • An mbíonn Searmanas na nGradam mar chuid den chomórtas Mórtas Ceantair?

    Bíonn. Eagraítear mórshearmanas bronnta na ngradam i mí na Samhna gach bliain. Athraítear ionad an tsearmanais gach bliain agus tugtar cuireadh do bheirt ionadaithe ó na grúpaí ainmnithe ar fad freastal air. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe deontas €300 do gach grúpa chun íoc as na costais taistil chuig an ócáid agus as lóistín más gá. Fógraítear na buaiteoirí ar an oíche.

    Barr...

 

Cé na grúpaí agus na pobail a rinne ionadaíocht ar Chathair na Gaillimhe roimhe seo sa chomórtas Mórtas Ceantair?

Is iad seo na hiontrálacha roimhe seo as Cathair na Gaillimhe:

 2021

  • Tuatha of Terryland Forest Park (Buaiteoir, 1ad áit, Tionscadal na hÁite Cruthaithí)
  • Claddagh Watch Patrol (2ra háit,Teacht Aniar an Phobail)

2020:
 

  • Galway Cycle Bus (Buaiteoir, 2ra háit, Tionscadal Gníomh Aeráide Pobail)
  • Galway Contact
  • Westside Arts Festival (Buaiteoir, 1ad áit, Tionscadal na hÁite Cruthaithí)

2019:

  • Grúpa Idirghníomhaireachta um Shábháilteacht Uisce na Gaillimhe (Buaiteoirí, Gradam Speisialta)
  • Sorcas Pobail na Gaillimhe (Buaiteoir)
  • “Jigsaw” Gaillimh
  • Guthanna do Shiondróm Down

2018:

  • An Mheitheal Rothar
  • Bord bainistíochta Ealaíon Ospidéil
  • Wheelie Wonders

2017:

  • Cuirfimid Gaillimh ag Fás (Buaiteoir, An dara háit sa Tionscnamh Comhshaoil Pobail)
  • Comharghrúpa Feimineach na Gaillimhe
  • Sráidbhaile Bhóthar na Trá (Buaiteoir, An chéad áit sa Chatagóir do Dhaonra os cionn 2000)
  • Togra Óige Westside

2016:

  • Blue Teapot (Buaiteoir, An chéad áit sa Chatagóir don Tionscnamh Ealaíon)
  • Cnoc an Oir
  • Caifé Saol (Buaiteoir, Gradam Speisialta)

2014:

  • Iarthar/West End Chathair na Gaillimhe (buaiteoir, 2ú háit sa Chatagóir Daonra faoi bhun 1,000)
  • Dabhach Uisce/Coillte Mhuirlinne (buaiteoir, an 1ú áit sa Chatagóir Daonra os cionn 1,000)
  • SCCUL Enterprises
  • Croí, Foras Cairdiach Iarthar na hÉireann
  • Transition Galway

2013:

  • Cumann Áitritheoirí Sheantalaimh (buaiteoir: 1ú áit sa Tionscnamh Diaspóra Turasóireachta)
  • Cumann na bhFear i mBaile Bháin/an Taobh Thoir (buaiteoir: 2ú háit sa Chatagóir Daonra faoi bhun 1000)
  • Red Bird Youth Arts Collective
  • Glan Suas Gaillimh
  • Tionscadal Óige Rathúin

2012:

  • Féile Ealaíon na Gaillimhe (buaiteoir: 1ú áit sa chatagóir Turasóireacht Chultúrtha)
  • An Caisleán Gearr (buaiteoir: 2ú háit sa Chatagóir Daonra faoi bhun 1000)
  • Fearann Dara, Bóthar na Trá
  • COPE Galway

2011:

  • Páirc an Ardghoirt (buaiteoir: 1ú áit sa chatagóir Eastát Tithíochta)
  • Gairdín Pobail Bhaile an Phoill (buaiteoir: duais an 2ú háit sa Tionscadal um Fheabhas ar an bPobal)
  • Gairdín Pobail an Bhaile Bháin
  • Cnoc na Cathrach
  • Ascaill Iósaif, Sráid Anraí

2010:

  • An Cheathrú Laidineach (buaiteoir: an 2ú háit sa Chatagóir Daonra faoi bhun 1000)
  • Cairde Dhabhach Uisce
  • Mervue
  • Connect Castlegar

2009:

  • Togra Sráidbhaile Chomharsanacht an Bhaile Bháin

2008:

  • Cumann Áitritheoirí na Rinne Móire (buaiteoir: an 1ú háit in Daonra os cionn 1000)
  • Cumann Áitritheoirí an Chladaigh (buaiteoir: an dara háit sa Chatagóir Daonra faoi bhun 1000)
  • Fáilte Bhóthar na Trá
  • Áras Naofa, An Rinn Mhór
  • Clár Cúraim is Deisiúcháin, Aoisghníomhaíocht an Iarthair

2007:

  • COPE (buaiteoir: 1ú áit sa Chatagóir Speisialta – Cúram do Dhaoine Leochaileacha)
  • Cumann Áitritheoirí Bhaile an Phoill
  • Ionad Acmhainní an Bhaile Bháin
  • Féile Ealaíon Westside

Barr...