Céard í an tSeirbhís Bailiúcháin Earraí Toirtiúla?
Is seirbhís í do shealbhóirí tí ar mian leo fáil réidh le hearraí tí aonair cosúil le troscán nó earraí móra leictreacha.
Breathnaigh ar liosta d’earraí a bhailítear go minic agus ar an táille ghaolmhar.
Cé atá in ann leas a bhaint as an tSeirbhís Bailiúcháin Earraí Toirtiúla?
Is féidir le daoine atá ina gcónaí i réadmhaoin chónaithe i gCathair na Gaillimhe leas a bhaint as an tseirbhís. Níl an tseirbhís ar fáil do réadmhaoine tráchtála.
Cén sórt earraí is féidir a bhailiú?
Earraí tí agus leictreacha. Breathnaigh ar an liosta thíos.
Earra | Táille |
Cathaoir | €9.00 |
Fáinne Cispheile | €18.00 |
Beárbaiciú | €9.00 |
Folcadán | €18.00 |
Leaba (dúbailte) | €18.00 |
Leaba (singil) | €9.00 |
Taisceadán taobh leapa | €9.00 |
Rothar | €9.00 |
Bugaí/cliabhán/pram | €9.00 |
Cairpéad (mata urláir) | €9.00 |
Cairpéad (rolla) | €22.50 |
Cathaoir/stól | €9.00 |
Cófra tarraiceán | €18.00 |
Bord beag | €9.00 |
Tolg | €18.00 |
Bothán madra | €18.00 |
Sorcóir uisce the | €18.00 |
Clár iarnála | €9.00 |
Tocht (dúbailte) | €18.00 |
Tocht (singil) | €9.00 |
Téitheoir ola (cruach) | €18.00 |
Linn lapadaíola | €9.00 |
Parasól | €18.00 |
Scáthán plaisteach | €9.00 |
Radaitheoir | €9.00 |
Scútar | €9.00 |
Aonad Seilfre | €9.00 |
Tráidire cithfholcadáin | €9.00 |
Geata staighre | €9.00 |
Dréimire taca | €9.00 |
Luascán/cnagadán | €18.00 |
Urlár adhmaid (beart – glaoigh ar 091 536400 chun lear mór a fhiosrú) | €9.00 |
Leithreas | €9.00 |
Trampailín | €18.00 |
Seastán teilifíse | €9.00 |
Vardrús | €18.00 |
Báisín níocháin/doirteal | €9.00 |
Fráma Fuinneoige – (gan ghloine) | €18.00 |
3-6 Earra bheaga (potaí, friochtáin, etc) | €9.00 |
Teallach | €52.50 |
Pianó | €52.50 |
Earraí Leictreacha | |
Earra | Táille |
1-4 Earra bheaga (triomadóirí gruaige/seinnteoirí dvd/méarchláir/playstation/teileafóin/vcr/citeal) | €7.50 |
Inneall níocháin | €7.50 |
Cuisneoir | €7.50 |
Miasniteoir | €7.50 |
Triomadóir | €7.50 |
Teilifís | €7.50 |
Scáileán ríomhaire | €7.50 |
Micreathonn | €7.50 |
Folúsghlantóir | €7.50 |
Printéir | €7.50 |
Cén uair a bheidh an chéad bhailiúchán eile ar siúl?
Bíonn bailiúcháin Earraí Toirtiúla ar siúl gach Máirt.
Ní mór bailiúcháin a chur in áirithe roimh ré agus bíonn bailiúchán ar leith ann le haghaidh earraí leictreacha agus le haghaidh troscán ginearálta. Chun bailiúchán earraí toirtiúla a chur in áirithe glaoigh ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council
Sceideal an Bhailiúcháin Earraí Toirtiúla / Féilire 2023
Eanáir 2023
10/01/2023
17/01/2023
24/01/2023
31/01/2023
Feabhra 2023
07/02/2023
14/02/2023
21/02/2023
28/02/2023
Márta 2023
07/03/2023
14/03/2023
21/03/2023
28/03/2023
Aibreán 2023
04/04/2023
11/04/2023
18/04/2023
25/04/2023
Bealtaine 2023
09/05/2023
09/05/2023
16/05/2023
23/05/2023
30/05/2023
Meitheamh 2023
01/06/2023
08/06/2023
15/06/2023
22/06/2023
Iúil 2023
04/07/2023
11/07/2023
18/07/2023
25/07/2023
Lúnasa 2023
01/08/2023
08/08/2023
15/08/2023
22/08/2023
29/08/2023
Méan Fomhair 2023
05/09/2023
11/09/2023
19/09/2023
29/09/2023
Deireadh Fomahir 2023
03/10/2023
10/10/2023
17/10/2023
24/10/2023
31/10/2023
Samhain 2023
07/11/2023
14/11/2023
21/11/2023
28/11/2023
Nollaig 2023
05/12/2023
12/12/2023
19/12/2023
26/12/2023 Gan aon bhailiúchán
02/01/2024 Gan aon bhailiúchán
– Tabhair faoi deara go bhféadfadh athrú teacht ar an sceideal seo agus gur chóir duit é a dheimhniú trí ghlaoch a chur ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Céard é costas an bhailiúcháin?
Braitheann costas an bhailiúcháin ar na hearraí atá tú ag iarraidh orainn a bhailiú uait.
Cliceáil anseo chun liosta a fheiceáil d’earraí coitianta agus den táille ghaolmhar.
Liosta Praghsanna Earraí Toirtiúla
Earra | Táille (€) |
Cathaoir | €9.00 |
Fáinne Cispheile | €18.00 |
Beárbaiciú | €9.00 |
Folcadán | €18.00 |
Leaba (dúbailte) | €18.00 |
Leaba (singil) | €9.00 |
Taisceadán taobh leapa | €9.00 |
Rothar | €9.00 |
Bugaí/cliabhán/pram | €9.00 |
Cairpéad (mata urláir) | €9.00 |
Cairpéad (rolla) | €22.50 |
Cathaoir/stól | €9.00 |
Cófra tarraiceán | €18.00 |
Bord beag | €9.00 |
Tolg | €18.00 |
Bothán madra | €18.00 |
Sorcóir uisce the | €18.00 |
Clár iarnála | €9.00 |
Tocht (dúbailte) | €18.00 |
Tocht (singil) | €9.00 |
Téitheoir ola (cruach) | €18.00 |
Linn lapadaíola | €9.00 |
Parasól | €18.00 |
Scáthán plaisteach | €9.00 |
Radaitheoir | €9.00 |
Scútar | €9.00 |
Aonad Seilfre | €9.00 |
Tráidire cithfholcadáin | €9.00 |
Geata staighre | €9.00 |
Dréimire taca | €9.00 |
Luascán/cnagadán | €18.00 |
Urlár adhmaid (beart) | €9.00 |
Leithreas | €9.00 |
Trampailín | €18.00 |
Seastán teilifíse | €9.00 |
Vardrús | €18.00 |
Báisín níocháin | €9.00 |
Fráma Fuinneoige – (gan ghloine) | €18.00 |
3-6 earra bheaga (e.g. Potaí, Friochtáin) | €9.00 |
Teallach | €52.50 |
Pianó | €52.50 |
Earraí Leictreacha | |
Earra | Táille (€) |
1-4 earra bheaga (triomadóirí gruaige/seinnteoirí dvd/méarchláir/playstation/teileafóin/vcr/citeal) | €7.50 |
Inneall níocháin | €7.50 |
Cuisneoir | €7.50 |
Miasniteoir | €7.50 |
Triomadóir | €7.50 |
Teilifís | €7.50 |
Scáileán ríomhaire | €7.50 |
Micreathonn | €7.50 |
Folúsghlantóir | €7.50 |
Printéir | €7.50 |
* Más mian leat go mbaileofaí earra uait agus nach bhfuil sé ar an liosta thuas, glaoigh ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le deimhniú cibé an féidir an t-earra a bhailiú nó nach féidir agus an táille a ghearrfar air.
Cén chaoi ar cheart dom na hearraí atá le bailiú uaim a shocrú?
Ba cheart an t-earra a leagan os comhair do thí nó chomh gar agus is féidir don gheata taobh amuigh faoi 8am ar mhaidin an bhailiúcháin. Ba cheart an t-earra a chlúdach le plaisteach chun é a chosaint ó dhamáiste báistí – go háirithe earraí ar nós tochtanna nó troscáin. Déanfaimid iarracht d’earra a bhailiú idir 8am agus 5.30pm ar an dáta bailiúcháin socraithe.
Ba cheart do chustaiméirí an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:
- Ní bhaileoidh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe earraí nach leagtar chomh gar agus is féidir do phointe rochtana tosaigh an tí.
- Ní bhaileofar ach earraí a íocadh astu agus a bhfuil cuntas orthu.
An féidir liom mo Bhailiúchán Earraí Toirtiúla a chur ar ceal?
Is féidir orduithe do Bhailiúchán Earraí Téagartha a chur ar ceal tráth nach déanaí ná 4 pm ar tráthnóna Dé hAoine roimh an dáta bailiúcháin ar an Máirt trí theagmháil a dhéanamh le Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council
Tabhair faoi deara go bhfuil gach íocaíocht neamh inaisíoctha.
An bhfuil rogha eile ann chun fáil réidh le hearraí tí nó leictreacha?
Tá – tá sé de rogha ag custaiméirí fáil réidh le hearraí tí nó leictreacha nach bhfuil ag teastáil, saor in aisce, ach iad a thabhairt chuig ionad athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in Eastát Tionscail an Leasa Bháin.
Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi sheirbhís an ionaid athchúrsála.
Is féidir fáil réidh mar seo a leanas le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE):
Tá sé de dhualgas ar mhiondíoltóirí ábhar leictreach agus leictreonach a thógáil ar ais saor in aisce ar bhonn ceann ar cheann (i.e. Má cheannaíonn tusa citeal, tá sé de dhualgas ar an siopa óna gceannaíonn tú é an sean-chiteal a thógáil uait más mian leat fáil réidh leis).
Chun tuilleadh eolais a fháil ar dhiúscairt WEEE, breathnaigh ar ár gCeisteanna Coitianta ar WEEE nó téigh chuig http://www.weeeireland.ie