Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol

Céard iad na cearta atá agam maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an gComhshaol? Tá sé de cheart agat faisnéis chomhshaoil áirithe a fháil ó údarás poiblí, ar nós údarás áitiúil. Tagann an ceart sin maidir le rochtain ar fhaisnéis Chomhshaoil ó Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa, agus ó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2011 Barr...

  • Cén chaoi a n-iarrfaidh mé faisnéis ar an gComhshaol, atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Chun iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol déan na rudaí seo a leanas:

    • Seol d’iarratas i scríbhinn ar ríomhphost nó sa phost
      • ríomhphost: foi@galwaycity.ie agus Iarratas Rochtana ar Fhaisnéis ar an gComhshaol i dteideal an ábhair
      • post: An tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
    • Luaigh i do chomhfhreagras go bhfuil d’iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh faoi na 'Rialacháin um Rochtain maidir leis an gComhshaol 2007-2011'
    • Luaigh, chomh cruinn agus is féidir leat, an cineál faisnéis chomhshaoil is mian leat a fháil
    • Tabhair do shonraí teagmhála

    Admhóidh an tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol go bhfuarthas d’iarratas agus déanfar iarracht freagra a thabhairt ort tráth nach deireanaí ná mí amháin tar éis an dáta a fhaightear d’iarratas.

    Má tá d’iarratas ar fhaisnéis casta nó má tá lear mór faisnéise á lorg, scríobhfaimid chugat faoi cheann míosa agus cuirfimid ar an eolas thú faoi na deacrachtaí atá againn le d’iarratas a phróiseáil. Tabharfaimid dáta nua duit faoina dtabharfaimid freagra ort. Ní bheidh an dáta sin níos faide ná dhá mhí ó fuaireamar d’iarratas an chéad lá riamh.

    Barr...

  • Céard iad na catagóirí d’Fhaisnéis ar an gComhshaol is féidir liom a fháil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007?

    Cumhdaítear sna Rialacháin agus sa Treoir faisnéis atá i bhfoirm scríbhinne, amhairc, closábhair, leictreonach nó in aon fhoirm ábhartha eile. Tá sé chatagóir faisnéise laistigh den Treoir sin:

    • Staid ghnéithe an chomhshaoil, e.g. aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch.
    • Imthosca a mbíonn tionchar acu, nó is dóigh a mbeidh tionchar acu, ar ghnéithe den chomhshaol, e.g. fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, scaoileadh eile isteach sa chomhshaol.
    • Bearta atá deartha chun gnéithe den chomhshaol a chosaint, e.g. beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil.
    • Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta maidir leis an gcomhshaol.
    • Anailísí agus breithmheasa a úsáideadh taobh istigh den chreat beart a dearadh chun cosaint a thabhairt don chomhshaol.
    • Staid shláinte agus shábháilteacht an duine, an slabhra bia, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid is go bhféadfadh tionchar a bheith ag gnéithe den chomhshaol orthu.

    Barr...

  • An bhfuil Táille i gceist chun Faisnéis a Iarraidh maidir leis an gComhshaol?

    Mar a fhoráiltear sna Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, níl aon táille tosaigh ag teastáil nuair a chuirtear iarratas ar fhaisnéis isteach faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol chuig an Rannóg seo. Féadfaidh údarás poiblí áfach, táille réasúnach a ghearradh as faisnéis chomhshaoil a chur ar fáil de réir na Rialachán. Tá an táille seo socraithe ag €20.00 in aghaidh na huaire*

    Táillí breise:

    • Fotachóipeáil in aghaidh an leathanaigh: €0.04
    • CD Rom: €10.00
    • Radagraf: €6.00

    *Tugtar neamhaird air seo má tá faisnéis phearsanta sa taifead, ach amháin nuair a bhaineann deonú an iarratais le líon suntasach taifead.

    Táillí cóipeála: Tugtar neamhaird air seo más faisnéis phearsanta amháin atá sa taifead, agus nach mbeadh sé réasúnta, ag cuimhniú ar acmhainní an iarrthóra, táille a chur i bhfeidhm.

    Cuirfear sonraí maidir leis na táillí, más ann dá leithéid, in iúl sna chéad chéimeanna de phróiseáil an iarratais.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí táillí maidir le faisnéis a thabhairt a chur ar neamhní má mheastar an costas a bheith níos lú ná €10.00.

    Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol), 2007-2014

    Pléitear i Rialachán 15 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol), 2007-2014 táillí a bhaineann le hIarratais AIE. Leagann rialacháin 15 (1) agus 15 (2) amach na táillí is féidir a chur i bhfeidhm ar iarratasóirí ar fháil iarratais AIE:

    15 (1) (a) A public authority may charge a fee when it makes available environmental information in accordance with these Regulations (including when it makes such information available following an appeal to the Commissioner under article 12), provided that such fee shall be reasonable having regard to the Directive.

    b) Notwithstanding sub-article (a), a public authority shall not charge a fee for access to any public registers or lists of environmental information pursuant to Article 5(1)(d).

    c) Notwithstanding sub-article (a), a public authority shall not charge a fee for the examination in situ of information requested.

    d) Where an applicant examines information in situ and wishes to obtain copies of that information, a public authority may charge a fee, consistent with the list of fees specified under article 15(2), for the provision of such copies.

    (2) Where a public authority charges a fee pursuant to sub-article (1), it shall make available to the public a list of fees charged, information on how they are calculated and the circumstances under which they may be waived.

    Treoirlínte AIE (Bealtaine 2013)

    Luann na Treoirlíne d'Údaráis Áitiúla agus eile ar fheidhmiú na Rialachán, a foilsíodh i mí Bealtaine 2013, faoi 16.4:

    A "reasonable" charge may vary depending on the volume of information to be released but could, for example, include costs connected with compiling, copying, printing and posting of the information. The charge may only relate to the supply of information, and charges should not be made for:

    • provision of general advice on the information that is available,
    • time expended on discussing a request,
    • determination of what information is discoverable or
    • search and retrieval costs for the information requested.

     

    I bhfianaise rialú an CJEU, déanfar neamhaird de phointe 4 "search and retrieval costs for the information requested" agus cuirfear treorú an chiorcláin AIE/2/2017 i bhfeidhm ina áit.

    Is féidir go mbeadh costais postála agus fótachóipeála i gceist, chomh maith le costais inchurtha i leith an ama a chaitheann baill foirne ar fhreagra a thabhairt ar iarratas aonair ar fhaisnéis, a bhfuil an t-am atá caite ar chuardach na faisnéis agus á chur san fhormáid atá ag teastáil.

    Barr...

  • An bhfuil sé de cheart agam achomharc a dhéanamh má dhiúltaítear do m’iarratas ar fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Ceart chun Achomhairc

    Tá cúiseanna ann go ndiúltaítear go dlíthiúil duit rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil. Mar sin féin, má dhiúltaíonn údarás poiblí do d’iarratas ar fhaisnéis nó nach láimhseálann sé d’iarratas go cuí, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg ón údarás poiblí.

    Má theastaíonn athbhreithniú inmheánach uait, ní mór duit é a iarraidh taobh istigh de mhí amháin ón gcinneadh a fháil, trí d’achomharc a chur i scríbhinn chuig: An Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil

    18 Sráid Líosain Íochtarach
    Baile Átha Cliath 2

    Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh athbhreithnithe a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil an teorainn ama a shíneadh má chreideann sé/sí go bhfuil sé réasúnach é sin a dhéanamh.

    Barr...

  • Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil leis an Oifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

    An tOifigeach um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, An Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

    Teileafón: +353 91 536400
    Ríomhphost: foi@galwaycity.ie

    Barr...