Cur Amú Bia - Tráchtála & Teaghlaigh

Rialaíonn údaráis áitiúla diúscairt dramhaíola bia tí lena áirithiú go bhfuil an dramhaíl oiriúnach le haghaidh múirínithe.

  • Cad is Cur Amú Bia?

    Áirítear le "Cur Amú Bia" aon substaint bia a úsáidtear, a bhíonn ar fáil lena úsáid, nó a bheartaítear le húsáid mar bhia ag daoine ach a chaitear amach sa dramhaíl tí; ina measc torthaí/craiceann glasraí, fuílleach bia, bia as dáta, cnámha feola, málaí tae, uibheacha, anraith/súlach/anlann, arán/brioscaí/cácaí, milseáin/seacláid, substaintí/comhábhair a úsáidtear in ullmhúchán bia, (pacáistithe agus gan phacáistiú) (cócaráilte agus amh).

    Top...

  • Cad é an cuspóir atá leis na Rialacháin maidir le Cur Amú Bia?

    Tá na Rialacháin maidir le Cur Amú Bia agus Cur Amú Bia Tí agus Bithdhramhaíl leagtha amach chun deighilt dramhbhia agus na buntáistí atá le dramhbhia a úsáid a chur chun cinn san earnáil thráchtála agus i líonta tí. Cinnteofar go n-ardóidh an méid dramhbhia a athshlánaítear trí tháirgeadh fuinnimh, múirín agus díleáiteáin. Éascóidh na Rialacháin go háirithe chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha amach i dTreoir 99/31/AE maidir le dramhaíl a chuirtear chuig líonadh talún agus dramhaíl cathrach in-bhithmhillte a aistriú ó láithreáin líonadh talún, trí dramhbhia a bhíonn deighilte ag an bhfoinse a threorú chuig ionaid múirínithe agus bithgháis agus chuig cineálacha eile cóireála (seachas loscadh).

    Top...

  • Cad é an dlí maidir le Cur Amú Bia?

    Éascóidh na Rialacháin Cur Amú Bia Tráchtála & Tí lena chinntiú go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha síos i dTreoir 99/31/AE maidir le dramhaíl a chuirtear chuig líonadh talún chun dramhaíl cathrach inbhithmhillte a aistriú ó láithreáin líonadh talún. Comhlíonfaidh na rialacháin freisin an Treoir 2008/94/AE den Treoir Creat Dramhaíola a trasuíodh le déanaí. Bhí na rialacháin tugtha ar aird sa bheartas náisiúnta bainistithe dramhaíola a foilsíodh le déanaí: "Deis Acmhainne - Beartas Bainistithe Dramhaíola in Éirinn"

    Reachtaíocht

    http://www.irishstatutebook.ie/eli/2015/si/430/made/en/pdf

    http://www.irishstatutebook.ie/eli/2009/si/508/made/en/pdf

    Top...

  • Cé ar a bhfuil oibleagáidí faoi na Rialacháin maidir le Cur Amú Bia (Tráchtáil)?

    Cuireann na Rialacháin oibleagáidí ar na daoine a chruthaíonn dramhbhia, mar fhoirgnimh stáit, bialanna agus caiféanna, ionaid bia te, ceaintíní, óstáin agus tithe aíochta móra, ospidéil, ollscoileanna, aerfoirt, ollmhargaí agus miondíoltóirí bia eile ina n-ullmhaítear bia, chun na hábhair sin a dheighilt agus iad a chur ar fáil lena mbailiú ar leithligh nó iad a aistriú go díreach ón dtáirgeoir d'fhonn cóireála údaraithe. Mar mhalairt air sin, féadfar na hábhair sin a chóireáil ar an láthair ina dtáirgtear iad faoi choinníollacha sonracha.

    Áirítear leis na Rialacháin cosc ginearálta ar dramhbhia a chur sa tseirbhís bailithe dramhaíola iarmharaí.

    Tá sé de dhualgas ar bhailitheoirí dramhaíola údaraithe seirbhís bailithe dramhbhia deighilte ag an bhfoinse a sholáthar do chliaint. Tá sé de dhualgas ar bhailitheoirí dramhaíola an t-údarás áitiúil iomchuí a chur ar an eolas faoi dhaoine a dhiúltaíonn leas a bhaint as an tseirbhís bailithe dramhaíola deighilte ag an bhfoinse.

    Top...

  • Cé ar a bhfuil oibleagáidí faoi na Rialacháin maidir le Cur Amú Bia (Teaghlach)?

    Cuireann na Rialacháin Cur Amú Bia Tí oibleagáid orthu seo a leanas:

    • Líonta tí, lena n-áirítear árasáin, a tháirgeann dramhbhia - bíonn orthu dramhaíl mar sin a dheighilt agus a choimeád ar leithligh ó dhramhaíl do-bhithmhillte agus a chinntiú go ndéanann bailitheoir dramhaíola údaraithe bailiúchán ar leithligh.
    • Bailitheoirí dramhaíola - bíonn orthu seirbhís bailithe ar leithligh a sholáthar do dhramhbhia an líon tí.

    Féadfaidh daoine mar rogha air sin:

    • Múirín a dhéanamh den dramhbhia sa bhaile, nó
    • An dramhbhia a thabhairt chuig ionaid chóireála údaraithe, lena n-athshlánú ar bhealach inghlactha ó thaobh an chomhshaoil, mar ionaid chonláiste cathartha, láithreáin díleá anaeróbach nó lena loscadh.

    Ní cheadaítear do líonta tí, árasáin san áireamh:

    • dramhbhia a chur sa bhailiúchán dramhaíola iarmharach (an bosca bruscair dubh)

    Tá sé de dhualgas ar bhailitheoirí dramhaíola údaraithe seirbhís bailithe dramhbhia deighilte ag an bhfoinse a sholáthar do líonta tí, árasáin san áireamh.

    Top...

  • Cén fáth a bhfuil gá agam le bosca bruscar bia?

    Cuireann na Rialacháin dualgas orthusan a chruthaíonn dramhbhia, idir líonta tí agus an earnáil tráchtála leas a bhaint as an tseirbhís bailithe deighilte ag an bhfoinse. Tá sé de dhualgas ar dhaoine a chruthaíonn dramhbhia, líonta tí agus san earnáil tráchtála, dramhaíl mar sin a dheighilt agus í a choimeád ar leithligh ó dhramhaíl do-bhithmhillte agus a chinntiú go ndéanann bailitheoir dramhaíola údaraithe bailiúchán ar leithligh. Tá cosc ar dhramhbhia a chur sa bhailiúchán dramhaíola iarmharach (an bosca bruscair dubh).

    Top...

  • Cá bhfaighidh mé comhairle conas an méid bia a chuireann mé amú a laghdú?

    http://www.stopfoodwaste.ie/ cuirtear cur chuige céim ar chéim ar fáil maidir le conas cur amú bia a stopadh, a laghdú, a athúsáid, a athshlánú agus a chur de láimh.

    Top...

  • An féidir liom múirín a dhéanamh den bhia a chuirtear amú?

    Is féidir. Féadfaidh daoine múirín a dhéanamh den dramhbhia ag an áitreabh a dtáirgtear an dramhbhia. Ceadaítear torthaí agus glasraí amha, málaí tae, pónairí caife úsáidte agus blaosc uibhe a chur an aonad múirínithe baile. Ní cheadaítear bia cócaráilte, feoil, iasc ná sicín a chur isteach ann.

    Féadfaidh gnólachtaí an dramhbhia san áitreabh a mhúiríniú faoi choiníollacha sonracha agus údarú a fháil ón Údarás Áitiúil. Féadfar an múirín a bhíonn mar thoradh air a úsáid ar an talamh laistigh den áitreabh as a dtagann an dramhaíl ach caithfear a chinntiú nach bhfuil aon ainmhithe ar an láthair.

    Top...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cur Amú Bia?

    Seirbhís do Chustaiméirí

    Teil: 091 536400

    foodwaste@galwaycity.ie

    Naisc úsáideacha:

    http://stopfoodwaste.ie/

    Top...