Tithíocht

Bíonn an cuntar tithíochta poiblí ar oscailt ó 9.30am go dtí 1pm, Luan go hAoine. Is féidir glaoch a chur ar 091 536400 ó 9am go 5pm. Tá oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe suite i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Tithíocht Services

Bainistíocht Eastát

Nuair a thugann an Chomhairle cóiríocht duit, bíonn tú i do chuid den phobal ina bhfuil cónaí ort. Ar an ábhar sin, molann an Chomhairle duit bheith rannpháirteach go gníomhach i saol an eastáit.

Cigireachtaí agus Gearáin

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chaighdeán maireachtála a fheabhsú do thionóntaí atá ina gcónaí i tithíocht phríobháideach ar cíos. Baintear é sin amach le cigireachtaí ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos, i gcomhréir le Rialacháin Rialtais.

Cíosanna Tithíochta

Tá cíosanna tithíochta Comhairle bunaithe ar chóras ar a dtugtar 'cíosanna difreálacha'. Bíonn an méid cíosa a íocann tú ag brath ar ioncam iomlán do theaghlaigh. Má thagann ardú ar d'ioncam, ardófar do chíos. Má thagann laghdú ar d'ioncam, laghdófar do chíos dá réir.

Cóiríocht don Lucht Siúil

Nuair a dhearbhófar go bhfuil riachtanas tithíochta ann, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarracht freastal ar an riachtanas sin tríd an bPlean Cóiríochta don Lucht Siúil a sheachadadh agus de réir na Scéime Tosaíochtaí Ligin.

Cothabháil Tithe

Is Tionónta Tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mé. Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh maidir le cothabháil / deisiú an tí?

Cuimsiú Sóisialta

Is é príomhaidhm an aonaid rochtain agus caighdeán Sheirbhísí na nÚdarás Áitiúil a fheabhsú do dhaoine a thagann ó phobail faoi mhíbhuntáiste. Cuidíonn sé chun beartais agus tionscadail um chuimsiú sóisialta a fhorbairt thar raon seirbhísí an údaráis áitiúil i nGaillimh.

Foireann Imeasctha na nÚdarás Áitiúil

Tá Foireann Imeasctha na nÚdarás Áitiúil (LAIT) ar fáil chun tacaíochtaí leanúnacha lánpháirtíochta a chur ar fáil do dhaoine atá rangaithe in aon cheann de na grúpaí seo a leanas a bhfuil cónaí orthu i gcathair na Gaillimhe

Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta

Is tacaíocht tithíochta sóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT). Tiocfaidh ÍCT in áit Forlíonadh Cíosa dóibh siúd a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu.

Léasú Fadtéarmach - Tiarnaí Talún

Tugadh Léasú Fadtéarmach isteach chun freastal ar riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Léasú Fadtéarmach - Tionóntaí

Tugadh Léasú Fadtéarmach isteach chun freastal ar riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Scéim Cóiríochta Cíosa - Tiarnaí Talún

Tugadh isteach an Scéim Cóiríochta Cíosa chun freastal ar riachtanais chóiríochta daoine a bhfuil liúntas cíosa á fháil acu ar feadh breis is 18 mí go hiondúil, agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Scéim Cóiríochta Cíosa - Tionóntaí

Tugadh isteach an Scéim Cóiríochta Cíosa chun freastal ar riachtanais chóiríochta daoine a bhfuil liúntas cíosa á fháil acu ar feadh breis is 18 mí go hiondúil, agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, faoi mar a chinneann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe

Tá Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Faomhaithe (CTF) ag iarraidh aonaid tithíochta a bhfuil gá le feabhsúcháin a cheannacht chun iad a athnuachan agus iad a chur ar fáil le haighead usaid mar tithe sóisialta.

Sonraí Teagmhála Tithíochta

Bíonn Seirbhís Chuntair na Rannóige Tithíochta ar oscailt ó 9.30am go 1.00pm gach lá, Luan go hAoine.

Tá an Cuntar Tithíochta lonnaithe in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Breathnaigh ar léarscáil den áit a bhfuil oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe lonnaithe

Barr...

Tenant Purchase Scheme

Under this scheme, you can apply to Galway City Council to buy your local authority house. If approved, you must continue to live in the house for as long as you own it. You will get a discount on the price of the house based on your income.

Coistí agus Cruinnithe Comhairle

Deontais Tithíochta

Deontas Áiseanna Soghluaisteachta

Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar dóibh siúd a bhfuil a dteach féin acu chun greimráillí, cithfholcadáin rochtana comhréidh, rampaí rochtana agus ardaitheoirí staighre a cheannach agus a shuiteáil.

Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta

Féadfaidh údaráis áitiúla deontais a sholáthar do dhaoine scothaosta a bhfuil a dteach féin acu le haghaidh oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin chun a dteach faoi úinéireacht phríobháideach a dhéanamh níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas.

Scéimeanna Tithíochta

Scéim Rogha Tithíochta

Féadfaidh údaráis áitiúla rogha a thairiscint d’iarratasóirí ceadaithe tithíochta agus aistrithe maidir le teach nua a roghnú. Is féidir le hiarratasóirí spéis a léiriú i dtithe a fhógraítear.

Scéim Tithíochta Inacmhainne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn i láthair na huaire ar sholáthar na Tithíochta Inacmhainne.

Déanfar na scéimeanna ina bhfuil Tithíocht Inacmhainne ar fáil a fhógairt go poiblí ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúil, sna nuachtáin áitiúla agus sna meáin shóisialta.

Tacaíocht Tithíochta

Tithíocht Sóisialta

Féadfaidh údaráis áitiúla tithíocht shóisialta a sholáthar duit má cháilíonn tú agus mura féidir leat do theach féin a fháil ar cíos nó a cheannach.