Iarratas a dhéanamh ar Iasacht Údaráis Áitiúil

Tá an Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil (LAHL) ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann dóthain cistithe a fháil ó bhainc thráchtála chun teach a cheannach nó a thógáil.

Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil

Tá an Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil (LAHL) ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann dóthain cistithe a fháil ó bhainc thráchtála chun teach a cheannach nó a thógáil. Is féidir an iasacht a úsáid le haghaidh aonaid réadmhaoine nua agus athláimhe araon, nó le haghaidh foirgnimh féintógtha.  Is féidir na sonraí iomlána faoin Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, a fháil ag http://localauthorityhomeloan.ie

 

Conas iarratas a dhéanamh:

Ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais um Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil a chomhlánú, agus is féidir iad a íoslódáil anseo agus a chur ar ais chuig:

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. H91 X4K8

 

Iasacht Ceannaithe agus Athchóirithe na nÚdarás Áitiúil

Is morgáiste agus iasacht atá tacaithe ag an Rialtas í Iasacht Ceannathe agus Athchóirithe na nÚdarás Áitiúil chun tithe tréigthe nó nach bhfuil feiliúnach le cónaí ionta a cheannach agus a athchóiriú. Ní mór don mhaoin a bheith incháilithe don Deontas Athchóirithe Maoine Folmha, bíodh sé tréigthe, neamh-ináitrithe nó folamh.

Más mian leat teach incháilithe do Dheontas Athchóirithe Maoine Folmha a cheannach agus/nó a athchóiriú  ach mura féidir leat maoiniú dóthaineach a fháil ó iasachtóirí tráchtála, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig d'údarás áitiúil ar Iasacht Ceannaithe agus Athchóirithe na nÚdaráis Áitiúil.

Is féidir sonraí iomlána Iasacht Ceannaigh agus Athchóirithe na nÚdarás Áitiúil, critéir incháilitheachta san áireamh, a léamh ag https://purchaseandrenovationloan.ie/

 

Cén chaoi iarratas a dhéanamh:

Ní mór d'iarratasóirí foirm iarratais ar Iasacht Ceannaithe agus Athchóirithe na Údarás Áitiúil a íoslódáil, a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais chuig:

Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Iasachtaí Tithíochta

Halla na Cathrach

Gaillimh

H91 X4K8

 

Scéim Liúntais Morgáiste

Is rogha tithíochta sóisialta í an Scéim Liúntais Morgáiste a chuidíonn le tionóntaí agus ceannaitheoirí tionónta i dtithe údaráis áitiúil, ar mian leo a dtithe a thabhairt ar ais don údarás agus teaghas phríobháideach a cheannach nó a thógáil le go gcónaíodh siad féin ann.  

Déanann sé é seo trína n-aisíocaíochtaí morgáiste a laghdú thar na chéad chúig bliana dá morgáiste.  Is é € 11,450 iníoctha thar chúig bliana méid an liúntais . 

 Íoctar an liúntas go díreach leis an ngníomhaireacht iasachtaí agus mar thoradh air sin laghdaítear d’aisíocaíochtaí morgáiste sa chéad chúig bliana de réir mhéid bhliantúil ábhartha an liúntais, i.e. 

  • € 3,560 sa chéad bhliain
  • €2,800 sa dara bliain
  • €2,040 sa tríú bliain
  • €1,780 sa cheathrú bliain
  • €1,270 sa chúigiú bliain

Ní féidir leis an liúntas a íoctar in aon bhliain a bheith níos mó ná méid na n-aisíocaíochtaí morgáiste, agus ní mór don iarratasóir leanúint ar aghaidh ina cónaí/chónaí/gcónaí sa teaghas príobháideach mar ghnáth-áit chónaithe i rith na tréimhse 5 bliana lena mbaineann an liúntas.  Iarr tuilleadh eolais ar an Roinn Iasachtaí.