Is tionscnamh Rialtais é Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil a cheadaíonn do thionóntaí údaráis áitiúil seomra nó seomraí ina dtithe a ligean ar cíos do mhic léinn tríú leibhéal má fhaigheann siad cead roimh ré ón údarás áitiúil, atá ag feidhmiú mar thiarna talún.
I ndiaidh iarratas a dhéanamh agus cead a fháil, féadfaidh an Tionónta an seomra ábhartha a ligean ar cíos faoin gceadúnas i gcomhair bhliain acadúil an mhic léinn.
Tá aon ioncam breise a fhaigheann tionónta údaráis áitiúil mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sa scéim ináirithe sa ríomh ar an gcíos a íocann sé nó sí leis an údarás áitiúil.
Tá níos mó eolais faoin Scéim, mar aon leis na Foirmeacha Iarratais ábhartha don Tionónta agus Mac Léinn le fáil ag na naisc thíos.