Cigireachtaí agus Gearáin

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chaighdeán maireachtála a fheabhsú do thionóntaí atá ina gcónaí i tithíocht phríobháideach ar cíos. Baintear é sin amach le cigireachtaí ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos, i gcomhréir le Rialacháin Rialtais.

Íoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Íoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos – Cigireachtaí ar Réadmhaoin ina bhfuil Tionóntachtaí Cónaitheacha Príobháideacha

Caighdeáin Tithíochta agus Cigireachtaí

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chaighdeán maireachtála a fheabhsú do thionóntaí atá ina gcónaí i tithíocht phríobháideach ar cíos. Baintear é sin amach le cigireachtaí ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos, i gcomhréir le Rialacháin Rialtais. Mar sin féin, má tá deacracht ag tionóntaí ina réadmhaoin, ba cheart dóibh i gcónaí é sin a thuairisciú don tiarna talún ar an gcéad dul síos. Is féidir le tionóntaí a bhfuil fadhbanna acu cigireachtaí íoschaighdeán a iarraidh ach ríomhphost a sheoladh chuig msrproperties@galwaycity.ie. Déanfaidh an tAonad Cigireachtaí Tithíochta iarracht a chinntiú go ndéanfar cigireachtaí in am trátha tar éis dó gearán a dhéanamh

 

Íoschaighdeáin le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos

Is é príomhchuspóir na Rialachán um Chaighdeáin Tithíochta íoschaighdeáin a bhunú chun sláinte agus folláine tionóntaí a chosaint agus a chinntiú go mbeadh tithe príobháideacha ar cíos sábháilte agus oiriúnach le haghaidh cónaithe.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar thiarnaí talún a chinntiú go gcoimeádtar caoi mhaith ar a dtithe príobháideacha ar cíos (lena n-áirítear tithe agus árasáin), go bhfuil siad dea-dheisithe agus go gcomhlíonann siad na Rialacháin. Maidir le tiarnaí talún nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí dlíthiúla i dtithe príobháideacha ar cíos, féadfar iad a ionchúiseamh agus má chiontaítear iad, féadfar fíneáil nó príosúnacht, nó an dá rud, a ghearradh orthu.

Tá mionsonraí faoi na nithe seo a leanas sa reachtaíocht um chaighdeáin tithíochta agus sa treoir theicniúil:

  • Baill struchtúrach
  • Saoráidí sláintíochta
  • Saoráidí Teasa
  • Ullmhú agus Stóráil Bia agus Níocháin
  • Aeráil
  • Soilsiú
  • Sábháilteacht Dóiteáin
  • Dramhaíl
  • Leictreachas agus Gás
  • Déileáil le Gearáin

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teacht ar an reachtaíocht lena mbaineann ag www.environ.ie nó www.irishstatutebook.ie

 

Cigireachtaí ar Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina ról mar údarás tithíochta, atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann réadmhaoin na caighdeáin le haghaidh cóiríocht ar cíos. Is trí mheán cigireachtaí a thagtar ar na cinntí sin. Sa chás nach gcomhlíonann cóiríochtaí na caighdeáin sin, tá an Chomhairle freagrach as comhlíontacht a chinntiú le fógraí feabhsúcháin agus toirmisc, agus le nósanna imeachta dlíthiúla.

Tá ar thiarnaí talún agus ar thionóntaí cead a thabhairt don Údarás Tithíochta rochtain a fháil ar an réadmhaoin chun an chigireacht a dhéanamh.

Sa chás nach léir tar éis cigireachta go gcomhlíonann réadmhaoin ar cíos na Rialacháin, féadfaidh an tÚdarás Tithíochta a iarraidh ar an tiarna talún an fhianaise is gá a chur ar fáil le deimhniú an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an réadmhaoin riachtanais na Rialachán.

Más tionónta thú agus má shíleann tú nach gcomhlíonann do réadmhaoin ar cíos na híoschaighdeáin, ba cheart duit é sin a phlé le do thiarna talún. Mura bhfuil tú féin agus do thiarna talún in ann teacht ar réiteach go neamhfhoirmiúil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus do fhreagrachtaí.

Mura sásaítear na híoschaighdeáin agus má dhiúltaíonn an tiarna talún na deisiúcháin is gá a dhéanamh, féadfaidh an tionónta a iarraidh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cigireacht a dhéanamh agus fógra feabhsúcháin a eisiúint le cloí leis na caighdeáin más gá.

 

Forfheidhmiú caighdeán tithíochta

Tá ceangal dlíthiúil ar thiarnaí talún na caighdeáin le haghaidh tithíocht ar cíos a chomhlánú agus ba cheart dóibh a chinntiú go gcomhlíonann a réadmhaoin na caighdeáin dóiteáin agus na rialacháin um íoschaighdeáin tithíochta le haghaidh réadmhaoin ar cíos. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as comhlíonadh na n-íoschaighdeán agus na gcaighdeán dóiteáin a chinntiú.

Mura gcomhlíonann tiarnaí talún na híoschaighdeáin, féadfar pionóis a ghearradh orthu agus iad a ionchúiseamh. Féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fógraí Feabhsúcháin agus Fógraí Toirmisc a chur chuig tiarnaí talún a sháraíonn na rialacháin um íoschaighdeáin.

Is éard atá i Litir Feabhsúcháin ná liosta de mhionoibreacha a dhéanfaidh an tiarna talún chun sárú ar na rialacháin a leigheas.

Leagann Fógra Feabhsúcháin amach na hoibreacha a dhéanfaidh an tiarna talún chun sárú ar na rialacháin a leigheas.

 Mura ndéanann an tiarna talún na hoibreacha sin, féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fógra Toirmisc a éisiúint, ina n-ordaítear don tiarna talún gan an teach a athligean ar cíos go dtí go leigheasfar an sárú ar na rialacháin.

 

Déileáil le Gearáin

Má tá tionóntaí ina gcónaí i gcóiríocht nach gcomhlíonann na caighdeáin lena mbaineann, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an tiarna talún ar an gcéad dul síos chun deis a thabhairt dó nó di an cás a chur ina cheart. Más rud é go bhfuil fógra curtha chuig an tiarna talún maidir leis na hoibreacha is gá, ach nach bhfuil an deacracht réitithe ag an tiarna talún, ansin is féidir leis an tionónta an cás a chur ar aghaidh chuig an Aonad Cigireachta i Rannán Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le go bhfiosrófar an cás.

Má dhéanann tionóntaí teagmháil leis an Aonad Cigireachta i Rannán Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ba cheart dóibh a n-ainm iomlán, a seoladh, Eirchód agus uimhir ghutháin nó fóin póca a chur ar fáil, chomh maith leis na sonraí uile a bhaineann lena n-ábhar gearáin nó lena gceist. Ba cheart ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tiarna talún a chur ar fáil freisin.

 

Gearáin nach féidir linn déileáil leo

Ní féidir linn deileáil le gearáin sna cásanna seo a leanas:

  • Is gearáin anaithnide iad
  • Ní bhaineann an cheist le caighdeáin tithíochta
  • Níor cuireadh dóthain faisnéise ar fáil chun an cás a fhiosrú
  • Má tá an tAonad Cigireachta i rannán Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe den tuairim gur gá an gearán a fhiosrú tuilleadh, déanfar coinne chun cigireacht a dhéanamh ar an teach agus tionscnófar gníomhartha eile más gá. 

 

Cén chaoi ar féidir cigireacht ar íoschaighdeáin a iarraidh?

Is féidir ceisteanna, iarraidh nó gearáin a chur ar ríomhphost chuig Aonad Cigireachta Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: msrproperties@galwaycity.ie

Teileafón: 091 536400

Seoladh Poist: Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
H91 X4K8.

Treoirlínte d'údaráis tithíochta maidir le cur chun feidhme íoschaighdeán i gcóiríocht phríobháideach ar cíos
Níl ach leagan Béarla ar fáil ón Roinn faoi láthair. Chomh luath agus a gheobhaidh muid é, déanfaimid é a uaslódáil.

 

Naisc Úsáideacha

Treoir maidir le hÍoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos Bileoga Íoschaighdeán agus Sábháilteachta DóiteáinTreoir d’Úinéirí Tí ar Aeráil Oibleagáidí tiarna talún agus tionóntaí 

 

Séanadh

Cuirtear an fhaisnéis seo ar fáil chun críocha comhairle amháin agus ní mhaítear gur léamh cinntitheach ná dlíthiúil í ar na caighdeáin tithíochta agus ní féidir í a thuiscint ar an mbealach sin. D’fhéadfadh faisnéis mhíchruinn a bheith ar na leathanaigh sa rannán seo. Féadfar nuashonrú a dhéanamh ar na leathanaigh sa rannán seo ó am go chéile, ach ní ghlacaimid freagracht ar bith as an bhfaisnéis a choimeád cothrom le dáta ná ní ghlacaimid le dliteanas ar bith as mainneachtain déanamh amhlaidh.

 

Fógraí Toirmisc

Fógraí Toirmisc - Alt 18B Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992 (arna leasú)