Cad is Tithíocht Inacmhainne ann?
- Tá an Socrú Ceannaigh um Thithíocht Inacmhainne leagtha amach sa reachtaíocht agus sna rialachán.
- Séard is scéim tithíochta inacmhainne ann ná clár ina dtugann an tÚdarás Áitiúil cúnamh do dhuine an phobail aonad tithíochta a cheannach trí chéatadán den teach á cheannach aige féin.
- Féachann an scéim seo le dul i ngleic le bearna na hinacmhainneachta atá ann agus teach á fháil. Baineann sí leis na teaghlaigh nach féidir leo, tar éis úsáid a bhaint as a gcomh-éarlais agus a n-uasmhorgáiste ceadaithe, an teach a íoc ar luach margaidh oscailte aige.
- Athraíonn céatadán an chothromais a cheannaíonn an tÚdarás Áitiúil de réir chumhacht ceannaigh an iarrthóra.
Cé leis a bhaineann an Scéim?
- Tá an scéim seo dírithe ar cheannaitheoirí céaduaire. Baineann sí freisin le hiarrthóirí an ‘atosú úr’:
- Tá tú tar éis colscartha, scartha nó críochnú an chaidrimh
- Tá tú tar éis dócmhainneacht aphearsanta nó féimheachta
- Baineann an scéim le tithe agus árasáin nuathógtha.
- Déantar gach iarrthóir a mheas agus caithfidh sé critéir áirithe, a leagfar amach roimh an iarratas á dhéanamh aige, a chomhlíonadh .
- Séard atá sa tacaíocht atá á chur ar fáil ag an údarás áitiúil ná sciar cothromais idir 5% agus 40% den teach.
- Beidh ar gach iarrthóir uas-tharraingt anuas a chuid mhorgáiste a fháil (4 oiread ioncam an teaghlaigh, ó bhanc rannpháirteach, de réir rialacha macrastuamachta an Bhainc Ceannais).
B'fhéidir go mbeadh an t-iarratasóir in ann leas a bhaint as an gcúnamh seo a leanas:
Iasacht Tí Údaráis Áitiúil: https://localauthorityhomeloan.ie/
Cabhair le Ceannach: Help to Buy Scheme
Tá tuilleadh faisnéise agus eolas faoi ríomh an ioncaim ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta Tithíochta ag https://www.housingagency.ie/