Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh líon na n-aonad tithíochta inacmhainne agus sóisialta a mhéadú trí mheicníochtaí seachadta éagsúla, lena n-áirítear aonaid lándéanta a fháil ar láithreáin úrnua/athfhorbraíochta/agus/nó neamhchríochnaithe forbraíochta tithíochta arna gcriosú le haghaidh úsáide cónaithe.
Gheofar réadmhaoin faoi shocrú lándéanta réamhcheannaithe a d'fhéadfadh íocaíochtaí céimnithe a bheith i gceist leis.
Tabharfar tosaíocht do na tionscadail sin a sheachadann lena seachadfar a luaithe is féidir, faoi réir luach ar airgead.
Breithneoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na cineálacha togra seo a leanas:
Aonaid chónaithe lándéanta i bhforbairtí críochnaithe, nó i bhforbairtí atá le críochnú in 2024, 2025 agus 2026.
Socruithe comhfhiontair lena n-áirítear seachadadh tithe inacmhainne agus sóisialta.
Féachfar freisin ar chomhroinnt tograí ina gcéimeanna agus ar fud scéimeanna éagsúla agus socruithe eile.
Aon leagan difriúil de thogra faoi shocruithe lándéanta réamhcheannaigh a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ó úinéirí talún/ tógálaithe/ forbróirí a chur ar aghaidh lena mbreithniú.
Déanfar iarratasóirí a mheasúnú faoi na critéir seo a leanas:
- Freagairt ar an Doiciméad Faisnéise
- Luach ar airgead na scéime atá beartaithe
- An t-amscála maidir le Seachadadh
Más spéis leat a bheith rannpháirteach, cuir isteach na hiarratais chomhlánaithe uile i scríbhinn chuig an seoladh thíos nó trí r-thairiscintí ag eTenders anseo.
Léirithe spéise chun Tithíocht Inacmhainne agus Sóisialta a Sholáthar, lena n-áirítear forbairt talún,
Roinn na Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste,
Gaillimh,
H91 X4K8