Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe

An bhfuil teach nó árasán folamh agat, nár mhór deisiú a dhéanamh air, ach níl an t-airgead agat? Má tá, seans go gcuirfidh tú spéis sa scéim thuas.

Faoin scéim seo, is féidir áiteanna cónaithe folmha a athchóiriú agus mar chúiteamh, cuirtear an réadmhaoin ar fáil don Chomhairle le haghaidh tithíocht shóisialta trí shocrú léasa.

Tá buntáistí ag gabháil leis seo d'úinéir na réadmhaoine, ar nós:

  • Cíos ar féidir brath air
  • Ní gá déileáil le tionóntaí
  • Ní gá gnáth-chothabháil a dhéanamh air
  • Ní gá cíos a bhailiú ná tionóntaí a aimsiú
  • Ní chailltear teacht isteach nuair a bhíonn an teach folamh

Gheofar tuilleadh eolais, mar aon le foirm iarratais agus na sonraí iomlána ar ár suíomh gréasáin:

Tuilleadh eolais: Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe

Más dóigh leat go n-oirfeadh an scéim seo duitse, cuir glao ar-

An Roinn Tithíochta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

Teileafón 091 894371 nó ríomhphost: housing@galwaycity.ie