Bainistíocht Eastát

Nuair a thugann an Chomhairle cóiríocht duit, bíonn tú i do chuid den phobal ina bhfuil cónaí ort. Ar an ábhar sin, molann an Chomhairle duit bheith rannpháirteach go gníomhach i saol an eastáit.

Cé atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar Eastáit Tithíochta agus ar Mhaoin de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

Tá breis is 2100 maoin i gCathair na Gaillimhe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus á mbainistiú aici.

Nuair a thugann an Chomhairle cóiríocht duit, bíonn tú i do chuid den phobal ina bhfuil cónaí ort. Ar an ábhar sin, molann an Chomhairle duit bheith rannpháirteach go gníomhach i saol an eastáit.

Is é is príomhchúram don Bhainistíocht Eastát feabhas a chur ar eastáit an údaráis áitiúil ionas gur áiteanna níos deise iad chun cónaí iontu.

Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil maidir le ceisteanna faoi m’eastát?

Tá triúr Oifigeach Idirchaidrimh do Thionóntaí fostaithe ag an gComhairle Cathrach, agus tá a limistéar sainithe féin ag gach duine acu.

Cuireann na hOifigigh Idirchaidrimh sin réimse leathan seirbhísí ar fáil do thionóntaí:

  • Comhairle do thionóntaí maidir le sonraí iomlána a dtionóntachta
  • Cumainn Cónaitheoirí a fhorbairt
  • Sonraí a sholáthar ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil sa cheantar
  • Cabhrú le fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú sna heastáit
  • Iompraíocht fhrithshóisialta

Má bhíonn ceisteanna agat maidir le Bainistíocht Eastát, is féidir iad a chur ar an Oifigeach Idirchaidrimh do Thionóntaí ábhartha do do cheantar.

Is iad seo a leanas na hOifigigh Idirchaidrimh do Thionóntaí:

  •  Michael Forde 
    091 536384 
    Oifigeach Sinsearach Idirchaidrimh Eastáit Tithíochta
  •  Mark McCrea 
    091 536582 
    Lár na Cathrach
  •  Edward Conlon 
    091 536542 
    Oirthear na Cathrach
  •  Julie Molloy 
    091 536586 
    Iarthar na Cathrach

Tá Straitéis Bainistíochta Eastát foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina leagtar amach an chaoi a mbeidh an Rannóg Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair chun bainistíocht d’ardchaighdeán ar a tionóntachtaí agus ar a heastáit a chinntiú.

Íoslódáil an Straitéis Bainistíochta Eastát

Tá fadhbanna iompraíochta frithshóisialta i m’eastát. Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil?

Is féidir eachtraí iompraíochta frithshóisialta a thuairisciú do na hOifigigh Idirchaidrimh do Thionóntaí nó d’aon Oifigeach Tithíochta.

Is féidir leat freisin an Fhoirm Ghearáin um Iompar Frithshóisialta (thíos) a Íoslódáil agus a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Tithíochta.

Caitear go rúnda le gach eachtra a thuairiscítear agus déantar iad a iniúchadh ar bhealach cóir, neamhchlaonta agus oibiachtúil.

Is é atá i gceist le hiompraíocht fhrithshóisialta:

Drugaí rialaithe a mhonarú, a tháirgeadh, a ullmhú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a sholáthar, a shealbhú lena ndíol nó lena soláthar nó lena ndáileadh
(de réir bhrí na nAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí 1977 agus 1984)

Aon iompraíocht gurb í is cúis le go ndéanfaí duine ar bith a mhaireann, a oibríonn nó atá seachas sin go dleathach i dteach nó i gcomharsanacht tí a chuir an tÚdarás Tithíochta ar fáil faoi Achtanna na dTithe 1966 go 1997 nó in eastát tithíochta nó láithreán ina bhfuil an teach suite a chur i gcontúirt shuntasach nó mharthanach, díobháil nó damáiste a dhéanamh dó, caillteanas a bheith aige nó eagla a chur air, agus gan dochar don mhéid sin roimhe seo áirítear leis foréigean, bagairtí, imeaglú, comhéigean, ciapadh a dhéanamh nó aon ró-bhacainn a chur roimh dhuine ar bith.

 Íoslódáil cóip de Bheartas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i leith Iompraíocht Fhrithshóisialta.Íoslódáil cóip d’Fhoirm Ghearáin um Iompar Frithshóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe