BUISÉAD TEAGHLAIGH - in Oifig an Phoist
Ligeann an Buiséad Teaghlaigh do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh áirithe in Oifig an Phoist íocaíochtaí Cíosa Tithíochta a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí asbhaint dhíreach óna n-íocaíocht leasa shóisialaigh. Ní ghearrtar aon táille as an tseirbhís seo a úsáid. Is é an t-uasmhéid is féidir a asbhaint ná 25% den íocaíocht sheachtainiúil iomlán um chosaint shóisialta a bhíonn á fáil agat.
NB: Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh sé go dtógfadh sé suas le 6 seachtaine tús a chur le híocaíochtaí Buiséid Teaghlaigh. Go dtí go gcuirfear tús leis an asbhaint ó do Bhuiséad Teaghlaigh, is gá duit, dá bhrí sin, socruithe malartacha a dhéanamh maidir leis an íocaíochtaí sa gcaoi nach mbeidh do Chíos Tithíochta i riaráiste. Féach thíos bealaí eile le híoc.
Íoslódáil an fhoirm ASBHAINT Ó BHUISÉAD TEAGHLAIGH ag an nasc thíos, ansin líon isteach í agus seol í chuig DMU, An Roinn Airgeadais, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Foirm Asbhaint Ó Bhuiséad Teaghlaigh
D’fhéadfá freisin a iarraidh go seolfaí cóip chrua den fhoirm chugat tríd an bpost ach ghlaoch ar an uimhir 091 536 411 nó ar an uimhir 091 536 528 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dmu@galwaycity.ie
BUANORDÚ - tríd an mBanc / Comhar Creidmheasa
Is éard is Buanordú ann ná treoir ó chustaiméir chuig a mbanc go ndéanfaí íocaíocht rialta Cíosa Tithíochta, de mhéid atá socraithe, le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Is féidir le custaiméirí buanorduithe a chur ar bun trína seirbhís baincéireachta ar líne nó go pearsanta sa mbanc.
NB Agus Buanordú á chur ar bun agat, cinntigh le do thoil go mbíonn d'uimhir Chuntais Cíosa Tithíochta luaite ar GACH ceann de na híocaíochtaí bainc a dhéanann tú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ionas go bhféadfar a chinntiú go mbeidh d'íocaíocht faighte i gceart i do chuntas Cíosa Tithíochta.
Íoslódáil an fhoirm BUANORDÚ ag an nasc thíos. Is féidir leat sonraí bainc Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a úsáid ar an bhfoirm chun an Buanordú a shocrú suas tú féin tríd an mbaincéireacht ar líne, nó féadfaidh tú an fhoirm a líonadh isteach agus a thabhairt chuig do bhanc lena socrú suas duit.
D’fhéadfá freisin a iarraidh go seolfaí cóip chrua den fhoirm a chugat tríd an bpost ach glaoch ar an uimhir 091 536 411 nó ar uimhir 091 536 528 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dmu@galwaycity.i
CÁRTA BILLPAY – in Oifig an Phois
Féadfaidh tú do Chíos Tithíochta a íoc in Oifig an Phoist le do Charta BillPay. Is é BillPay an tseirbhís íocaíochta bille saor in aisce atá ag An Post. Gach uair a ndéanann tú íocaíocht, gheobhaidh tú admháil ina ndeimhneofar an méid a íocadh agus ina luafar uimhir do Chuntais Cíosa Tithíochta. Ba chóir duit d'admháil a sheiceáil lena chinntiú go bhfuil méid na híocaíochta agus d'uimhir chuntais ceart.
Chun do Charta BillPay a fháil, déan teagmháil le Cíos Tithíochta ar an bhfón ag an uimhir 091 536400 nó seol ríomhphost chuig rents@galwaycity.ie.
GUTHÁN – Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Féadfaidh tú íocaíochtaí Cíosa Tithíochta a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le cárta Dochair ar an bhfón.
Uimhir Ghutháin: 091 536400
Bíonn na línte gutháin oscailte: Luan - Aoine 9.00 rn go dtí 4.00 in
Ba cheart go mbeadh uimhir an Chuntais Cíosa Tithíochta in aice láimhe agat nuair a bhíonn íocaíocht á déanamh agat.
GO PEARSANTA - Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Féadfaidh tú íocaíochtaí Cíosa Tithíochta a dhéanamh go pearsanta in Oifig Airgid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le hairgead tirim nó le cárta Dochair. Tá an Oifig Airgid lonnaithe ar Urlár na Talún i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Uaireanta Oscailte: Luan - Aoine 9.00 rn go dtí 4.00 in
Ba cheart go mbeadh uimhir an Chuntais Cíosa Tithíochta in aice láimhe agus íocaíocht á déanamh agat.
AR LÍNE – MyCoCo.ie
Is féidir leat do Chíos Tithíochta a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar líne ag www.mycoco.ie. Tá an áis seo ar fáil ar an ríomhaire deisce agus ar ghairis mhóibíleacha araon.
Le cuntas a chruthú ar MyCoCo.ie caithfidh d’Uimhir Cuntais Cíosa Custaiméara a bheith ar eolas agat chomh maith le do UAP. Is féidir leat do UAP a fháil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ach ríomhphost a sheoladh chuig: accountsreceivable@galwaycity.ie. Cuirfear do UAP chugat sa bpost.
Nuair a bheidh tú cláraithe ar MyCoCo.ie, beidh tú in ann do chuid idirbhearta a fheiceáil, agus breathnú ar na hiarmhéideanna agus ar na ráitis. Tabhair faoi deara go bhféadfadh go dtógfadh sé suas le 24 uair an chloig nó go mbeidh do chuntas le feiceáil agus go ligfear duit íocaíochtaí a dhéanamh.
Glaoigh ar an uimhir 091 536 411 nó ar an uimhir 091 536 528 nó seol ríomhphost chuig accountsreceivable@galwaycity.ie. má tá aon cheist eile agat faoin modh íocaíochta seo.