Nuacht

Podchraoladh Galway City

Galway City – Your Council: Eagráin Nua!

20 November 2024

Is cúis ríméid ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe seisear de bhaill foirne lán taithí na Comhairle a chur i láthair sa dara sraith den Phodchraoladh ‘Galway City – Your Council’.

Safe and Sound Gaeilge poster

Slán Sábháilte - Feachtas trína moltar do Dhaoine a bheith Slán Sábháilte agus iad Amuigh san Oíche!

18 November 2024

Tá Cathair na Gaillimhe páirteach i bhfeachtas ‘Slán Sábháilte’ d’fhonn iompar tairbheach agus meas ar dhaoine eile a chur chun cinn le linn taitneamh a bhaint as geilleagar na hoíche. Gairm chun gnímh atá san fheachtas ag cuairteoirí go Cathair na Gaillimhe agus ag muintir na cathrach féin taitneamh a bhaint as a mbíonn ar fáil tar éis a 6 i.n. i gcúrsaí amharclannaíochta agus spóirt, i dtithe tabhairne, i gcaiféanna, i bpictiúrlanna agus eile – an tráth céanna a mbíonn meas acu ar an timpeallacht agus ar a chéile.

Artist Irene Naughton with her poem and mural

An Mac Tíre ar ais ar an mBaile Bán

18 November 2024

Tá an mac tíre ar ais i mBaile Bán le múrphictiúr nua á fheistiú ann mar ghné de thogra pobail i Sruthán Mhuirlinne ar an mBaile Bán. Sheol an togra ag ócáid ar an 13 Samhain 2024. Tá dhá shaothar filíochta le feiceáil sa mhúrphictiúr féin, ceann le Irene Naughton, an t-ealaíontóir a shaothraigh an múrphictiúr, agus an dara ceann le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil gradaim buaite aici, arb é an mac tíre deireanach i gCoillte Mhuirlinne is téama dó. Is togra é seo ar chuir an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola airgead ar fáil lena aghaidh.

Green Flag Awards

Cúig Ghradam den Bhratach Ghlas Bronnta ar Pháirceanna na Cathrach

14 November 2024

Tá cúig Ghradam mór le rá den Bhratach Ghlas bainte amach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Rannóg Oideachais Comhshaoil an Taisce a d’fhógair na gradaim inniu. Tugann Gradaim na Brataí Glaise aitheantas do na páirceanna agus na gairdíní poiblí is fearr in Éirinn. Bronnadh gradam ar Pháirc na gCúig Céad i mBóthar na Trá den chúigiú huair agus gradam arís eile, den séú bliain as a chéile go deimhin, ar Pháirc Leanaí na Mílaoise. Ghnóthaigh Páirc Uí Shúilleabháin i Muirbheach an Bhratach Ghlas den tríú huair. Cuireadh Páirc Uí Chinnéide ar an bhFaiche Mhór agus Páirc Foraoise Thír Oileáin leis an liosta páirceanna ar bronnadh gradam orthu i mbliana freisin, an chéad uair riamh a bhfuil an Bhratach Ghlas á bronnadh ar na páirceanna sin.

Mr Billy Lawless, Freeman of Galway City, RIP

Leabhar Comhbhróin in ómós do Bhilly Lawless, Saorfhear de chuid Chathair na Gaillimhe oscailte ag Méara Peter Keane

11 November 2024

Tá Leabhar Comhbhróin in ómós do Bhilly Lawless, Saorfhear de chuid Chathair na Gaillimhe, oscailte i Halla na Cathrach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, inniu (Dé Luain, an 11 Samhain 2024). D’oscail a Onóir, Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, an leabhar a bheidh ar fáil don phobal le teachtaireachtaí comhbhróin a bhreacadh ann.

Ciarán MacChoncarraige

Cúrsa Oiliúna maidir le Feasacht ar Mhíchumas seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do Ghnólachtaí a shaothraíonn i nGeilleagar na hOíche

8 November 2024

Is cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Access for All Chathair na Gaillimhe, Fáilte Éireann, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, a fhógairt go bhfuil cúrsa oiliúna nua maidir le Feasacht ar Mhíchumas á sheoladh do ghnólachtaí a fheidhmíonn mar chuid de gheilleagar na hoíche sa chathair. Is gné seo de Phlean Gníomhaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Geilleagar na hOíche 2024-2025 agus é de chuspóir leis timpeallacht níos soicheallaí a chruthú do dhaoine atá faoi mhíchumas ionas go gcinntítear gur féidir leis an uile dhuine taitneamh a bhaint as saol bríomhar na hoíche i nGaillimh. Is é an cúrsa oiliúna seo an chéad cheann i sraith cúrsaí atá dírithe ar chúrsaí áisiúlachta agus lánpháirtíochta a fheabhsú maidir le geilleagar na hoíche.