Is cúis ríméid ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe seisear de bhaill foirne lán taithí na Comhairle a chur i láthair sa dara sraith den Phodchraoladh ‘Galway City – Your Council’.
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, údarás áitiúil an tríú cathair is mó in Éirinn - ceannródaí maidir le cultúr, oideachas agus gnó - seirbhísí ar fáil do dhaonra 83,456 duine, le buiséad níos mó ná €121,374,000 sa bhliain 2024.
Cuireann na húdaráis áitiúla níos mó ná 1,100 seirbhís ar fáil i réimsí chomh hiléagsúil le caoi a choinneáil ar thránna, pónaí madraí, cur chun cinn na sláinte, pleanáil straitéiseach, cur chun cinn na turasóireachta agus soláthar tithíochta.
Cuirtear i láthair leis an bpodchraoladh ‘Galway City - Your Council’ roinnt de na daoine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil agus an obair fhiúntach a dhéanann siad ó lá go lá do mhuintir na cathrach.
Is féidir cluas a thabhairt don tsraith cibé modh a dtapaíonn tú ábhar podchraoltóireachta nó sruthchraoladh a dhéanamh ar GalwayCity.ie/Podcast
Más mian leat daoine a mholadh ar mhaith leat cloisteáil uathu, nó ábhar a mbeadh suim agat ann, cuir scéal chuig Communications@GalwayCity.ie
#GalwayCityCouncil #GalwayCityYourCouncil