Tá Leabhar Comhbhróin in ómós do Bhilly Lawless, Saorfhear de chuid Chathair na Gaillimhe, oscailte i Halla na Cathrach i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, inniu (Dé Luain, an 11 Samhain 2024). D’oscail a Onóir, Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, an leabhar a bheidh ar fáil don phobal le teachtaireachtaí comhbhróin a bhreacadh ann.
Mar chomhartha ómóis, beidh Gnáthchruinniú Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Dé Luain, an 11 Samhain á thiomnú ina chuimhne do Bhilly Lawless. Cuirfear clár oibre an Ghnáthchruinnithe ar athló, faoi réir ag aontú na gComhairleoirí leis sin.
Ag cur comhbhróin in iúl dó, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane: “Thar ceann mhuintir Chathair na Gaillimhe, is mian liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir Bhilly Lawless, Saorfhear de chuid Chathair na Gaillimhe, agus Seanadóir tráth, a d’éag Déardaoin an 7 Samhain - go háirithe d’Anne, a bhean chéile, do John Paul, Amy, Clodagh agus Billy, a chlann, dá gcéilí sin agus do chlann a chlainne.
Bhí ról tábhachtach ag Billy Lawless, as Daingean ó dhúchas, i saol sibhialta, polaitíochta agus sóisialta Chathair na Gaillimhe, mar a bhí freisin i gCathair Chicago nuair a d’aistrigh sé ina chónaí ansin i rith na 1980idí.
Rinne Billy Lawless fónamh do mhuintir na hÉireann ina Sheanadóir idir na blianta 2016-2020, agus ar an gcuma chéanna sna Stáit Aontaithe, ina chrann seasta maidir le hathchóiriú ar chúrsaí inimirce agus cás 50,000 Éireannach gan cháipéisíocht a bhí ag maireachtáil i gcás idir eatarthu sna Stáit Aontaithe.
Ina Leas-Chathaoirleach dó ar Choiste Chomhchathracha na Gaillimhe agus Chicago, bhí ríthábhacht le Billy maidir leis an gcaidreamh Cónasctha idir Gaillimh agus Chicago a chothú agus treisiú le Gairdín na Beatha i mBóthar na Trá.
Rinneadh saoránach de chuid na Stát Aontaithe de i mí Iúil 2014 ach is Gaillimheach i gcónaí é - an 29ú Saorfhear de chuid na Cathrach, duine a rinne leas na cathrach i gcónaí agus duine dínn féin.
An tráth ar bronnadh stádas Shaorfhear de chuid Chathair na Gaillimhe air i mí Bealtaine 2015, labhair Billy faoina fhurasta a bhí feidhmiú ina ambasadóir ar son na Gaillimhe - faoi oibriú in éineacht lena athair ag tabhairt bainne ag bialanna agus óstáin, faoi iomramh suas agus anuas abhainn na Gaillimhe níos minice ná a d’fhanfadh i gcuimhne duine, faoi bhleán na mbó ar thailte an teaghlaigh trasna ó Chaisleán Mhionlaigh – saol simplí ina thús ach tá Billy le háireamh i measc dream beag daoine a raibh tionchar mór chun sochair acu ar an saol ina mairimid – é ar liosta Shaorfhear Chathair na Gaillimhe in éineacht le Dúghlas de hÍde, Éamon de Valera, Hilary Rodham Clinton, Micheál D. Ó hUiginn agus an tUachtarán John Fitzgerald Kennedy agus eile.
I rith na laethanta seo romhainn, beidh comóradh mar is ceart ar Bhilly Lawless mar gheall ar a ndearna sé i nGaillimh, in Éirinn agus i Chicago – glactar buíochas leat a Bhilly as do chuid díograise, do chuid dúthrachta dóibh siúd a bhí gan cáipéisí, agus do chuid dílse i gcónaí do mhuintir Chathair na Gaillimhe.
Ar dheis Dé go raibh a anam
Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane”
Beidh an Leabhar Comhbhróin ar oscailt go dtí 01.12.2024, agus tá sé ar fáil ar líne , agus i bhfoirm cruachóipe i Halla na Cathrach i rith na ngnáthuaireanta oscailte.