Community Recognition Fund 2024

Community Recognition Fund 2024

Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, trí Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, cuireadh do ghrúpaí pobail agus do chumainn áitiúla ar an Taobh Thoir de Chathair na Gaillimhe cur isteach ar chistiú caipitil faoin gCiste Aitheantais Pobail 2024.

Tá de chuspóir leis an gcistíocht seo cuidiú le gnéithe den bhonneagar agus áiseanna pobail a fhorbairt don phobal ar fad mar aitheantas ar an gcion tairbhe atá á dhéanamh ag comharsanachtaí ag cur fáilte roimh líon mór daoine as an Úcráin agus as tíortha eile agus ag cóiriú dóibh. 

€50,000 deontas i gcabhair is lú is féidir a cheadú maidir le haon tionscadal faoi leith agus tá uasmhéid deontais €300,000 i bhfeidhm. Is tionscadail chaipitil a mhaoineofar iad den chineál is féidir a thabhairt i gcrích i rith na mblianta 2025 agus 2026. Tograí a bheadh inghlactha:

  • Áiseanna pobail nó cultúir, áiseanna áitiúla cumainn agus spóirt, áiseanna scoile/paróiste a fhorbairt nó a athchóiriú
  • trealamh a cheannach do chlubanna, féilte, imeachtaí pobail agus eagraíochtaí pobail
  • gnéithe den bhonneagar iompair, mar shampla feithiclí pobail.

An dáta deireanach d’iarratais ar líne: Dé hAoine, an 29 Samhain 2024 ag 4.00 i.n.

Más mian leat iarratas ar líne a dhéanamh faoin gCiste Aitheantais Pobail, líon isteach freagraí anseo: www.galwaycity.ie/crf . Más mian leat fiosrú a dhéanamh maidir lena bhfuil thuas, seol teachtaireacht chuig candc@galwaycity.ie