Is cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Access for All Chathair na Gaillimhe, Fáilte Éireann, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, a fhógairt go bhfuil cúrsa oiliúna nua maidir le Feasacht ar Mhíchumas á sheoladh do ghnólachtaí a fheidhmíonn mar chuid de gheilleagar na hoíche sa chathair. Is gné seo de Phlean Gníomhaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Geilleagar na hOíche 2024-2025 agus é de chuspóir leis timpeallacht níos soicheallaí a chruthú do dhaoine atá faoi mhíchumas ionas go gcinntítear gur féidir leis an uile dhuine taitneamh a bhaint as saol bríomhar na hoíche i nGaillimh. Is é an cúrsa oiliúna seo an chéad cheann i sraith cúrsaí atá dírithe ar chúrsaí áisiúlachta agus lánpháirtíochta a fheabhsú maidir le geilleagar na hoíche.