DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Na Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Cinnidh - Bóthar na Trá Uachtarach (R-336)

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ndúnfar:

Bóthar na Trá  Uachtarach (R-336): Ó Túr na Carraige Dubhe go dtí Timpeallán Uí Dorchaí.

Tréimhse Dúnta: Ó 3.00i.n go dtí 10.00i.n, Dé Domhnaigh an 17ú Samhain 2024.

Cúis: Chun taispeántas mótarspórt a éascú.

Bealaí Malartacha: Cuirfear bealaí malartacha ar fáil don trácht, i bhfoirm bealaí atreoraithe ar chomharthaí. Beidh rochtain áitiúil ann an t-am ar fad. 

Document Upper Salthill Diversion Route Map.pdf (PDF, 926.73KB)

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Bóthar Bhaile an Rí, Bóthar Ard,  An Corrán agus Ascaill an Athar Uí Ghríofa.