Tá an phríomhdhuais bainte amach ag seirbhís tacaíochta do leanaí agus d’ógánaigh atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe i gcomórtas Mórtas Ceantair an IPB, ar fógraíodh na buaiteoirí ag searmanas bronnta gradaim in Óstan Hillgrove i Muineachán, oíche Dé Sathairn (2 Samhain 2024).
Mar bhuaiteoir iomlán ar chatagóir ‘Tionscnamh Pobail don Óige’ i gCathair ag an 22ú comórtas bliantúil, fuair Seirbhís Tacaíochta Méla HopeSpace, moladh as bearna ríthábhachtach a aithint agus an bhearna sin a líonadh. Cuireann HopeSpace seirbhís tacaíochta saor in aisce duine le duine ar fáil do leanaí 4 go 17 mbliana ar bhásaigh duine muinteartha leo agus a bhfuil sé deacair acu déileáil leis an méala sin.
Ainmníodh dhá Thionscadal eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe sa Dara hÁit ina gcatagóirí: compántas amharclannaíochta cáiliúil do leanaí Branar sa chatagóir ‘Pobail Ildánacha’ agus Cumann Áitritheoirí Mhuirlinne sa chatagóir ‘Comharsanacht Uirbeach os cionn 3,000’ lenar bhain iomaíocht ghéar.
Arna n-eagrú ag an gcarthanas do chothú na síochána, Comhoibriú Éireann, a ndéanann IPB Insurance urraíocht orthu, tugann na Gradaim Mórtais Ceantair ardán d’iarrachtaí eisceachtúla forbartha pobail ar fud oileán na hÉireann chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh orthu. Bíonn breis is 100 pobal ar an ngearrliosta do na gradaim, arb é an t-imeacht is mó in Éirinn é anois ina dtugtar aitheantas d’obair dheonach sa phobal. Is é an craoltóir, Brendan McArdle, a bhí ina fhear an tí ag searmanas bronnta na bliana seo.
Dúirt an Comhairleoir Mike Cubbard, a bhí ag déanamh ionadaíochta ar Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, “Thar ceann na gComhaltaí Tofa, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine a fuair ainmniúchán ar éirigh thar barr leo agus atá ag cur na cathrach i lár an aonaigh i gcomórtas na bliana seo. Roghnaíodh na daoine a bhí ainmnithe mar gheall ar an obair mhór a rinne siad agus mar gheall ar a ndíograis, a dteacht aniar agus a dtiomantas do na pobail a bhfuil siad ag freastal orthu. Is mian liom HopeSpace a lua go háirithe, a bhfuil an bua ina gcatagóir tuillte go maith acu. Cuireann foireann HopeSpace, foireann oibrithe deonacha sároilte agus tiomanta, cúram agus tacaíocht shaincheaptha ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga atá ag dul trí thréimhse atá thar a bheith deacair.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Bhí HopeSpace, Branar agus Cumann Áitritheoirí Mhuirlinne ainmnithe le páirt a ghlacadh i Mórtas Ceantair na bliana seo mar gheall ar an méid atá déanta acu ar mhaithe leis an bpobal áitiúil agus mar gheall go bhfuil údar mórtais ceantair cothaithe acu sna daoine ar a bhfuil siad ag freastal. Léirítear leis an gcomórtas seo an méid is fearr maidir lenár bpobal agus le heagraíochtaí deonacha agus chomh mór is atáimid faoi chomaoin acu mar gheall ar a n-iarrachtaí gan staonadh, a ndíograis agus a dtiomantas.”
Tar éis a bheith ainmnithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun bheith rannpháirteach i gcomórtas na bliana seo, thug moltóirí Mhórtas Ceantair an IPB cuairt ar na trí eagraíocht a bhí á n-iontráil ag an gComhairle Cathrach i mí Iúil tráth a ndearna grúpa ionadaithe cur i láthair foirmeálta roimh na turais óstála inar tugadh léiriú ar na gnéithe pobail agus ar na hiarrachtaí deonacha a bhfuil siad mórtasach astu.
Dúirt Fergal Cushen, comhordaitheoir Mhórtas Ceantair do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad orainn go rabhamar ábalta cúnamh a thabhairt do rannpháirtithe Ghradaim Mórtais Ceantair na bliana seo le roinnt míonna anuas. Is faoi aitheantas a thabhairt don obair thar na bearta, inspioráideach, gan staonadh a dtugann pobail áitiúla fúithi le háit níos fearr le maireachtáil ann a dhéanamh dá gceantar áitiúil agus ceiliúradh a dhéanamh air sin an comórtas seo. Tá rathúlacht rannpháirtithe na bliana 2024 tuillte go maith acu agus is léiriú é ar an obair leanúnach atá ar bun ar fud an phobail níos leithne i gCathair na Gaillimhe.”
Is seirbhís saor in aisce atá i HopeSpace atá lonnaithe sa Bhaile Bán ina dtugtar cluas éisteachta duine le duine do dhaoine óga a thagann chomh fada leo. Casann foireann oibrithe deonacha oilte le leanaí agus le daoine óga in aois 4-17 mbliana atá faoi bhrón mar gheall gur bhásaigh duine a raibh an-chion acu orthu agus tugtar cúnamh dóibh dul i ngleic leis an mbriseadh croí atá orthu.
Dúirt Cathleen Hartnett, CLG Cathaoirleach Bhord HopeSpace, “Mar eagraíocht nach bhfuil ar an bhfód ach ón mbliain seo caite, tá ríméad agus iontas orainn an gradam seo a bhaint amach. Táimid thar a bheith mórtasach as ár n-oibrithe deonacha a bhfuil tionchar suntasach agus dearfach acu ar shaol leanaí agus teaghlaigh a thagann chomh fada le HopeSpace. Téann an mhuinín atá ag tuismitheoirí agus ag teaghlaigh i HopeSpace i bhfeidhm go mór orainn freisin nuair a chuireann siad a gcuid leanaí faoinár gcúram. Tá sé mar mhisean againn seirbhís luath-idirghabhála a chur ar fáil a chuideoidh leis an ngá a bhíonn ag leanaí agus ag daoine óga le tacaíochtaí meabhairshláinte a rochtain san am i láthair nó níos deireanaí ina saol a laghdú. Cuideoidh buachan an ghradaim seo na seirbhísí a chuireann muid ar fáil a chur os comhair an phobail, agus, táimid dóchasach go spreagfaidh sé teaghlaigh a dteastaíonn HopeSpace uathu teacht chomh fada linn agus leas a bhaint as an tseirbhís seo atá saor in aisce. Táimid an-sásta freisin an bua seo a roinnt leis an iliomad deontóirí, cairde, sainchomhairleoirí agus gnólachtaí a bhíonn linn gach céim den bhealach. Tá a fhios acu cé hiad féin agus chomh tábhachtach is atá siad do sheirbhís HopeSpace.”
Cruthaíonn Branar, atá lonnaithe ar Bhóthar na Mine, eispéireas ealaíon iomlán do leanaí ar mhaithe lena samhlaíocht a spreagadh. Tá cáil bainte amach ag an eagraíocht as obair thar a bheith samhlaíoch agus álainn a chruthú a chuirtear i láthair go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ó mhí Eanáir 2022, tá 366 taibhléiriú de 12 seó curtha i láthair ag an bpobal ealaíontóirí agus tá siad feicthe ag breis is 26,000 lucht spéise i nGaillimh agus go náisiúnta. Tharraing obair na n-ealaíontóirí seo infheistíocht €1.2 milliún isteach le linn na tréimhse seo.
Bunaíodh Cumann Áitritheoirí Mhuirlinne, a tháinig sa dara háit i gcomórtas Mórtais Ceantair Chathair na Gaillimhe sa bhliain 2024. Chruthaigh bunú Mhol Pobail an Bhaile Bháin spás a fheidhmíonn mar áit chruinnithe don uile aoisghrúpa agus don uile chumas. D’eagraigh an cumann laethanta teaghlaigh go bliantúil freisin, tá forbairt déanta acu ar spás glas a chuimsíonn móinéir nádúrtha fiadhúlra agus crainn dhúchasacha, agus eagraíonn siad laethanta glantacháin ar fud an cheantair áitiúil.
Rinneadh píolótú ar Mhórtas Ceantair an chéad lá riamh i samhradh na bliana 2003 a bhuíochas do Co-operation Ireland, fóram a spreagann cur chuige straitéiseach agus inbhuanaithe i leith comhoibriú trasteorann. Féach www.PrideofPlace.ie le haghaidh tuilleadh eolais.