Is cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le ‘Access for All’ Chathair na Gaillimhe, Fáilte Éireann, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, a fhógairt go bhfuil cúrsa oiliúna nua maidir le Feasacht ar Mhíchumas á sheoladh do ghnólachtaí a fheidhmíonn mar chuid de gheilleagar na hoíche sa chathair. Is gné seo de Phlean Gníomhaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Geilleagar na hOíche 2024-2025 agus é de chuspóir leis timpeallacht níos soicheallaí a chruthú do dhaoine atá faoi mhíchumas ionas go gcinntítear gur féidir leis an uile dhuine taitneamh a bhaint as saol bríomhar na hoíche i nGaillimh. Is é an cúrsa oiliúna seo an chéad cheann i sraith cúrsaí atá dírithe ar chúrsaí áisiúlachta agus lánpháirtíochta a fheabhsú maidir le geilleagar na hoíche.
Beidh an chéad seisiún oiliúna ar siúl an 20 Samhain, ón 3 i.n. go dtí an 5 i.n. i Porter Shed a Dó, Sráid an Mhargaidh, Gaillimh. Leagtar amach an cúrsa oiliúna ionas go dtugtar an t-eolas agus na scileanna atá ag teastáil do ghnólachtaí chun go mbeidh siad ábalta caidreamh a chothú go misniúil le daoine faoi mhíchumas agus cóir a dhéanamh dóibh. Cuirtear lón comhairle agus léargais atá praiticiúil ar fáil sa chúrsa oiliúna a raibh saineolas de bhuntáiste le linn a chur le chéile ó dhaoine a bhfuil taithí saoil acu ar bheith faoi mhíchumas:
- Tuiscint ar na riachtanais éagsúla atá ag daoine faoi mhíchumas.
- Straitéisí éifeachtúla cumarsáide.
- Timpeallacht inrochtana a chruthú.
- Seirbhís shármhaith don chustaiméir a chur ar fáil atá cóiriúil don uile dhuine.
"is é leas an uile dhuine an geilleagar oíche a bheith cóiriúil don uile dhuine,” arsa Kate Howard, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairleoir maidir le Geilleagar na hOíche. “Cuireann an oiliúint seo ar chumas gnólachtaí freastal ar réimse custaiméirí níos leithne an tráth céanna a gcothaítear atmaisféar soicheallach ina mbraitheann an uile dhuine go bhfuil meas orthu. Trí na deacrachtaí agus na deiseanna a thuiscint, is féidir le gnólachtaí a gcuid córais oibre a mhúnlú roimh ré agus tairbhe a dhéanamh maidir le cathair níos bríomhaire agus níos cóiriúla don uile dhuine.”
Tá an cúrsa oiliúna seo ar fáil ag gach gnólacht i nGaillimh a fheidhmíonn i ngeilleagar na hoíche, tithe ósta, bialanna, clubanna oíche, amharclanna, poiblitheoirí agus ionaid cultúir san áireamh.
Chun breis eolais a fháil faoin gCúrsa Oiliúna maidir le Feasacht ar Mhíchumas agus clárú lena aghaidh; https://www.eventbrite.ie/e/disability-awareness-training-for-the-galway-night-time-economy-businesses-tickets-1056479942949?aff=oddtdtcreator