Cúig Ghradam den Bhratach Ghlas Bronnta ar Pháirceanna na Cathrach

Green Flag Awards

Tá cúig Ghradam mór le rá den Bhratach Ghlas bainte amach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Rannóg Oideachais Comhshaoil an Taisce a d’fhógair na gradaim inniu. Tugann Gradaim na Brataí Glaise aitheantas do na páirceanna agus na gairdíní poiblí is fearr in Éirinn. Bronnadh gradam ar Pháirc na gCúig Céad i mBóthar na Trá den chúigiú huair agus gradam arís eile, den séú bliain as a chéile go deimhin, ar Pháirc Leanaí na Mílaoise. Ghnóthaigh Páirc Uí Shúilleabháin i Muirbheach an Bhratach Ghlas den tríú huair. Cuireadh Páirc Uí Chinnéide ar an bhFaiche Mhór agus Páirc Foraoise Thír Oileáin leis an liosta páirceanna ar bronnadh gradam orthu i mbliana freisin, an chéad uair riamh a bhfuil an Bhratach Ghlas á bronnadh ar na páirceanna sin.

Comhartha sármhaitheasa idirnáisiúnta atá i nGradam na Brataí Glaise, agus bronnadh marcanna ar iarratasóirí i leith caighdeáin dhiana chomhshaoil maidir le spás glas a bhainistiú, agus sármhaitheas nithe is díol spéise do chuairteoirí. Déanann giúiré piaraí saineolaithe spáis ghlais moltóireacht ar na Gradaim gach bliain, a chuireann a gcuid ama ar fáil go deonach chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna iarratasóra agus iad a mheas in aghaidh ocht gcritéar dhiana, caighdeáin ghairneoireachta, glaineacht, inbhuanaitheacht, agus rannpháirtíocht an phobail ina measc.

Ag labhairt dó faoi na Gradaim, dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil aitheantas tugtha inniu don obair a dhéanann an fhoireann sa Rannóg Comhshaoil agus sa Rannóg Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta agus go bhfuil cúig Bhratach Ghlasa bronnta ar an gCathair – péire díobh sin á mbronnadh den chéad uair ar Pháirc Uí Chinnéide agus ar Pháirc Foraoise Thír Oileáin. Bíonn an fhoireann ag obair i gcaitheamh na bliana chun spásanna mealltacha a dhéanamh de na páirceanna seo le bheith ag spraoi, ag déanamh aclaíochta nó ag ligean scíthe iontu chomh maith le cúram a dhéanamh don bhithéagsúlacht agus an fiadhúlra a chosaint. Tá uasghrádú déanta ag an bhfoireann le bliain anuas ar an bpáirc spraoi i bPáirc Leanaí na Mílaoise, tá plandáil agus obair crann déanta ar an bhFaiche Mhór, plandáil nua déanta agus soilse nua feistithe i bPáirc Uí Shúilleabháin, cosáin nua feistithe agus tionscnaimh nua bhithéagsúlachta curtha i bhfeidhm i bPáirc Foraoise Thír Oileáin, uasghráduithe déanta ar Pháirc na gCúig Chéad mar aon le bruscar a bheith dá phiocadh suas ar bhonn laethúil. 

Bronnadh gradam idirnáisiúnta an Bhrait Uaine ar 120 páirc, gairdín, bealach glas agus tearmann fiadhúlra ar fud na tíre De hAoine seo caite 8 Samhain.

Is é Oideachas Comhshaoil an Taisce a bhronann an Brat Uaine sna fiche sé contae mar atá déanta aige ó 2016.  Is clár creidiúnaithe idirnáisiúnta neamhbhrabúis é Gradam an Bhrait Uaine a thugann aitheantas agus luach saothair do pháirceanna atá curtha in oiriúint go maith chomh maith le spásanna glasa.

Is féidir teacht ar eolas breise ar Bhratacha Glasa ag https://www.antaisce.org/green-flag-for-parks