An Mac Tíre ar ais ar an mBaile Bán

Artist Irene Naughton with her poem and mural

Tá an mac tíre ar ais i mBaile Bán le múrphictiúr nua á fheistiú ann mar ghné de thogra pobail i Sruthán Mhuirlinne ar an mBaile Bán. Sheol an togra ag ócáid ar an 13 Samhain 2024. Tá dhá shaothar filíochta le feiceáil sa mhúrphictiúr féin, ceann le Irene Naughton, an t-ealaíontóir a shaothraigh an múrphictiúr, agus an dara ceann le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil gradaim buaite aici, arb é an mac tíre deireanach i gCoillte Mhuirlinne is téama dó. Is togra é seo ar chuir an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola airgead ar fáil lena aghaidh.

Ag labhairt dó faoin togra, luaigh Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Togra comharoibre a bhí sa togra iontach seo i gcomhar leis an bpobal ar an mBaile Bán féin.  Ba mhian linn an mórtas cine agus an bród as a gceantar dúchais a léiriú le téamaí an mhúrphictiúir agus na ndánta. Luaigh muintir na háite gur áit é seo ina raibh go leor dumpála ar siúl – tá athrú curtha ar an áit leis an togra seo atá in áit an-fheiceálach – agus a tharraingíonn aird faoi leith ar na hathruithe chun tairbhe atá ar siúl ar an mBaile Bán.

Tá dhá shaothar filíochta le feiceáil ar an múrphictiúr (ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla ar phlaic), mar atá léiriú ar an mac tíre, carachtar sa dá dhán, chomh maith le réimse leathan de bhithéagsúlacht na háite, le haird a dhíriú ar na réimsí fairsinge bláthanna fiáine atá trasna an bhóthair. 

 Mar ghné den ócáid seolta, d’aithris Irene Naughton, an t-ealaíontóir, an dán Gaeilge le fear áitiúil, Tom Roddy.

Rinneadh an togra a fhorbairt i gcomhar le Cumann Áitritheoirí Chomharsanacht Mhuirlinne ar bronnadh an Dara hÁit orthu le gairid i nGradaim Mórtais Ceantair IPB. D’oibrigh daoine ón áit le Edward Conlon, Oifigeach Caidrimh Eastáit Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Fergal Cushen, an tOifigeach Feasachta Comhshaoil; Marcus Ó Conaire, an tOifigeach Gaeilge; Irene Naughton, ealaíontóir; agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file, ar fhorbairt an togra. 

Ealaíontóir de chuid an cheantair í Irene Naughton a bhfuil réadúlacht, ealaín sráide, ceardaíocht agus filíocht le háireamh ar a cuid réimsí spéise agus atá i mbun leabhar scéalaíochta do leanaí a scríobh faoi láthair. Beidh saothar ealaíne dá cuid ar taispeáint ag taispeántas na Nollag i ndánlann Mhuintir Uí Chionnaith. Tá saothar léi le feiceáil freisin in eastát an tSléibhe Rua in aice láimhe ó eagraíodh togra den chineál céanna ansin sa bhliain 2022. Féach ar www.facebook.com/inaughtonart.

File Gaeilge í Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhfuil gradaim buaite aici agus léitheoireacht déanta aici ag féilte i Nua-Eabhrac, i bPáras, i Montréal, i mBeirlín agus i mBaile an Fheirtéaraigh. Is iomaí gradam buaite aici, an O’Neill Poetry Prize sa bhliain 2012 ina measc mar gheall ar ‘Deireadh na Feide’. Bronnadh Gradam Mhichíl Uí Airtnéide uirthi sa bhliain 2016 mar gheall ar an leabhar ‘Tost agus Allagar’. Bronnadh Gradam Lawrence O’Shaughnessy uirthi freisin. Breis eolais www.ailbhenighearbhuigh.com