Slán Sábháilte - Feachtas trína moltar do Dhaoine a bheith Slán Sábháilte agus iad Amuigh san Oíche!

Safe and Sound Gaeilge poster

Tá Cathair na Gaillimhe páirteach i bhfeachtas ‘Slán Sábháilte’ d’fhonn iompar tairbheach agus meas ar dhaoine eile a chur chun cinn le linn taitneamh a bhaint as geilleagar na hoíche. Gairm chun gnímh atá san fheachtas ag cuairteoirí go Cathair na Gaillimhe agus ag muintir na cathrach féin taitneamh a bhaint as a mbíonn ar fáil tar éis a 6 i.n. i gcúrsaí amharclannaíochta agus spóirt, i dtithe tabhairne, i gcaiféanna, i bpictiúrlanna agus eile – an tráth céanna a mbíonn meas acu ar an timpeallacht agus ar a chéile. 

 

Cuireann teachtaireachtaí simplí de leithéid ‘Iarr do chuid cairde amach i do chuideachta, Iarr ar do chuid cairde iad féin a iompar mar is cóir’ agus ‘Ag dul amach le do chuid cairde uilig, Ag teacht abhaile le do chuid cairde uilig’ i gcuimhne do dhaoine aire a thabhairt dá chéile, agus ar lucht oibre gheilleagar na hoíche, agus ar lucht cónaithe agus ar phobail Chathair na Gaillimhe. 

 

Míníonn Kate Howard, Comhairleoir Gheilleagar na hOíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Spreagtar an uile dhuine leis an bhfeachtas seo le taitneamh a bhaint as geilleagar bríomhar na hoíche an tráth céanna a mbíonn siad airdeallach faoi dhaoine ina dtimpeall agus faoin bpobal i gcoitinne. Féachtar le meon tairbheach a chothú i leith shaol na hoíche i nGaillimh san am atá i ndán - is féidir a bheith cúramach agus sult a bhaint as an oíche an tráth céanna.  Táthar ag spreagadh daoine le bearta beaga simplí a dhéanamh ag coinneáil súil ar a chéile ionas go gcinntítear go mbíonn oíche thaitneamhach agus oíche shábháilte ag an uile dhuine - Má théann tú amach le cairde de do chuid, fan in éineacht agus tar ar ais abhaile le chéile; bíodh meas agat ar dhaoine eile agus ar na háiteanna a dtéitear chucu. Oícheanta taitneamhacha don uile dhuine, sin é is fiú a chruthú”. 

 

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD an feachtas Slán Sábháilte an tseachtain seo caite i naoi gcinn de bhailte agus de chathracha píolótacha Gheilleagar na hOíche (Cathair Chorcaí, Cathair na Gaillimhe, Cathair Bhaile Átha Cliath, Droichead Átha, Contae Lú, baile Shligigh, Bun Cranncha, baile an Longfoirt, Cathair Chill Chainnigh agus Cathair Luimnigh). 

 

Beidh an feachtas Slán Sábháilte á chur chun cinn ar na meáin shóisialta, ar an raidió agus ar phóstaeir ar champais coláistí agus i mbeáranna. 

 

Díríonn an feachtas, mar ghné de dhícheall an chomhair, ar aird agus ar thuiscint agus cuirtear i gcuimhne do dhaoine an tábhacht atá le meas ar a gcuid bailte móra agus cathracha, ionas go gcinntítear go mbíonn taitneamh le baint ag an uile dhuine i gcónaí as saol na hoíche. Más amach ar oíche siamsaíochta, dinnéar nó tráthnóna cuideachta atáthar ag dul, tá príomhtheachtaireacht an fheachtais simplí: bain taitneamh as an oíche ach bíodh meas agat ar dhaoine eile agus ar na háiteanna a dtéann tú.

 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas Slán Sábháilte, scríobh chuig Kate Howard, Comhairleoir Chathair na Gaillimhe maidir le Geilleagar na hOíche Kate.Howard@GalwayCity.ie