Tá sraith nua den phodchraoladh ‘Galway City – Your Council’ ar ais!
Sa chéad eagrán den tsraith nua, cloistear ó Thiarnan McCusker, Oifigeach Ghníomhaíocht an Phobail i leith na hAeráide.
Tá taithí leitheadach ag Tiarnan ar oibriú le leanaí agus le daoine óga a dhéanann beart fónta i leith na timpeallachta agus é ag feidhmiú ina Oifigeach Taistil Scoileanna Glasa agus ina Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Pléann Tiarnan agus Fergal athrú a chur ar an gcaint faoi chúrsaí Aeráide gur beartaíocht thairbheach chun cinn a bhíonn á plé (agus á déanamh) chomh maith le trácht ar roinnt de na tograí agus de na tionscnaimh maidir le cúrsaí Aeráide atá ar siúl faoi láthair ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Insíonn sé do Fergal cé mar a spreagadh a chuid suime i gcúrsaí comhshaoil, seachtain san áireamh a chaith sé ina dhéagóir i mbun saoirseachta faoin aer ar bhallaí cloiche i bhFear Manach le hOibrithe Deonacha Caomhnúcháin, chomh maith le staidéar a dhéanamh ar an Tíreolaíocht i Learpholl.
Is féidir cluas a thabhairt don tsraith cibé modh a dtapaíonn tú ábhar podchraoltóireachta nó sruthchraoladh a dhéanamh ar GalwayCity.ie/Podcast