Cead Pháirceála Cúramóra

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chead páirceála cúramóra?

Féadfaidh duine óna dteastaíonn cúram ina dteach cónaithe, agus a chónaíonn i limistéar Íoc agus Taispeáin, iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála Cúramóra.

Féadfaidh an duine a thagann ar cuairt nó a fhanann leis an gcónaitheoir chun cúram laethúil leanúnach a thabhairt mar gheall ar thinneas leighis an cead a úsáid.

Bíonn sealbhóir an Cheada Cúramóra i dteideal páirceáil saor in aisce agus gan teorainn ama sa limistéar páirceála diosca a thugtar le fios ar an diosca.

 

Céard é an próiseas iarratais chun cead páirceála cúramóra a fháil?

An Próiseas Iarratais:

Íoslódáil agus comhlánaigh foirm iarratais i gcomhair cead páirceála cúramóra.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.

 

Ba cheart táille €10 a íoc leis an gComhairle tar éis go bhfaomhtar d’iarratas.

Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:

An Rannán Tráchta,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh

Bíonn Cead Páirceála Cúramóra bailí ar feadh bliain amháin.

 

Cén chaoi a ndéanfaidh mé athnuachan ar Chead Páirceála Cúramóra?

Íoslódáil agus comhlánaigh foirm iarratais i gcomhair cead páirceála cúramóra agus roghnaigh “Cead a Athnuachan”.

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh mar aon leis na cáipéisí seo a leanas.

Caithfear an táille chun cead páirceála Cúramóra a athnuachan (€10) a íoc le
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh